Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Leacht Cuimhneacháin ar an gCéad Chogadh Domhanda Nochta ag an Aire

Cuimhneacháin, Aire Charles Flanagan, Preas Ráiteas, Éireann, 2014

 

Nocht an tAire Gnóthaí Eachtracha, Charlie Flanagan TD, leacht cuimhneacháin inniu ag an Droichead Adhmaid, Contae Chill Mhantáin, chun daoine ón gceantar a fuair bás de thoradh an Chéad Chogadh Domhanda a chomóradh.

Déanfar cúig cholún eibhir déag a liostaíonn ainmneacha na ndaoine sin a fuair bás sa choimhlint a lonnú lámh leis an seandroichead iarnróid ar bhruach na habhann ag Droichead an Adhmaid; láthair na horáide iomráití a rinne John Redmond MP ar 20 Meán Fómhair 1914, tráth ar áitigh sé ar bhaill Óglaigh na hÉireann dul isteach in Arm na Breataine le dul ag troid sa chogadh.

Ag an ócáid a tionóladh ar an gcomóradh 100 bliain ar rith an Achta Rialtas Dúchais, dúirt an tAire Flanagan:

"Is maith liom tacú le muintir Chill Mhantáin inniu agus na daoine sin a fuair bás sa Chéad Chogadh Domhanda á gcomóradh acu. Is maith is eol dom freisin go bhfuil an leacht seo á thíolacadh céad bliain go dtí an lá tar éis rith an Achta Rialtas Dúchais a léirigh buaicphointe na coimhlinte daonlathaí i saol John Redmond agus na blianta d’iarracht pharlaiminteach ag Páirtí Parlaiminteach na hÉireann.

Lean an tAire Flanagan air:

“Ní mór d’eagraíochtaí áitiúla mar iad sin atá bainteach le Droichead an Adhmaid, d’fhorais chultúrtha náisiúnta agus do staraithe, scríbhneoirí agus ealaíontóirí, na meáin agus daoine ó gach cúlra, páirt a ghlacadh i gcomóradh ómósach a dhéanamh ar ghnéithe éagsúla den am atá thart in Éirinn.

“Ag leibhéal na polaitíochta tá dian-iarrachtaí feicthe againn ar fud páirtithe, ar fud an Tuaiscirt agus an Deiscirt chomh maith, agus ar fud na n-oileán seo, chun a chinntiú go léirítear fíor-urraim agus sinn ag cuimhneamh ar an tréimhse seo. Ach sa deireadh thiar is é an comóradh is fearr is féidir a dhéanamh ar fhir agus ar mhná na tréimhse seo i stair na hÉireann ná díriú ar an dóchas is mó a bhí acu, ar na prionsabail ab fhearr agus ar a ndiongbháilteacht phraiticiúil agus inspioráid a ghlacadh uathu.”

D’fháiltigh an tAire Heather Humphreys ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, a bhfuil maoiniú á chur ar fáil acu don tionscadal, roimh an leacht cuimhneacháin freisin mar rannchuidiú dearfach don chlár comórtha leanúnach do Dheich mBliana na gCuimhneachán Céad Bliain.

Is toradh é leacht cuimhneacháin Dhroichead an Adhmaid ar an obair a rinne Coiste Cuimhneacháin Chogaidh Chill Mhantáin, a bunaíodh in 2011 d’fhonn leacht cuimhneacháin a fhorbairt dóibh siúd de bhunú Chill Mhantáin a fuair bás sa Chéad Chogadh Domhanda. Shocraigh an Coiste go léireodh an leacht cuimhneacháin ainmneacha na ndaoine as Cill Mhantáin agus na ndaoine a bhí ina gcónaí ann a fuair bás go díreach nó go hindíreach mar gheall ar an gCéad Chogadh Domhanda.

Tá 1,192 ainm in iomlán liostaithe ar an 15 colún eibhir. Rinneadh teagmháil le Cumann Forbartha Shráidbhaile Dhroichead an Adhmaid in 2012 agus d’aontaíodar tabhairt faoin tionscadal. Cuireadh tús leis an obair i samhradh na bliana seo agus tugadh chun críche é in am don spriocdháta Meán Fómhair 2014.

Téacs iomlán aitheasc an Aire Flanagan

 

Nóta d’Eagarthóirí:

Maoiniú:

  • Go dtí seo is iad seo a leanas a chuir maoiniú ar fáil do thionscadal Dhroichead an Adhmaid:
  • An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Comhpháirtíocht Chontae Chill Mhantáin, Comhairle Chill Mhantáin, Comhairle Baile an Inbhir Mhóir, Comhairle Baile Bhrí, tiomsú airgid agus rannchuidithe pearsanta.

Liosta ainmneacha agus an láthair:

  • Chuir an tUasal Brendan Flynn ó Chill Mhantáin an liosta de 1,192 ainm ar fáil. Aithnítear nach gá gur doiciméad cinntitheach an liosta seo, ach is léiriú é ar 20 bliain oibre a raibh rochtain ar aon doiciméadú a bhí ar fáil i gceist inti.
  • Socraíodh gurb é Droichead an Adhmaid an láthair ab oiriúnaí i gCill Mhantáin mar gurb é an láthair d’Óráid John Redmond ar an 20 Meán Fómhair 1914.