Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Cuairt an Aire Deenihan ar London & ar Birmingham

Éireannaigh Thar Lear, Aire Stáit Jimmy Deenihan, Preas Ráiteas, An Bhreatain Mhór, 2015

 

Tabharfaidh Aire an Diaspóra, Jimmy Deenihan, TD, cuairt ar an Ríocht Aontaithe inniu le haghaidh sraith cruinnithe leis an bpobal Éireannach i Londain agus in Birmingham.

 

Seolfaidh an tAire Deenihan London Irish Art 2015, sárthaispeántas nuálaíoch a iniúchann eispéireas an diaspóra Éireannaigh sa Bhreatain, buailfidh sé le lucht gnó Éireannach, agus tabharfaidh sé cuairt ar charthanachtaí in Birmingham a thacaíonn le saoránaigh scothaosta Éireannacha.

Dúirt an tAire Deenihan:

“Tá áthas orm an deis a bheith agam dul i dteagmháil le dhá cheann de na pobail Éireannacha is mó sa Ríocht Aontaithe, pobail Londain agus Birmingham.

“Mar chéad Aire an Diaspóra tá sé rí-thábhachtach go mbíonn teagmháil agam le gach earnáil den phobal Éireannach thar lear. Tá mé ag súil go háirithe le bualadh le baill den Birmingham Irish Association agus Monica’s Place agus le buíochas a ghabháil leis an bhfoireann agus leis na hoibrithe deonacha as ucht a gcuid oibre thar ceann dhaoine scothaosta Éireannacha.

“Tá an-fhonn orm freisin dul ag plé leis an bpobal Éireannach i Londain a bhfuil bua ar leith do smaointe nuálaíocha léirithe acu, mar London Irish Art 2015, agus an Future Leaders Programme.”

Tráthnóna (Déardaoin) seolfaidh an tAire London Irish Art 2015. Beidh an taispeántas ar siúl ón 14-17 Eanáir agus beidh saothair ann ó ealaíontóirí atá lonnaithe sa Bhreatain agus in Éirinn lena n-áirítear Louis le Brocquy, Gemma Billington, Liam O’Neill, John Behan agus James Brohan. Déanfaidh an t-ealaíontóir Hughie O’Donoghue cur i láthair ag an seoladh ar a thaithí diaspóra siúd ar chultúr, ar fhéiniúlacht agus ar chruthaitheacht.

Maidin Dé hAoine beidh an tAire i láthair ag bricfeasta le baill de Líonra Gnó Idirnáisiúnta na hÉireann atá lonnaithe i Londain. Ó 2007 thug an líonra seo lucht gnó rathúil Éireannach ar fud an domhain le chéile chun fiontraíocht a chothú agus meantóireacht a dhéanamh ar an gcéad ghlúin eile de thallann na hÉireann, go háirithe tríd an Future Leaders Programme. Spreagann an clár seo, a bhfuil tacaíocht na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála aige, fiontraithe Éireannacha rathúla sa Bhreatain chun tacú le lucht gnó Éireannach níos óige agus meantóireacht a dhéanamh orthu.

Níos deireanaí, rachaidh an tAire go Birmingham chun bualadh le roinnt grúpaí pobail Éireannacha a mhaoinítear faoin gClár Tacaíochta Eisimirceach. Buailfidh sé leis an Birmingham Irish Association, an phríomhcharthanacht Éireannach i mórcheantar Birmingham a chuireann seirbhísí leasa ar fáil don phobal Éireannach, agus beidh an deis aige freisin bualadh le roinnt de na hÉireannaigh scothaosta atá ag baint leasa as na seirbhísí seo.

Tabharfaidh an tAire cuairt freisin ar Monica’s Place – eagraíocht uathúil a chuireann cóiríocht agus seirbhísí leasa ar fáil d’fhir Éireannacha scothaosta a bhfuil fadhbanna mí-úsáide substaintí acu i gceantar Birmingham.

 

CRÍOCH

An Phreasoifig
15 Eanáir 2015