Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Éire ceaptha i gceannas ar idirbheartaíocht na NA maidir le Clár Oibre Forbartha Domhanda nua

Aire Charles Flanagan, Aire Stáit Sean Sherlock, Cúnamh Éireann, Na Náisiúin Aontaithe, Preas Ráiteas, Éireann, 2014

 

D’fháiltigh an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Charlie Flanagan T.D., agus an tAire Stáit d’Fhorbairt, Tionscnamh Trádála agus Chomhar Thuaidh Theas, Seán Sherlock T.D., roimh chinneadh na Náisiún Aontaithe i ndáil le hÉire a cheapadh i gceannas ar idirbheartaíocht ar chlár oibre forbartha domhanda nua i rith na bliana seo chugainn, a thiocfaidh i gcomharbacht ar Spriocanna Forbartha na Mílaoise.

Tá Éire agus an Chéinia ceaptha ag Uachtarán Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe chun an idirbheartaíocht a chomhéascú, agus chun réimse nua cuspóirí forbartha domhanda a chomhaontú, réimse a nglacfar leo ag Cruinniú Mullaigh de cheannairí an domhain i Nua-Eabhrac, i Meán Fómhair 2015. Beidh an tAmbasadóir chuig na Náisiúin Aontaithe, David Donoghue, i gceannas ar an ról.

Ag fáiltiú roimh an gceapachán, dúirt an tAire Flanagan:

‘Is mór an onóir an príomhcheapadh seo dár dtír, agus tá freagracht mhór ag gabháil leis. Is léiriú é ar sheasamh idirnáisiúnta na hÉireann, ar stair bhródúil na tíre maidir le cearta daonna a chur chun cinn, ar ár rannpháirtíocht fhadtréimhseach i gcúrsaí síochánaíochta ar fud an domhain agus ar ár dtaidhleoireacht. Is aitheantas é ar éifeachtúlacht an chláir Cúnamh Éireann, atá faoi bhainistiú na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála. Leagann an ceapachán béim ar thiomantas an Rialtais go mbeidh na tréaniarrachtaí chun deireadh a chur le bochtaineacht agus le hocras ag croílár bheartas eachtrach na hÉireann’.

‘Phléigh mé na cúinsí a bhain leis an gceapachán seo le linn mo chuairte ar na Náisiúin Aontaithe i Nua-Eabhrac le gairid, agus thug mé le fios go mbeadh tacaíocht láidir le fáil ó Rialtas na hÉireann. Cuirfidh an ról nua suntasach seo le hobair thábhachtach na hÉireann ar fhorbairt idirnáisiúnta le linn téarma Uachtaránachta an AE in 2013, agus le Spriocanna Forbartha na Mílaoise (MDG) ag na Náisiúin Aontaithe’.

Dúirt an tAire Sherlock:

Tá an ról a tugadh dúinn thar a bheith tábhachtach agus muid ag díriú ar an dúshlán uaillmhianach seo chun deireadh a chur le bochtaineacht agus le hocras taobh istigh d’aon ghlúin amháin. Éileofar ar Éirinn comhoibriú go dlúth le comhaltaí na Náisiún Aontaithe ar fad chun réimse nua cuspóirí atá uaillmhianach agus athraitheach a dhaingniú. Beimid ag sainiú clár oibre maidir le gníomhaíocht dhomhanda chun deireadh a chur le bochtaineacht agus le hocras agus chun forbairt inbhuanaithe ar bhonn domhanda faoi 2030 a chinntiú.

 

CRÍOCH