Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Aird á díriú ag an Aire Flanagan ar chion na hÉireann ar son na Náisiún Aontaithe

Aire Charles Flanagan, Na Náisiúin Aontaithe, Dlí Idirnáisiúnta, Dí-armáil, Slándáil, Maoiniú, Preas Ráiteas, Éireann, 2015

Ar an Luan an 14 Nollaig, beidh seasca bliain imithe tharainn ó chuaigh Éire isteach sna Náisiúin Aontaithe. Bhí an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Charlie Flanagan, TD, ag trácht inniu (Dé Luain) ar an gcion atá déanta ag Éirinn ar son na Náisiún Aontaithe le seasca bliain anuas.

Dúirt an tAire Flanagan:

"Seasca bliain ón lá inniu, fuair rialtas an Taoisigh Seán Ua Coisdealbha teileagram ó Nua-Eabhrac á fhógairt gur glacadh le hiarratas na hÉireann ar bheith ina ball de na Náisiúin Aontaithe. Fanacht naoi mbliana a bhí orainn sular bhaineamar amach an bhallraíocht sin. Sna blianta atá imithe tharainn ó shin i leith, tá ár mballraíocht sna Náisiúin Aontaithe ina cuid lárnach de bheartas eachtrach na hÉireann, agus tá ár dtiomantas do na Náisiúin Aontaithe chomh láidir seasta anois is a bhí 60 bliain ó shin.

"Is cúis mhór bhróid dúinn go léir an obair mhór atá déanta ag Éirinn leis na Náisiúin Aontaithe i réimsí amhail an tsíochánaíocht, an dí-armáil, an fhorbairt agus cearta an duine.

"Ón uair a cuireadh lucht síochánaíochta na hÉireann chuig an Liobáin ar dtús i 1958, bhí fir agus mná ó Óglaigh na hÉireann agus ón nGarda Síochána ag fónamh go bródúil i misin de chuid na Náisiún Aontaithe in áiteanna corracha ar fud an domhain, agus tá an obair sin fós ar bun sa lá atá inniu ann. Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun ómós a thabhairt don tseirbhís a rinne siad agus chun cuimhneamh go háirithe ar na daoine cróga a fuair bás i mbun dualgais.

"Tá tiomantas domhain dílis ag Éirinn le fada an lá freisin don dí-armáil agus don neamh-iomadú. I 1968, ba í Éire an chéad tír a shínigh an Conradh in aghaidh Iomadú Núicléach agus bhí ról ceannais againn sa réimse sin tríd síos go dtí an lá inniu.

"Thacaíomar go seasta leis an bhforbairt freisin, agus tugadh aitheantas don obair dhíograiseach atá ar bun againn sa réimse sin nuair a ainmníodh Éire mar cheann den dá chomh-éascaitheoir don chaibidlíocht um Sprioc Forbartha Inbhuanaithe níos túisce i mbliana.

"Anois, agus muid ag teannadh le deireadh ár dtéarma trí bliana ar Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine, is tréan seasmhach fós é ár dtiomantas domhain dílis do chearta an duine a chur chun cinn agus a chosaint."

Tá bailchríoch á cur an tseachtain seo ar chlár ocht mí d'imeachtaí agus tionscadail chun an comóradh 60 bliain seo a cheiliúradh. Is é Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, Ban Ki-moon, a sheol an clár i mí na Bealtaine 2015 le linn a chuairte ar Éirinn.

Dúirt an tAire Flanagan freisin:

"Déardaoin seo chugainn, an 17 Nollaig, beidh mé i m'óstach ar Shiompóisiam mór, ag a mbeidh iar-Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, Kofi Annan; iar-Uachtarán na hÉireann agus Toscaire Speisialta na Náisiún Aontaithe um Athrú Aeráide, Máire Mhic Róibín; agus Ionadaí Speisialta na Náisiún Aontaithe um Imirce Idirnáisiúnta, Peter Sutherland . Is cuí agus is tráthúil go mbeidh Liam Mac Cosgair, iar-Thaoiseach agus an té a bhí ina Aire Gnóthaí Seachtracha tráth a ghlac Éire a suíochán den chéad uair ag na Náisiúin Aontaithe, ag glacadh páirte ann freisin."

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Flanagan:

"Cibé cén locht atá air, is chun leasa na hÉireann atá córas iltaobhach um shlándáil chomhchoiteann. Teastaíonn ón domhan Náisiúin Aontaithe a bheith againn atá éifeachtach, agus dá bhrí sin ní mór d'Éirinn coinneáil leis an ról atá aici i dtaobh thodhchaí na heagraíochta sin a mhúnlú. Sin é an fáth go bhfuilimid i mbun feachtais le haghaidh suíochán a bhaint amach ar Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe in 2020, lena chinntiú go mbeidh éisteacht ag náisiúin atá beag, ach ag a bhfuil tionchar, ar nós na hÉireann, agus go rachaidh siad i bhfeidhm ar chúrsaí domhanda. "

CRÍOCH

An Phreasoifig

An 14 Nollaig, 2015

Nóta d'Eagarthóirí:

  • Ar an 14 Nollaig 1955, cuireadh fáilte roimh Éirinn isteach sna Náisiúin Aontaithe in éineacht le 15 Bhallstát eile (an Albáin, an Iordáin, an Phortaingéil, an Ungáir, an Iodáil, an Ostair, an Rómáin, an Bhulgáir, an Fhionlainn, an tSiolóin (ar a dtugtar Srí Lanca anois), Neipeal, an Libia, an Chambóid, Laos agus an Spáinn).
  • Tráthnóna Déardaoin an 17 Nollaig, beidh an tAire Flanagan ina óstach ar Shiompóisiam chun ceiliúradh a dhéanamh ar Éirinn a bheith 60 bliain sna Náisiúin Aontaithe. I measc na rannpháirtithe sa Siompóisiam beidh an t-iar-Aire Gnóthaí Eachtracha agus an t-iar-Thaoiseach, Liam Mac Cosgair; iar-Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Róibín; Ionadaí Speisialta na Náisiún Aontaithe um Imirce Idirnáisiúnta, Peter Sutherland; agus iar-Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, Kofi Annan. Is é David McCullagh ó RTÉ a bheidh ina chathaoirleach ar an Siompóisiam, dar teideal “Reflecting on the Past, Preparing for the Future”.
  • Mar chuid den chlár comórtha do bhallraíocht 60 bliain na hÉireann sna Náisiúin Aontaithe, rinneadh Taispeántas Comórtha a choimisiúnú, 'Éire: Na Chéad Bhlianta ag na Náisiúin Aontaithe 1955-1957'. Clúdaíonn an taispeántas na chéad bhlianta a chaith Éire ag na Náisiúin Aontaithe agus léirítear ann mórcheisteanna agus mórdhúshláin na linne sin. Is iad Acadamh Ríoga na hÉireann, an Chartlann Náisiúnta agus an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála a d'ullmhaigh an taispeántas. Is é seo a leanas sceideal an Taispeántais:
  • An 05-09 Deireadh Fómhair 2015 Ceanncheathrú na Náisiún Aontaithe, Nua-Eabhrac
  • An 3-13 Samhain 2015 Palais des Nations, Na Náisiúin Aontaithe, An Ghinéiv
  • An 18 Nollaig 2015 – an 08 Eanáir 2016 Aerfort Bhaile Átha Cliath, Críochfort 1
  • An 10-15 Eanáir 2016 Acadamh Ríoga na hÉireann, 19 Sráid Dhásain, Baile Átha Cliath
  • An 18 Eanáir – an 15 Feabhra 2016 Aerfort Chorcaí
  • Tá Éire i mbun feachtais ionas go dtoghfaí í in 2020 chun suíocháin neamhbhuain ar Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe don téarma 2021-2022.