Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Éire chun soláthairtí atá ag teastáil go géar a sheoladh chuig daoine san Iaráic

Minister Joe Costello, Cúnamh Éireann, Preas Ráiteas, An Meánoirthear agus An Afraic Thuaidh, 2014

 

D’fhógair an tAire Trádála agus Forbartha, Joe Costello TD, go seolfaidh Éire pluideanna, trealamh cistine, cannaí breosla, agus soláthairtí dídine do dhaoine atá curtha as áit ag an bhforéigean le déanaí san Iaráic.

Tá an t-aeraistriú, arbh fiú €220,000 é, á sheoladh ó Iosta Freagartha Daonnúil na NA i Dubai áit a réamh-ullmhaíonn Cúnamh Éireann soláthairtí le húsáid in éigeandálacha domhanda. Déanfaidh GOAL, a fuair €200,000 ón Rialtas le déanaí chun faoiseamh éigeandála a chur ar fáil do na daoine is leochailí atá curtha as áit i nGobharnóireacht Ninewa i dTuaisceart na hIaráice, an stoc a dháileadh.

D’fhógair an tAire Costello freisin leithroinnt de €75,000 do Christian Aid Ireland, a úsáidfear chun bia agus nithe neamhbhia riachtanacha a sholáthar do dhaoine atá curtha as áit sa tír agus a gcuireann an foréigean isteach orthu. Tá láithreacht seanbhunaithe ag Christian Aid Ireland mar aon le comhpháirtíocht láidir le trí eagraíocht áitiúil i dTuaisceart na hIaráice agus díríonn siad go mór ar mhná agus cailíní a chosaint.

Tá iarmhairtí tromchúiseacha ag an bhforéigean atáimid ag feiceáil ar na céadta mílte leanaí, mná agus fir atá leochaileach cheana féin. Tá contúirt ann go n-imreofar tionchar níos mó is níos measa ar na daoine atá curtha as áit sa tír sna seachtainí amach romhainn.

Mar gheall ar na hiarmhairtí daonnúla dona atá ag baint leis an staid slándála atá ag fáil níos measa san Iaráic, cheadaigh mé cúnamh breise i bhfoirm míreanna faoisimh riachtanacha agus maoiniú chun tacú le riachtanais éigeandála práinneacha na dteaghlach leochaileach atá curtha as áit ag an trodaíocht le déanaí, arbh mná agus leanaí a bhformhór.

“Iarraim arís ar gach duine atá páirteach san easaontas reatha meas a léiriú ar an nDlí Idirnáisiúnta Daonnúil, lena chinntiú go ndéantar sibhialtaigh a chosaint, agus go mbeidh rochtain shábháilte agus éasca ar ghníomhaireachtaí daonnúla agus freisin chun slí shábháilte a chinntiú do na daoine sin atá ag imeacht ó áiteanna ina bhfuil trodaíocht.”

 

An Phreasoifig

29 Meitheamh 2014

 

Nótaí don Eagarthóir:

  • Is clár cúnaimh forbartha thar lear an Rialtais é Cúnamh Éireann. An Rannán Comhoibrithe Forbartha de chuid na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála a dhéanann bainistiú air. Chun tuilleadh eolais a fháil féach www.irishaid.ie.
  • Tá an choinbhleacht armtha mhór ag éirí níos measa, agus tá beagnach 2 mhilliún duine curtha as áit laistigh den Iaráic cheana féin, beagnach 1 mhilliún díobh sin curtha as áit ó Eanáir 2014, ina measc thart ar 500,000 duine a cuireadh as áit ó Chathair Mosul agus ó áiteanna mórthimpeall agus thart ar 480,000 breise a d’éalaigh ón trodaíocht i nGobharnóireacht Anbar ó thús na bliana.
  • Tríd a Thionscnamh Mearfhreagartha, bhunaigh Cúnamh Éireann comhpháirtíocht straitéiseach leis an gClár Bia Domhanda, a dhéanann bainistiú ar Líonra Iosta Freagartha Daonnúil na NA (UNHRD). Coinníonn an Líonra stoc-charn de soláthairtí daonnúla éigeandála i gcúig mhol ar fud an domhain. Tá na moil i Accra, Brindisi, Dubai, Panama agus Subang.
  • Leis an bhfógra seo, is ionann ranníocaíocht iomlán na hÉireann chuig an gclár daonnúil san Iaráic don tréimhse 2006-2014 agus beagán os cionn €13.5 milliún.
  • Leis an maoiniú a fógraíodh inniu, is ionann ranníocaíocht na hÉireann chuig an Iaráic in 2014 agus €655,000.
  • Sa bhreis air sin, tá Éire go mór chun tosaigh sa bhfreagairt idirnáisiúnta ar ghéarchéim na dteifeach i Siria, agus ar bhonn per capita tá Éire ar cheann de na bronntóirí is flaithiúla ó thaobh chúnamh daonnúil éigeandála. Ag an Dara Chomhdháil Idirnáisiúnta um Ghealltanais Dhaonnúla don Siria agus an réigiún, gheall Éire €12 mhilliún breise agus tá an gealltanas sáraithe aici cheana féin, ag tabhairt ár dtiomantas maoinithe foriomlán sa tréimhse 2011 go 2014 go dtí €28,011 milliún.