Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Cuireann na hAirí Fáilte roimh Dhul Chun Cinn ar Leasú Inimirce na S.A.

Aire Stáit Jimmy Deenihan, Minister Charles Flanagan, Éireannaigh thar lear, Preas Ráiteas, Meiriceá Thuaidh, 2014

 

Chuir an tAire Gnóthaí Eachtracha & Trádála, Charlie Flanagan T.D., agus an tAire don Diaspóra, Jimmy Deenihan T.D., fáilte ar maidin roimh fhógra an Uachtaráin Obama faoi athruithe ar chóras inimirce na S.A.

Ar feitheamh le réitigh níos cuimsithí i bhfoirm ghnímh reachtaigh de chuid na Comhdhála, dúirt na hAirí gur bhreathnaíodar ar bhearta an Uachtaráin mar chéad chéim chun cinn a rachfadh chun leasa saolta cuid mhór inimirceach.

Bhí an méid seo le rá ag an Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Charlie Flanagan T.D., a raibh caidreamh díreach aige le 8 seachtain anuas le daoine mór le rá sna SA mar an Leas-Uachtarán Biden, an Rúnaí Stáit Kerry agus Ceann Foirne an Tí Bháin:

“Léiríonn imeachtaí an lae inniu fíor-dhul chun cinn, cé go bhfuil céimeanna tábhachtacha eile le baint amach go fóill. Tá mé sásta go bhfuil toradh tosaithe ag teacht ar iarrachtaí gan staonadh an Rialtais agus ár misean taidhleoireachta sna S.A. Léiríodh iad i dtoradh ar chóir dó difríocht a dhéanamh do na mílte dár saoránaigh gan cáipéisí inimirce ansin.

Ag an am céanna ní bheidh an Rialtas bogásach ar aon bhealach. Tá daoine ann nach mbainfidh leas as na socruithe nua seo agus leanfaimid orainn ag déanamh cás ar a son. Tar éis dúinn anois mionsonraí na mbeart a d’fhógair an tUachtarán Obama a fháil, déanfaimid iad a scrúdú go mion d’fhonn a chinntiú go mbainfidh oiread náisiúnach Éireannacha agus is féidir tairbhe as a bhfeidhmiú. Déanfaimid é seo, mar a rinneamar ar feadh an ama, i gcomhpháirt leis na sár-ionaid inimirce Éireannacha sna S.A. a dtabharfaidh mo Roinn tacaíocht dá gcuid oibre i gcónaí.

Maidir leis na chéad chéimeanna eile, is léir dom, mar a léirigh an tUachtarán Obama féin, ó thaobh leasaithe inimirce de, nach bhfuil sárú ar ghníomh reachtach ón gComhdháil. Cinnteoidh mé tríd ár nAmbasáid agus ár gConsalachtaí sna S.A., agus trí theagmhálacha polaitiúla díreacha le gach taobh sa Chomhdháil, go leanfaidh an Rialtas ag obair le tuilleadh céimeanna a spreagadh a léireoidh imní agus riachtanais na nÉireannach gan cáipéisí inimirce mar aon le cainéil fheabhsaithe don imirce dleathach idir Éirinn agus Meiriceá a chinntiú."

Agus é san Astráil faoi láthair le naisc thrádála agus an diaspóra a spreagadh, dúirt an tAire don Diaspóra, Jimmy Deenihan T.D.:

"Thug mé cuairt ar na Stáit Aontaithe i rith na coicíse atá caite tráth a raibh caidreamh díreach agam le cuid mhór dár saoránaigh gan cáipéisí inimirce agus chuala mé uathu faoi chomh deacair agus atá cúrsaí faoi láthair. Tá súil agam go dtabharfaidh na bearta seo dóchas as an nua do chuid mhór acu agus dá dteaghlaigh ina n-iarrachtaí a stádas a thabhairt chun rialtachta. Tá tuilleadh oibre fós le déanamh ach is tús maith iad na hathruithe a fógraíodh thar oíche.

Beidh príomhról ag ionaid inimirce Éireannacha ar fud na Stát Aontaithe, a fhaigheann maoiniú ó Chlár Tacaíochta Eisimirceach Rialtas na hÉireann, i gcomhairle agus i gcúnamh a chur ar fáil ina leith seo. Oibreoidh ár nAmbasáid agus ár gConsalachtaí go han-dlúth leis na hionaid thar na seachtainí atá romhainn.”

 

CRÍOCH

An Phreas-Oifig
21 Samhain 2014

 

Nótaí d’Eagarthóirí

  1. Is féidir tuilleadh mionsonraithe a fháil maidir le fógra an Uachtaráin Obama ar láithreán gréasáin an Ti Bháin anseo agus ar cheann Roinn Slándála Dúiche na S.A.
  2. Oibríonn Ambasáid na hÉireann i Washington, faoi cheannaireacht an Ambasadóra Anne Anderson, go dlúth le sé Chonsalacht Ghinearálta na hÉireann ar fud na Stát Aontaithe. Oibríonn an Ambasáid agus na Consalachtaí láimh ar láimh le hionaid inimirce Éireannacha ar láithreacha éagsúla ar bhonn laethúil. Tugtar cúnamh airgid díreach (€1.29 milliún in 2014) do na hionaid seo freisin ó Chlár Tacaíochta Eisimirceach an Rialtais. Moltar do dhaoine nó do theaghlaigh a bhfuil ceisteanna acu faoi na bearta seo dul i dteagmháil leis na hionaid seo ar féidir liosta díobh a fháil anseo.