Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Fáiltíonn roimh thiomantas an Rialtais don domhan atá i mbéal forbartha

 

Fáiltíonn an tAire Flanagan agus an tAire Sherlock roimh thiomantas an Rialtais don domhan atá i mbéal forbartha: níl aon laghdú sa bhuiséad cúnaimh do 2015

Tá fáilte curtha ag an Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Charles Flanagan, TD agus ag an Aire Stáit d’Fhorbairt, Trádáil agus Chomhar Thuaidh Theas, Seán Sherlock TD, roimh an gcinneadh gan laghdú a dhéanamh ar an mbuiséad do chúnamh oifigiúil forbartha (ODA), don chéad uair le sé bliana.

Dúirt an tAire Flanagan, agus é ag cur béime ar thiomantas láidir an Rialtais do chomhrac na bochtaineachta agus an ocrais dhomhanda trí Chúnamh Éireann:

“Tá ár dtiomantas léirithe againn inniu trí chosaint a dhéanamh ar an mbuiséad don chlár cúnaimh agus trína chinntiú nach mbeidh aon chiorruithe eile ann. Tá díreach os cionn €600 milliún leithdháilte ag an Rialtas do chúnamh forbartha thar lear. Meastar go bhfuil ár gclár ODA ar cheann de na cinn is fearr sa domhan agus beidh an t-airgead seo ar fad leithdháilte go cúramach chun cuidiú leo siúd is mó atá faoi ghanntanas a thabhairt ón mbochtaineacht. Léiríonn leithdháileadh an Bhuiséid dúthracht iontach mhuintir na hÉireann do chúnamh a thabhairt dóibh siúd nach bhfuil chomh maith as is atáimid féin, agus atá ag tabhairt aghaidh go laethúil ar ghéarchéim uafásach na bochtaineachta, an ocrais agus an ghalair.

“Tá cúnamh daonnúil ina bhunchloch de bheartas gnóthaí eachtracha na hÉireann. Le déanaí, tá béim curtha ar thábhacht ár gcláir chúnaimh ag an méid cúnaimh atá tugtha againn do na géarchéimeanna daonnúla i nGaza, i dTuaisceart na hIaráice, sa tSúdáin Theas agus in Oirthear na hAfraice chun fóirithint ar dhaoine atá in anchaoi. Cuirfidh an leibhéal maoinithe seo ar chumas na hÉireann leanúint ar aghaidh sa ról chriticiúil atá aici i gcuid de na géarchéimeanna is práinní atá feicthe againn leis na cianta.

“Tá suas le €14 milliún curtha ar fáil againn i mbliana d’íospartaigh na coimhlinte uafásaí sa tSiria agus sa réigiún máguaird. Cuirimid €10 milliún in aghaidh na bliana ar fáil chun tacú le muintir na Palaistíne agus ar an Domhnach seo caite, gheall mé €2.5 milliún d’atógáil Ghaza ag comhdháil idirnáisiúnta i gCaireo.

“Is ceann de líon beag tíortha Eorpacha sinn a bhfuil Ambasáid againn i Siarra Leon, tír atá i gcomhpháirt linn faoin gclár cúnaimh. Tríd an gclár Cúnamh Éireann agus an maoiniú ar Eagraíochtaí Neamhrialtasacha atá ag obair in Oirthear na hAfraice, táimid faoi láthair ag soláthar os cionn €16 mhilliún mar chabhair do Siarra Leon agus don Libéir. Tá a lán den mhaoiniú seo dírithe ar chórais sláinte a neartú, ach tá sé ag cuidiú freisin chun troid in aghaidh Ebola.”

Chuir an tAire Sherlock in iúl go bhfuil aitheantas idirnáisiúnta faighte ag Éirinn as ucht cobhsú ginearálta a dhéanamh ar an mbuiséad cúnaimh thar na trí bliana seo caite. Dúirt sé:

“Neartóidh an cinneadh a rinneadh inniu a chinntiú nach mbeidh aon laghdú ar ár ODA in 2015 guth na hÉireann go hidirnáisiúnta agus cinnteoidh sé go mbeidh ar ár gcumas ár gcuid a dhéanamh sa gcomhrac chun deireadh a chur le hocras agus bochtaineacht agus go mbeimid in ann aghaidh a thabhairt ar an bhfulaingt atá ag tarlú de bharr líon na ngéarchéimeanna, nach raibh an oiread dóibh riamh cheana ar fud an domhain.

“Is comhartha láidir dár dtacaíocht don phobal idirnáisiúnta é an méadú ar an airgead a chuireann Éire ar fáil do chúnamh thar lear. Tá an tionchar atá ag ár gcúnamh sna tíortha comhpháirtíochta lena n-oibrímid feicthe agam go pearsanta. Táim diongbháilte go mbeidh ar ár gcumas leanúint ar aghaidh ag cuidiú leis na tíortha agus eagraíochtaí atá i gcomhpháirt linn lena riachtanais laethúla. Tá meas idirnáisiúnta orainn de bharr caighdeán agus éifeachtúlacht ár gclár forbartha, Cúnamh Éireann. Tugtar aird ar ár nguth agus tar éis an Bhuiséid seo, leanfar ag tabhairt airde air”

 

CRÍOCH

Preasoifig
14 Deireadh Fómhair 2014