Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Pléann an tAire Flanagan agus an Seanadóir Hart Cainteanna Uile Pháirtí Thuaisceart Éireann

Pléann an tAire Flanagan agus an Seanadóir Hart Cainteanna Uile Pháirtí Thuaisceart Éireann

Pléann an tAire Flanagan agus an Seanadóir Hart Cainteanna Uile Pháirtí Thuaisceart Éireann

 

Tháinig an tAire Flanagan agus an Seanadóir Hart le chéile chun Cainteanna Uile Pháirtí Thuaisceart Éireann a phlé. Bhí cruinniú ag an Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Charlie Flanagan T.D., leis an Seanadóir Gary Hart ar maidin inniu. Ba é seo an chéad chruinniú a bhí ag an mbeirt lena chéile ó ceapadh an Seanadóir Hart mar Ionadaí Pearsanta an Státrúnaí John Kerry i dTuaisceart Éireann, i ndiaidh cruinnithe i mBaile Átha Cliath agus i Washington DC i mí Lúnasa agus i mí Dheireadh Fómhair.

 

I ndiaidh an chruinnithe, dúirt an tAire Flanagan:

‘Bhí mé thar a bheith sásta go bhfuair mé an deis bualadh leis an Seanadóir Hart ar maidin inniu. Táim muiníneach go mbeidh tionchar tábhachtach aige ar an bpróiseas Cainteanna seo. Ní mór do gach páirtí de chuid Fheidhmeannacht Thuaisceart Éireann roinnt maith comhghéillte dúshlánaigh a dhéanamh chun dul chun cinn a dhéanamh sna Cainteanna seo’.

‘Is fear le hardchumas agus le taithí mhór é an Seanadóir Hart agus táim muiníneach go mbeidh ról dearfach aige, i gcomhar le Rialtas an hÉireann agus le Rialtas na Breataine, chun cuidiú le réiteach a fháil ar na deacrachtaí polaitiúla reatha agus chun sochaí a thógáil ina mbeidh athmhuintearas agus síocháin sheasmhach lárnach ann’.

‘Táim fíorbhuíoch don Seanadóir Hart, don Státrúnaí Kerry agus don Leas-Uachtarán Biden as ucht a dtiomantas suntasach, seasmhach d’Éirinn agus do Phróiseas Síochána Thuaisceart Éireann’.

‘Táim ag súil go mór bualadh le Páirtithe Fheidhmeannacht Thuaisceart Éireann ar fad inniu chun na cúrsaí tábhachtacha maidir le cur i bhfeidhm na bearta a d’eascair as Comhaontú Aoine an Chéasta agus as Comhaontú Chill Rímhinn a phlé’.

 

CRÍOCH

An Phreasoifig
30 Deireadh Fómhair 2014

Ministers Flanagan and Sherlock meeting with US Senator Hart