Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Imeachtaí Domhanda Nua á bhfógairt ag an Aire i gcomhair Chomóradh Céad Bliain Éirí Amach na Casca

Minister Charles Flanagan, Cuimhneacháin, Preas Ráiteas, Éireann, 2015

Imeachtaí Domhanda Nua á bhfógairt ag an Aire Flanagan i gcomhair Chomóradh Céad Bliain Éirí Amach na Cásca

Inniu d'fhógair an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Charles Flanagan TD, sonraí roinnt imeachtaí nua atá á n-eagrú ag líonra ambasáidí na hÉireann chun ceiliúradh a dhéanamh ar chomóradh céad bliain Éirí Amach na Cásca in áiteanna ar fud an domhain.
Agus na himeachtaí nua á bhfógairt aige, dúirt an tAire Flanagan:

"Tá áthas orm fógra a dhéanamh faoi shraith imeachtaí atá eagraithe ag líonra ambasáidí na hÉireann agus ag mo Roinn nó a bhfuil tacaíocht tugtha againn dóibh mar chuid den chlár idirnáisiúnta chun comóradh a dhéanamh ar Éirí Amach 1916.

"Beidh a lán imeachtaí éagsúla ar siúl ar fud na cruinne chun cuimhneamh siar ar an Éirí Amach agus chun aird a dhíriú ar stair, ealaíona agus cultúr na hÉireann sa tréimhse céad bliana atá imithe tharainn ó shin i leith. Ó Buenos Aires go Páras, agus ó Tóiceo go Nua-Eabhrac, tugaim cuireadh do chairde agus do mhuintir na hÉireann ar fud an domhain teacht le chéile chun cuimhneamh ar an méid a tharla 100 bliain ó shin, agus, rud is tábhachtaí fós, chun an dul chun cinn atá déanta againn le céad bliain anuas a cheiliúradh agus chun breathnú romhainn amach."

Beidh na céadta imeachtaí ar siúl sna dosaenacha cathracha mar chuid den tsnáithe 'Éireannaigh ar fud an Domhain agus an Diaspóra' de Chlár Cuimhneacháin Éire 2016, i gcomhpháirtíocht le cuid mhór eagraíochtaí, lena n-áirítear Cultúr Éireann.

Ag machnamh dó ar an mbliain amach romhainn, dúirt an tAire Flanagan:

"Tá deis thábhachtach romhainn chun cuimhneamh siar ar thráth cinniúnach i stair na hÉireann in éineacht le saoránaigh na hÉireann ar fud an domhain, a cairde agus a comhpháirtithe idirnáisiúnta. Is i gcomhthéacs idirnáisiúnta a tharla Éirí Amach 1916. Is amhlaidh, go deimhin, go raibh sé luaite sna ceannlínte sa New York Times ar feadh tamall de laethanta tar éis Cháisc na bliana sin, agus is cuí go mbeidh na hócáidí cuimhneacháin ag síneadh amach i bhfad ónar dtír féin, agus ag tabhairt scéal na hÉireann chomh fada le lucht féachana úrnua ar shlí nua."

Dúirt an tAire freisin:

"Tá ár gcuid misean ar fud an domhain agus a gcomhpháirtithe tar éis cláir shuimiúla, éagsúla a ullmhú, agus tá a lán acu a bhfuil ceangal láidir idir iad agus na tíortha ina bhfuil siad, amhail comhdháil a bheidh ar siúl i Heilsincí ina ndéanfar iniúchadh ar chosúlachtaí idir stair na hÉireann agus na Fionlainne, a mbeidh céad bliain den neamhspleáchas á chomóradh aici in 2017. Beidh comhdháil ar bun i dTóiceo ina ndéanfar scrúdú ar Éirí Amach 1916 trí shúile mhuintir na hÁise agus cuirfear 'The Plough and the Stars' ar an stáitse in Abú Daibí. Tá a fhios agam go spreagfaidh na himeachtaí sin níos mó daoine chun cuairt a thabhairt ar Éirinn sna blianta amach romhainn."

Críoch
An Phreasoifig
An 28 Nollaig, 2015

Nótaí d'Eagarthóirí

Tá sonraí an chláir Éire 2016: Éireannaigh an Domhain agus an Diaspóra ar fáil ar www.ireland.iewww.dfa.ie

I measc na n-imeachtaí is díol suntais a fógraíodh le déanaí tá siad seo a leanas:

  • Clár trí mhí d'imeachtaí cultúrtha i mBuenos Aires trína ndíreofar aird ar an méid a tharla in 1916 agus trína ndéanfar iniúchadh ar na naisc a bhí ann an tráth sin agus atá ann sa lá inniu idir Éire agus an Airgintín, ina bhfuil cónaí ar an líon is mó de dhiaspóra na hÉireann a labhraíonn an Spáinnis.
  • Comhdháil a bheidh ar siúl i dTóiceo dar teideal 'The 1916 Rising with an Asian perspective'.
  • Tionscadal digitithe i Melbourne, faoina ndearnadh caomhnú ar leabhair ghearrthóg de chuid an scoláire Éireannaigh Nicholas O'Donnell, fear a bhí ina dhochtúir in Melbourne agus a rinne rianú ar an tuairisciú ar Éirí Amach na Cásca i nuachtáin na hAstráile.
  • Taispeántas agus seimineár ar shaol agus saothar Ruairí Mhic Easmainn i mBrasilia agus Manaus i Réigiún na hAmasóine sa Bhrasaíl, áit a mbíodh Mac Easmainn ag obair tráth.
  • Beidh grianghraif d'Éirí Amach na Cásca ó bhailiúchán de chuid Sean Sexton ar taispeáint sa Photographer’s Gallery i lár chathair Londan.
  • Cuirfear an dráma 'Shadow of a Gunman' le Sean O'Casey ar an stáitse in Abú Daibí taobh le clár de cheol, filíocht agus damhsa Éireannach.
  • Beidh Ireland 100, féile trí seachtaine d'Ealaíona agus Cultúr na hÉireann, ar siúl in Ionad John F. Kennedy le haghaidh na nEalaíon Taibhiúcháin, in Washington DC.
  • Beidh imeacht comórtha pobail ar siúl i bPiara A i Nua-Eabhrac ina léireofar cultúr na hÉireann agus an cultúr Gael-Mheiriceánach.
  • Cuirfear 'Wherever Green is Worn’ ar bun i Sydney. Léiriú ceoil agus insinte i gcuimhne ar Éirí Amach na Cásca a bheidh i gceist, ina gcasfar amhráin ó roimh Éirí Amach 1916, ó ré an Éirí Amach féin agus ón tréimhse ina dhiaidh.
  • Beidh comhdháil ar siúl i Heilsincí ina ndéanfar iniúchadh ar Éirinn in 1916 agus ar na cosúlachtaí idir stair na hÉireann agus na Fionlainne, a mbeidh céad bliain den neamhspleáchas á chomóradh aici in 2017.