Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Déanann na mílte Lá na hAfraice a cheiliúradh i mBaile Átha Cliath

 

Chuir an tAire Trádála agus Forbartha, Joe Costello TD, agus an tAmbasadóir Anas Khales ó Ríocht Mharacó, fáilte inniu roimh na mílte chuig lá spraoi don teaghlach, saor in aisce, in Eastát Farmleigh i mBaile Átha Cliath don seachtú ceiliúradh ar Lá na hAfraice in Éirinn.

Bhain teaghlaigh agus leantóirí ceoil taitneamh as taispeántas de cheol, de bhia agus de chultúr na hAfraice, lenar áiríodh ceolchoirmeacha ar thrí stáitse, taispeántais damhsa agus drumadóireachta agus áit spraoi do leanaí le péinteáil aghaidhe agus cluichí.

Is ar an 25 Bealtaine a thiteann Lá na hAfraice gach bliain agus déantar é a cheiliúradh go hidirnáisiúnta le héagsúlacht agus rathúlacht na hAfraice a chomóradh, maraon le cumas cultúrtha agus eacnamaíochta na mór-roinne sin.

Ag labhairt do roimh an oscailt dúirt an tAire Costello:

“Is deis iontach é ceiliúradh Lá na hAfraice an deireadh seachtaine seo do phobail Éireannacha agus Afracacha cultúir agus traidisiúin na hAfraice a cheiliúradh agus machnamh a dhéanamh ar an gcaidreamh eadrainn atá ag dul in aibíocht agus atá dírithe níos mó agus níos mó ar an bpolaitíocht, ar an daonlathas agus ar thrádáil.

“Is é ‘Comhpháirtithe um Fhás’ téama Lá na hAfraice 2014. Is bunghné dár gcomh-rathúlacht é comhpháirtíochtaí spriocdhírithe le Rialtais agus le pobail a neartú i raon tíortha difriúla san Afraic.”

Tá clár iomlán d’imeachtaí Lá na hAfraice ar fáil ag www.africaday.ie

 

An Phreasoifig

25 Bealtaine 2014

 

Nóta d’Eagarthóirí

  • Tugann Cúnamh Éireann, clár an Rialtais don fhorbairt thar lear, tacaíocht do Lá na hAfraice. Is í an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála a dhéanann bainistiú air.
  • An tAmbasadóir Khales atá ina Dhéan ar Chór Taidhleoireachta na hAfraice – an t-ambasadóir Afracach is faide ag fónamh i mBaile Átha Cliath.
  • Is é Lá na hAfraice ar 25 Bealtaine lá oifigiúil an Aontais Afracaigh agus ceiliúrann sé Aontas na hAfraice. Is é ‘Comhpháirtithe um Fhás’ téama oifigiúil 2014. Déantar an 51ú comóradh de bhunú an Aontais Afracaigh a cheiliúradh i mbliana.
  • Bhí Cúnamh Éireann gníomhach i dtacaíocht a thabhairt do Lá na hAfraice agus á chur chun cinn ó 2008.  I mbliana tá an príomhfhócas ar thacaíocht do ghrúpaí pobail agus do thionscnaimh chultúrtha agus oideachasúla.