Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Fógraíonn an tAire Flanagan €2.5 milliún i maoiniú breise do Ghaza

 

Tá €2.5 milliún i maoiniú breise fógartha ag an Rialtas do Ghaza.

Rinne an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Charlie Flanagan, TD, an fógra le linn dó a bheith ag labhairt ag mórchomhdháil idirnáisiúnta faoi atógáil Ghaza inniu i gCaireo.

Dhírigh an chomhdháil go háirithe ar riachtanais dhaonnúla reatha agus an méid ollmhór atógála nach mór a dhéanamh i nGaza, ach dhírigh rannpháirtithe chomh maith ar an ngéarghá lena chinntiú nach dtarlódh a leithéid de choimhlint arís.

Dúirt an tAire Flanagan i gCaireo:

“Tá cúrsaí daonnúla fós an-dona i nGaza agus is léir go mbeidh acmhainní suntasacha de dhíth chun na riachtanais láithreacha a chomhlíonadh agus freisin don chúnamh téarnaimh agus don atógáil fhadtéarmach.

“Cuirfidh Éire €2.5 milliún breise leis an bhfreagairt daonnúil a fhreastalóidh ar na riachtanais phráinneacha láithreacha chomh maith leis na hiarrachtaí ar mhaithe le téarnamh fadtéarmach.

“Chuir an chomhdháil deis thábhachtach ar fáil chun plé a dhéanamh ar conas déileáil go héifeachtach leis na ceisteanna bunúsacha ba chúis leis an gcoimhlint seo le déanaí, chun a chinntiú nach mbeidh orainn dul trína leithéid de bhabhta uafásach foréigin arís go brách agus chun todhchaí níos fearr do gach Palaistíneacha gus do gach Iosraelach a chinntiú.”

Is cuid í an chomhdháil, atá comh-eagraithe ag Rialtais na hÉigipte agus na hIorua , den fhreagairt idirnáisiúnta ar an gcoimhlint i nGaza le déanaí. Uachtarán Al Sisi na hÉigipte a d’oscail an chomhdháil agus tá freastal á dhéanamh uirthi ag Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe Ban Ki-moon, Ard-ionadaí an AE Catherine Ashton, Státrúnaí Mheiriceá Kerry chomh maith le hAirí Gnóthaí Eachtracha an AE agus ó thíortha eile.

Mar fhreagairt ar an ngéarchéim reatha i nGaza, chuir Éire €500,000 ar fáil ar dtús d’Achainí Géarchéime an UNRWA i mí Iúil. Tá an tacaíocht seo ag cuidiú le bia, dídean agus cúnamh leighis a bhfuil géarghá leo a sholáthar do na mílte teaghlach, a raibh ar a lán acu teitheadh as a gcuid tithe. Tá €1 milliún ar an iomlán curtha ar fáil ag Éirinn anois don UNWRA i comhair na géarchéime reatha.

D’fháiltigh an tAire Stáit d’Fhorbairt, Trádáil agus Chomhar Thuaidh Theas, Seán Sherlock TD, roimh an bplean atógála do Ghaza a cuireadh i láthair i gCaireo:

“Díríonn an Plean Náisiúnta Atógála agus Luaththéarnaimh, a cuireadh i láthair ag an gcomhdháil inniu ar na hiarrachtaí i nGaza a bhrú níos faide ná faoiseamh láithreach agus i dtreo forbartha atá níos fadtéarmaí. Fáiltím roimh iarrachtaí aontaithe na bPalaistíneach ar fad a thacaíonn leis an Uachtarán Abbas chun pleanáil d’atógáil Ghaza agus chun saothrú chun deireadh a chur leis na heasaontais atá i measc Palaistíneach le rófhada.”

Thug an tAire Flanagan óráid ar son na hÉireann.

 

CRÍOCH

 

Preasoifig
12 Deireadh Fómhair 2014