Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Éilíonn an tAire cur chuige cuimsitheach ón AE ar ghéarchéimeanna

Slándáil, Cearta an Duine, Preas Ráiteas, An Afraic, An Eoraip, Éireann, 2014

 

D’iarr an tAire Trádála agus Forbartha, Joe Costello, TD, ar an Aontas Eorpach dul chun cinn a dhéanamh ar chur chuige cuimsitheach maidir le déileáil leis na géarchéimeanna leanúnacha polaitiúla, slándála agus forbartha sa tSúdáin Theas agus i bPoblacht na hAfraice Láir a fheidhmiú.

Ag labhairt dó roimh chruinniú Chomhairle Gnóthaí Eachtracha an AE d’Airí Forbartha sa Bhruiséil inniu dúirt an tAire Costello:

“Tá imní mhór ar Éirinn maidir le dul chun donais leanúnach na gcúinsí daonnúla sa tSúdáin Theas agus i bPoblacht na hAfraice Láir. Ní féidir glacadh le tionchar an fhoréigin ar na pobail shibhialtacha sa dá thír.

“Léiríonn géarchéimeanna mar iad siúd sa tSúdáin Theas agus i bPoblacht na hAfraice Láir go soiléir an gá atá ann a chinntiú go ndéantar cúnamh forbartha chuig tíortha leochaileacha a bhfuil an choimhlint imithe i bhfeidhm orthu, a sheachadadh mar chuid de phacáiste níos leithne lena n-áirítear bearta leis an gcobhsaíocht a chomhdhlúthú agus coimhlintí ag teacht i réim an athuair a chosc.”

Ag an gComhairle, déanfaidh Airí athbhreithniú ar dhul chun cinn na hidirbheartaíochta ag na Náisiúin Aontaithe i Nua Eabhrac ar shraith spriocanna forbartha idirnáisiúnta le cur in áit Spriocanna Forbartha na Mílaoise a dtiocfaidh deireadh leo in 2015. Shocraigh Uachtaránacht AE na hÉireann anuraidh cur chuige an AE maidir leis an idirbheartaíocht seo, agus leanann Éire uirthi ról tosaíochta a bheith aici sna pléití i Nua Eabhrac ag tarraingt ar Chruinniú Mullaigh Idirnáisiúnta a thionólfar ag na Náisiúin Aontaithe san Fhómhar, 2015.

 

CRÍOCH

An Phreasoifig

19 Bealtaine 2014