Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

D’eisigh an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála 629,446 pas in 2014

Pasanna, Aire Charles Flanagan, Taisteal, Consalachta, Preas Ráiteas, Éireann, 2015
Image from Passport - Cliffs of Moher

D’eisigh an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála 629,446 pas in 2014 agus ba iad na Bealtaine agus Meitheamh na míonna ba ghnóthaí d’iarratais ar phas.

 

D’eisigh an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála 629,446 pas in 2014 agus ba iad na Bealtaine agus Meitheamh na míonna ba ghnóthaí d’iarratais ar phas.

Is iad oifigí na Roinne i Londain agus in Canberra a d’eisigh an líon ba mhó pasanna.

Bhí an méid seo le rá ag an Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Charlie Flanagan, TD:

"D’oibrigh an Roinn go crua le blianta beaga anuas le cinntiú go gcuirimid seirbhís pas nua-aimseartha, slán agus ghasta ar fáil. Tá seirbhísí éagsúla á dtairiscint againn lena n-áirítear seirbhís mheabhrúcháin pas, rianú pas agus seirbhís choinne pas.

"Ceadaíonn an tseirbhís choinne pas dóibh siúd ar ghá dóibh taisteal faoi ghearrfhógra (3-10 lá oibre) coinne a chur in áirithe ar líne seachas dul i scuaine lena bpas a athnuachan.

"Féadfaidh custaiméirí anois a n-iarratas a rianú ar líne agus is féidir leo freisin clárú dár seirbhís mheabhrúcháin le fógra a fháil trí mhí sula dtéann a bpas in éag.

Mhol an tAire Flanagan do shaoránaigh Éireannacha dáta éaga a bpas a sheiceáil agus gan dearmad a dhéanamh go n-éilíonn roinnt mhaith tíortha ar chuairteoirí atá ag teacht isteach pasanna ata bailí ar feadh sé mhí ar a laghad a bheith ina seilbh acu.

In Éirinn fuarthas 25% de na hiarratais go léir i rith mí na Bealtaine agus mí an Mheithimh.

Bhí an méid seo le rá ag an Aire faoin mborradh séasúrach ar iarratais:

“Moltar do shaoránaigh a bhfuil sé i gceist acu athnuachan a dhéanamh ar a bpas in 2015 é sin a dhéanamh sa tréimhse bheagéilimh chun an t-am is lú athnuachana a chinntiú.”

An Líon Pasanna in 2014

  • 629,446 an líon pasanna a eisíodh in 2014.
  • 389,727 líon na bpasanna a eisíodh do dhaoine fásta.
  • 463,806 líon na n-iarratas a fuarthas tríd an tSeirbhís Mhearphas, rud a léiríonn ardú 3.3% ar 2013.
  • 51,412 an líon a fuarthas trí Oifig na bPasanna i Londain.
  • 49,435 líon na n-iarratas a fuarthas trí sheirbhís Mhearphas Thuaisceart Éireann.
  • Is iad seo a leanas na hoifigí taidhleoireachta ba airde éilimh tar éis Londain: Canberra (6,557); Nua-Eabhrac (5,352); Sydney (3,534); San Francisco (3,219) agus Ottawa (2,800).
  • Eisíodh 82,564 pas i mBealtaine 2014; 76,314 i Meitheamh 2014 – ba iad seo na míonna ba ghnóthaí.

 

CRÍOCH

An Phreasoifig
5 Eanáir 2015

 

Nótaí d’Eagarthóirí:

  1. Tá treoir faoin gCaoi le Cur Isteach ar Phas, a thugann saoránaigh Éireannacha céim ar chéim tríd a n-iarratas ar phas agus a fhreagraíonn na ceisteanna is coitianta, ar fáil ag https://www.dfa.ie/ie/pasanna-saoranacht/conas-cur-isteach-ar-phas/
  2. Is féidir rochtain a fháil freisin ar láithreán gréasáin na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar Sheirbhís Mheabhrúcháin Pas agus ar Sheirbhís Rianaithe Pas a cheadaíonn do chustaiméirí stádas a n-iarratais a rianú.
  3. Feidhmítear seirbhís choinne san Oifig Pasanna i Sráid Theach Laighean dóibh siúd atá ag taisteal ar ghearrfhógra (laistigh de 3-10 lá oibre). Ba chóir do chustaiméirí nach bhfuil ag taisteal laistigh de 3-10 lá oibre an tSeirbhís Mhearphas a úsáid. Tugtar tosaíocht ag cuntair phoiblí dóibh siúd atá ag taisteal faoi ghearrfhógra agus is é trí lá oibre an tréimhse slánúcháin is tapa d’iarratais dá leithéid.
  4. Is seirbhís de chineál cúiréireachta do phasanna amháin atá éasca le húsáid agus a fheidhmíonn An Post í an tSeirbhís Mhearphas. Tá sí ar fáil ar fud an líonra na n-oifigí poist agus tá sí in úsáid ó 1995.
  • Tagann iarratais chugainn níos sláine agus níos tapa.
  • Cosnaíonn sé níos lú ná iarratais leis an ngnáthphost nó iarratais thar an gcuntar.
  • Tá sé d’aidhm ag an tSeirbhís Pas na pasanna a bheith ar ais i 10 lá oibre ón lá a fhaighimid iarratas (ag brath ar an éileamh ag an am). Féadfaidh suas le 15 la oibre a bheith i gceist d’iarratasóirí céaduaire nó dóibh siúd atá ag iarraidh pas nua in áit chinn a cailleadh nó a goideadh, ar an gcoinníoll gur ndearnadh an t-iarratas mar is ceart.
  • Rianú níos fearr ar d’iarratas sa gcaoi gur féidir leat do thuras a phleanáil.