Aitheantas d’Éireannaigh thar lear ag searmanas Ghradaim Sheirbhís Oirirce an Uachtaráin 2014
30/10/14
I measc na n-aíonna ar bronnadh Gradam Sheirbhís Oirirce an Uachtaráin 2014 orthu ag searmanas in Áras an Uachtaráin tráthnóna inniu, bhí an t-aisteoir Fionnula Flanagan, príomh-státseirbhíseach de chuid an AE, Catherine Day, an t-údar Thomas Keneally agus an foilsitheoir agus an gníomhaí Gael-Mheiriceánach Niall O’Dowd.
Tugann Gradam Sheirbhís Oirirce an Uachtaráin onóir do shaothar daoine eisceachtúla a chuidíonn le hÉirinn agus le pobail na nÉireannach thar lear. Bhronn an tUachtarán Higgins gradaim 2014, ag searmanas ina raibh an Taoiseach Enda Kenny, Joan Burton, an tAire do Ghnóthaí Eachtracha agus Trádála, Charlie Flanagan, agus an tAire don Diaspóra, Jimmy Deenihan, T.D. i láthair.
Ag labhairt ag an ócáid tráthnóna, dúirt an tAire Flanagan:
‘Anocht, tugaimid aitheantas do dheichniúr ban agus fear a bhfuil a gcuid oibre, atá neamhleithleach agus paiseanta, mar údar tairbhe do mhuintir na hÉireann, dár bpobail agus don náisiún i gcoitinne. Ní lorgaíonn na daoine seo aitheantas uainn riamh ach, anocht, tugaimid aitheantas dá ndianiarrachtaí a sholáthair seirbhís iontach dár náisiún agus a chuidigh lenár gcáil a chur chun cinn ar fud na cruinne’.
‘Dhá bhliain ó shin, chuir an Rialtas tús le Gradaim Sheirbhís Oirirce an Uachtaráin, do mhuintir na hÉireann a mhaireann thar lear, chun aitheantas foirmiúil a thabhairt do chuid de na daoine a bhfuil saoránacht na hÉireann acu nó ar de bhunadh na hÉireann iad, daoine a chuidigh go mór le hÉirinn nó le pobail na nÉireannach thar lear’.
Dúirt Aire Stáit an Diaspóra, Jimmy Deenihan, T.D.:
‘Anocht, táimid ag ceiliúradh éagsúlacht an teaghlaigh Éireannaigh dhomhanda. I measc an deichniúir seo a bhfuil dámhachtain á fáil acu, tá éagsúlacht ina n-éachtaí, ina ngairmeacha agus ina ndearcthaí, is dócha. Ach, chomh fada is a bhaineann le hÉirinn, táimid uile ar an dearcadh céanna. Tá na faighteoirí ag iarraidh a ndícheall a dhéanamh d’Éirinn – don tír bheag seo a bhfuil náisiún domhanda aici. Agus tá Éire ag iarraidh go mbeidh an barr ag gach duine de na faighteoirí, agus ag ár nDiaspóra ar fad’.
Tá faighteoirí Ghradaim Sheirbhís Oirirce an Uachtaráin 2014, a d’eagraigh an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, mar a leanas:
Ealaíona, Cultúr agus Spórt
- Fionnula Flanagan (SAM)
- Thomas Keneally (an Astráil)
Oibreacha Carthanacha
- An tAth. PJ McGlinchey (an Chóiré)
Gnó agus Oideachas
- Jim Flaherty (éagtha, Ceanada)
- Catherine Day (EC)
- Colm McLoughlin (UAE)
Tacaíocht Phobail na nÉireannach
- Mary Allen (an Bhreatain)
- Avril Conroy (an Rúis)
Síocháin, Réiteach agus Forbairt
- Niall O’Dowd (SAM)
- Kevin Cahill (SAM)
Amárach, osclóidh an tAire Deenihan go hoifigiúil Fóram ollmhór maidir leis an Diaspóra Domhanda agus Forbairt, arna chur i láthair ag Institiúid Clinton, Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath, le tacaíocht ó Chúnamh Éireann, agus ina ndéanfar foirmeacha agus feidhmeanna diaspóra i gcleachtas forbartha a phlé.
CRÍOCH
An Phreasoifig
30 Deireadh Fómhair 2014