Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Na hainmneacha is coitianta ar pháistí in 2014 fógartha ag an tSeirbhís Pasanna

Consalachta, Aire Charles Flanagan, Pasanna, Taisteal, Preas Ráiteas, Éireann, 2015

 

Is iad Emily agus Jack fós na hainmneacha is coitianta a fheictear ar iarratais ar phasanna do naíonáin in Éirinn, dar le Seirbhís Pasanna na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála.

Tá liosta iomlán den 200 ainm is coitianta ar fáil anois ar láithreán gréasáin na Roinne.

Chuir an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Charlie Flanagan TD, fáilte roimh na sealbhóirí nua pasanna inniu agus dúirt:

“As an 53,046 pas a eisíodh ar pháistí faoi thrí bliana d’aois, eisíodh 574 díobh ar pháistí darbh ainm Jack agus 456 díobh ar pháistí darbh ainm Emily. Fuair Amelia agus Lily ardú céime go bhfuil siad anois i measc na ndeich n-ainm is coitianta do chailíní agus cé go raibh díomá orm a fheiceáil gur thit Charlie dhá áit, táim sásta go bhfuil sé fós i measc na ndeich n-ainm is coitianta do bhuachaillí.

“Léiríonn na hainmneacha go bhfuil tóir fós ar ainmneacha traidisiúnta Éireannacha, mar Aoife agus Oisín, agus is léiriú iad freisin ar an ilchultúrthacht bhríomhar in Éirinn sa lá atá inniu ann, le Zuzanna agus Kacper ar na cinn nua is coitianta.

“Is mian liom a deis seo a thapú le cur i gcuimhne do mhuintir na hÉireann bailíocht a bpasanna agus phasanna a dteaghlaigh a sheiceáil agus iad a athnuachan anois sula dtagann brú ar an gcóras sa samhradh. Eisíodh beagnach 630,000 pas an bhliain seo caite agus eisíodh an ceathrú cuid acu sin i mí Bhealtaine agus i mí an Mheithimh.

Tá mionsonraí faoin tslí le hiarratas a dhéanamh ar phas nua ar láithreán gréasáin na Roinne, www.dfa.ie, a bhfuil Seirbhís Mheabhrúcháin Pas air freisin, chomh maith le mionsonraí faoin tslí le hiarratas a dhéanamh ar phas ar ghearrfhógra.

 

CRÍOCH

An Phreasoifig
9 Eanáir 2015

 

Nóta d’Eagarthóirí:

  • Tá na staitisticí iomlán faoi phasanna 2014 le fáil anseo.
  • Tá treoir maidir le Conas Iarratas a Dhéanamh ar Phas, a threoraíonn saoránaigh Éireannacha trí gach céim den iarratas ar phas agus a thugann freagraí ar na ceisteanna is minice a chuirtear, ar fáil ag https://www.dfa.ie/ie/pasanna-saoranacht/conas-cur-isteach-ar-phas/.
  • Tá fáil ar láithreán gréasáin na Roinne Gnóthaí Eachtracha freisin ar Sheirbhís Mheabhrúcháin Pas agus ar Sheirbhís Rianaithe Pasanna a ligeann do chustaiméirí stádas a n-iarratas a rianú.
  • Tá seirbhís coinní i bhfeidhm ag Oifig na bPasanna ar Shráid Theach Laighean, do dhaoine a bhíonn ag taisteal ar ghearrfhógra (idir 3-10 lá oibre).
  • Ba cheart do chustaiméirí nach mbíonn ag taisteal laistigh de 3-10 lá oibre an tseirbhís Mearphas a úsáid. Tugtar tosaíocht ag na cuntair phoiblí do dhaoine a bhíonn ag taisteal ar ghearrfhógra agus is é an tréimhse slánúcháin is giorra d’iarratais den sórt sin ná trí lá oibre.
  • Is seirbhís den chineál cúiréireachta, atá éasca le húsáid, í an tseirbhís Mearphas, a oibríonn An Post go speisialta le haghaidh pasanna. Tá sí ar fáil ar feadh líonra na n-oifigí poist agus tá sí in úsáid ó 1995.