Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Fáiltíonn an tAire Flanagan roimh sheoladh chomhscéim víosaí na hÉireann-na Breataine

Aire Stáit Sean Sherlock, Minister Charles Flanagan, Caidreamh Taidhleoireachta, Víosaí, Preas Ráiteas, An Áise agus an Aigéine, Éireann, An Bhreatain Mhór, 2014

 

D’fháiltigh an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Charlie Flanagan, T.D. agus an tAire d’Fhorbairt, Tionscnamh Trádála agus Comhar Thuaidh Theas, Seán Sherlock, T.D. roimh sheoladh chomhscéim víosaí na hÉireann agus na Breataine sa tSín inniu, mar thogra a chuirfidh go mór le cúrsaí trádála, le turasóireacht agus le fostaíocht a chruthú. Áirítear sa scéim an comhaitheantas a thugann Éire agus an Ríocht Aontaithe do víosaí gearrchuairte a eisítear sa dá thír do náisiúnaigh na Síne.

 

Don chéad uair, beidh turasóirí, cuairteoirí gnó agus saoránaigh eile de chuid na Síne in ann taisteal go héasca idir Éire agus an Bhreatain ar víosa amháin. Is fiú os cionn €8 billiún an luach trádála idir Éire agus an tSín, agus thug os cionn 30,000 turasóir Síneach cuairt ar Éirinn anuraidh.

Tá an scéim indéanta trí chomhoibriú níos dlúithe idir údaráis víosa na hÉireann agus na Ríochta Aontaithe, a leanann as Meabhrán Tuisceana a shínigh an tAire Dlí agus Cirt, Frances Fitzgerald, agus Rúnaí Baile na Ríochta Aontaithe, Theresa May, ag Ambasáid na hÉireann i Londain níos luaithe an mhí seo.

Rinne an tAire Flanagan tagairt don acmhainneacht ollmhór a thairgeann an t-idirbheart nua:

‘Ba léir dom riamh an tairbhe a bhaineann le comhoibriú níos dlúithe lenár gcomharsana sa Bhreatain ar chúrsaí comhleasa. Soláthraíonn an t-idirbheart seo tairbhí go leor dúinn ina ndéanfar éascaíocht do ghnóthaí na hÉireann trádáil a dhéanamh leis an tSín agus ina ndéanfar éascaíocht do thurasóirí na Síne cuairt a thabhairt ar Éirinn. Is fiú €8 billiún sa bhliain an luach trádála atá againn leis an tSín, agus chuireamar fáilte roimh 30,000 cuairteoir as an tSín chun na tíre seo anuraidh. Mar thoradh, ceadófar dár Ambasáid agus dár nArd-Chonsalacht sa tSín, forbairt bhreise a dhéanamh ar na margaí sin i gcomhar leis na Gníomhaireachtaí Stáit’.

Chuir an tAire Sherlock leis sin:

Cuirfidh an t-idirbheart le cumas comhoibrithe Thuaidh-Theas a neartú maidir le hÉirinn a chur chun cinn mar áit chun gnó a dhéanamh inti nó cuairt a thabhairt uirthi. Tabharfaidh sé seo spreagadh do mhuintir na Síne taisteal ar bhealach níos leithne; tá loighic agus praiticiúlacht le víosa aonair a eisiúint a cheadaíonn don turasóir cuairt a thabhairt ar oileán iomlán na hÉireann.’

Tháinig Comhscéim Víosa na hÉireann agus na Breataine chun feidhme sa tSín inniu. Táthar chun feidhmiú céimneach a dhéanamh ar an scéim san India sna míonna amach romhainn. Tá bileog eolais ag Ambasáid na hÉireann i mBeijing maidir leis sin.

 

CRÍOCH

An Phreasoifig
31 Deireadh Fómhair 2014