Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

An tAire Sherlock ag taisteal go Sierra Leone chun an freagra ar an ráig Ebola a mheas

 

Is é an chéad Aire Eorpach é a thabharfaidh cuairt ar an réigiún ó bhris an ráig amach.

 

Tá an tAire d’Fhorbairt, do Chur Chun Cinn Trádála agus Comhoibriú Thuaidh Theas, Seán Sherlock, TD, ag taisteal inniu (1ú Deireadh Fómhair) go Sierra Leone chun amharc a fháil dó féin ar thionchar na géarchéime Ebola agus chun an tionchar atá ag an mbreis is €1 milliún maoiniú atá curtha ar fáil ag Éirinn go dtí seo, a mheas.

Casfaidh an tAire Sherlock ar oibrithe cabhrach ar an líne tosaigh ó na heagraíochtaí Goal, Concern, An Chros Dhearg agus Médecins Sans Frontières, chomh maith le foireann oibre thábhachtach ó na Náisiúin Aontaithe agus ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte.

Casfaidh sé freisin ar Uachtarán Sierra Leone, Ernest Bai Koroma, agus ar ionadaithe Rialtais chun a bhfreagra ar an ngéarchéim a phlé agus chun an tacaíocht atá á cur ar fáil ag an bpobal idirnáisiúnta a phlé freisin.

Is é an chéad Aire Eorpach é a thabharfaidh cuairt ar Sierra Leone ó bhris an ráig Ebola amach.

Tabharfaidh an tAire Sherlock cuairt ar ionad freagartha géarchéime Ebola agus ar ionad dáilte do sholáthairtí atá de dhíth go géar agus a bhíonn á seoladh ag Cúnamh Éireann.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Sherlock agus é ar a bhealach go Freetown:

“Tá an-imní i gcónaí orm faoin gcás in Iarthar na hAfraice, go háirithe in Sierra Leone, sa Libéir agus sa Ghuine. Tá mé ag iarraidh an deis seo a ghlacadh chun mo bhuíochas a chur in iúl do phobal na hÉireann a bhí chomh flaithiúil sin sa ghéarchéim seo.

"Tabharfaidh mo chuairt an tseachtain seo deis dom dlúthpháirtíocht mhuintir na hÉireann a roinnt leo sin is measa atá buailte agus an freagra atá ag an Rialtas in Freetown ar an ngéarchéim a mheas dom féin chomh maith le hobair an phobail idirnáisiúnta.

“Sholáthair Cúnamh Éireann os cionn €1milliún i maoiniú ó thosaigh an ghéarchéim seo chun soláthairtí cothaitheach a sholáthar do leanaí chomh maith le pluideanna, pubaill, líonta muiscítí agus tancanna uisce a raibh géarghá leo. Tá bearta praiticiúla ann chun iarracht a dhéanamh an víreas a stopadh agus cóireáil a thabhairt do na daoine tinn.

“Tuairiscítear go bhfuil os cionn 5,800 duine buailte ag an víreas agus tá foláireamh tugtha ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte go mbeidh ardú ollmhór ar líon na gcásanna sna míonna beaga atá amach romhainn. Tá sé ríthábhachtach go ndéanfadh an pobal idirnáisiúnta gach is féidir leo chun cuidiú le seirbhísí sláinte sna tíortha ina bhfuil an víreas agus iad ag troid i gcoinne na haicíde forleata seo,” a deir an tAire Sherlock freisin.

 

CRÍOCH

Preasoifig
1 Deireadh Fómhair 2014

 

Nótaí d’Eagarthóirí:

  • Is ionann Cúnamh Éireann agus clár cúnaimh thar lear an Rialtais. Bainistíonn an Rannán Comhoibrithe Forbartha sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála é. Chun tuilleadh eolais a fháil féach www.irishaid.ie
  • Thosaigh ráig den Ebola san Ghuine i mí an Mhárta 2014 agus as sin scaip go tapa go dtí an Libéir, Sierra Leone, an Nigéir agus le déanaí go dtí Senegal. D’fhógair WHO gur Éigeandáil Sláinte Poiblí a bhí ann agus gur ábhar buartha Idirnáisiúnta é.
  • Go dtí seo, sholáthair Éire maoiniú €1 milliún d’eagraíochtaí atá ag obair ar fhreagra ar an víreas Ebola in Sierra Leone agus san Libéir.
  • Áirítear leis sin €600,000 do UNICEF agus €350,000 do Concern (€85,100), Goal (€80,000), World Vision Ireland (€40,000), International Rescue Committee (€100,000), Ministry of Health and Social Welfare Liberia (€44,350) chun tacú lena gclár pobalbhunaithe a thabharfaidh ar aird tolg agus cosc an ghalair agus cuidiú chun nach scaipfear é.
  • Scaip Cúnamh Éireann luach 42 tona de threalamh praiticiúil lena n-áirítear pluideanna, tarpól, pubaill, líonta muiscítí, gallúnach, cannaí breosla agus tancanna uisce.
  • Sholáthair an Ciste Start €350,000 eile, is ionann sin agus meicníocht de mhaoiniú i gcomhar idir Eagraíochtaí Neamhrialtasacha a fhaigheann tacaíocht in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe.
  • Is comhpháirtí tábhachtach d’Éirinn í Sierra Leone agus b'ionann cúnamh cláir déthaobhach ó Éirinn go Sierra Leone agus €3.9 milliún in 2013, caitheadh os cionn €2m ar chláir sláinte agus cothaithe.
  • Is comhpháirtí í an Libéir d’Éirinn freisin agus seoladh luach €5.6 milliún de chúnamh cláir déthaobhach go dtí an Libéir as Éirinn in 2013. Bítear ag díriú go mór ar sheirbhísí cúraim sláinte príomha bunúsach a threisiú.
  • Sa bhreis ar chúnamh déthaobhach, soláthraíonn Éirinn maoiniú de thart ar €6.8 milliún sa bhliain do chúnamh forbartha san fhadtéarma d'Eagraíochtaí Neamhrialtasacha, mar aon le misinéirí na hÉireann, in Sierra Leone, san Libéir agus san Ghuine. Tacaíonn sé sin le cláir sna réimsí a leanas; sláinte, bia agus slí mhaireachtála, oideachais agus cearta an duine.
  • Cuidíonn Éirinn freisin trí acmhainní daonna – chuir an Roinn Sláinte beirt speisialtóirí sláinte poiblí chun oibriú le WHO chun cuidiú le hiarrachtaí san Libéir agus san Nigéir.