Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Seolann an tAire Deenihan treoir nua J1

Aire Stáit Jimmy Deenihan, Taisteal, Preas Ráiteas, Éireann, 2015

Sheol Aire an Diaspóra, Jimmy Deenihan, TD, treoir nua d’iarratasóirí víosa J1 inniu (Dé Máirt) i gcomhar le hAmbasadóir Stáit Aontaithe chun na hÉireann, Kevin F. O’Malley, ag seisiún treorach i UCD. Is iad Aontas na Mac Léinn in Éirinn (USI) a chuir an treoir ar fáil agus fuarthas tacaíocht ón Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála. Tá comhairle sa treoir maidir le hárachas, saincheisteanna dlíthiúla, cóiríocht, ID agus sábháilteacht phearsanta. 

Óráid a thug an tAire Deenihan – Seisiún tionscnaimh J1 d’iarratasóirí J1 i UCD, Dé Máirt 21 Aibreán 2015

Is mór an phribhléid domsa labhairt libhse chomh maith leis an Ambasadóir O’Malley anseo inniu, maidir le taithí an J1.

Tá a fhios agam go bhfuil líon de na seisiúin treoracha seo atá eolasach, idirghníomhach agus spraíúla á reáchtáil ag an CIEE. Táim cinnte go mbeidh an lá inniu amhlaidh freisin. Beidh ar a gcumas comhairle atá úsáideach agus tábhachtach maidir leis an samhradh atá amach romhaibh a chur ar fáil daoibh.

Tá taithí mhór agam féin ó thaobh taisteal chuig Stáit Aontaithe Mheiriceá thar na blianta agus bhain mé sásamh i gcónaí as a bheith sa tír spéisiúil sin atá thar a bheith álainn.

Tá deis iontach ag baint le víosa an J1 le cur ar do chumas a bheith rannpháirteach i malartú cultúrtha a thabharfaidh blaiseadh duit ar a bhfuil le fáil i Stáit Aontaithe Mheiriceá, agus ag an am céanna tabharfar ról ambasadóra duit lena chur ar na súile do mhuintir Stáit Aontaithe Mheiriceá a bhfuil le fáil in Éirinn.

Ar an mbealach seo is clár é a bhfuil tuilleadh curtha aige leis na ceangail luachmhara ó thaobh na staire ina bhfuil Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Éire fite fuaite. Is ionann é agus clár agus caidreamh a bhfuil ardmheas ag Rialtas na hÉireann air.

Beidh go leor de na daoine sin a théann chuig Stáit Aontaithe Mheiriceá ar J1 víosa ag cur tús le cairdeas leis an tír sin a mhairfidh ar feadh a saoil. D’fhéadfadh sé go rachaidh na ceangail agus na cairde a bheidh a dhéanamh agat sna míonna atá romhat chun leasa duit an chuid eile de do shaol.

Táim muiníneach go rachaidh an taithí chun saibhris agus chun tairbhe duit, ní amháin ar fhilleadh duit ar do chuid staidéir ach amach anseo freisin, nuair atá tú ag déanamh iarratas ar phoist sa saol mór lasmuigh den saol a bhí agat agus tú ar ollscoil.

Is é an fiúntas atá ag dul le himeachtaí ar nós imeacht an lae inniu go bhféadfadh fadhbanna a theacht chun cinn ag tráth ar bith agus tú ag taisteal chuig áit nua, áit nach bhfuil aon eolas agat air agus nach raibh tú ann riamh ceana. Is breá an rud go mbeadh tuairim agat cén sórt fadhbanna a d'fhéadfadh a bheith iontu sin, agus cad nach mór duit a dhéanamh leis an gceann is fearr a fháil orthu sula dtéann tú ag taisteal. Beidh ar chumas an CIEE dul trí roinnt de na saincheisteanna sin leat laistigh de chúpla nóiméad.

Óna thaobh sin is cúis áthais dom d’aird a dhíriú ar an Treoir seo ar thaithí an J1, atá curtha ar fáil ag Aontas na Mac Léinn in Éirinn agus a fhaigheann tacaíocht ó mo Roinn féin.

Mholfainn do gach aon duine agaibh cóip a thógáil agus a bheith ar an eolas gur féidir libh a theacht ar an treoir ar líne ar láithreán gréasáin USI freisin, agus go deimhin ó chuid J1 de láithreán gréasáin na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála freisin.

Is minic go mbaineann na saincheisteanna sin a thagann chun cinn agus nach mór duit a fhiosrú sula dtéann tú ag taisteal, le cóiríocht, fostaíocht agus le hárachas go háirithe.

Impím ar gach uile dhuine agaibh an polasaí árachais sláinte atá tógtha amach agaibh do thréimhse bhur dturas a léamh go cúramach. Bígí eolach air agus ar a gclúdaíonn sé sula dtéann sibh ag taisteal. Is ortsa agus ortsa amháin atá an fhreagracht ina leith sin.

Bí ar an eolas freisin, cé go bhféadfadh sé go mbeadh tú den bharúil go bhfuil eolas agat ar na Stáit Aontaithe cheana féin, tír atá thar a bheith difriúil is ea í, le rialacha difriúla seachas mar atá in Éirinn. Ní mór duit meas a bheith agat ar an dlí i gcónaí – fiú má cheapann tú féin nach bhfuil sa mhéid atá ar siúl agat ach píosa craic, ní chiallaíonn sé nach bhféadfaí tú a chur sa phríosún i Stáit Aontaithe Mheiriceá mar gheall air.

Tá Ambasáid na hÉireann i Stáit Aontaithe Mheiriceá, chomh maith le sé chonsalacht ar fud na tíre, atá réidh i gcónaí le cúnamh a thabhairt duit, sa chás go mbeadh gá agat lena gcuid seirbhísí nó lena gcúnamh. Tá an ambasáid i Washington, tá na consalachtaí lonnaithe in Atlanta, Austin, Bostún, Chicago, Nua-Eabhrac agus San Francisco. Tá na mionsonraí teagmhála dóibh sin go léir sa doiciméad seo, nó beidh ar do chumas mionsonraí teagmhála lena n-aghaidh a fháil ar ár láithreán gréasán ag www.dfa.ie.

Ach is mian liom a threisiú arís eile gur deis iontach atá anseo duit, deis, táim cinnte, a rachaidh chun tairbhe duit. Tá súil agam go mbainfidh sibh go léir sásamh as an samhradh ar an J1, agus go mbainfidh sibh an oiread leasa as is a bhain go leor de mhic léinn na hÉireann san am a caitheadh.

Tá súil agam go saibhreoidh sé an taithí agus na cuimhní araon daoibh mar aon leis an am a chaith sibh ar Ollscoil, agus ag an am céanna go dtabharfaidh sé dearcadh uathúil daoibh maidir le maireachtáil agus le hoibriú thar lear agus go ndéanfaidh sibh cairde agus teagmhálacha a mhairfidh daoibh ar feadh an tsaoil.

Go raibh maith agaibh.

CRÍOCH

An Phreasoifig

21 Aibreán 2015

 

Nótaí d’Eagarthóirí

• Tá an treoir ar fáil ar láithreán gréasáin an DFAT