Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Ráiteas ón Aire faoin gcruinniú athbhreithnithe faoi Chomhaontú Theach Stormont

Aire Stáit Sean Sherlock, Aire Charles Flanagan, Próiseas Síochána Thuaisceart Éireann, Preas Ráiteas, Éireann, Tuaisceart Éireann, 2015

I ndiaidh cruinniú athbhreithnithe faoi Chomhaontú Theach Stormont i mBéal Feirste tráthnóna, dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Charlie Flanagan, TD:

"Leag mé béim ar thiomantas Rialtas na hÉireann Comhaontú Theach Stormont a chur i bhfeidhm.   Mar is eol do na Páirtithe go léir sa Chomhaontú, bhí sé deacair an Comhaontú seo a bhaint amach, díreach mar a bhí sé na hinstitiúidí, ar a bhfuil freagracht an Comhaontú a threorú, a bhaint amach.

"Tuigeann na rannpháirtithe go léir chomh tromchúiseach is a bhí an méid a thit amach le déanaí mar aon leis na hiarmhairtí a d'fhéadfadh a bheith ag cinntí sa tréimhse amach romhainn.


"Is mian leis an Rialtas réiteach a fháil ar an ndúsháinn pholaitiúil reatha mar go bhfuil leas againn i sláine an Chomhaontaithe ina iomláine agus i gcur i bhfeidhm an Chomhaontaithe ina iomláine, go háirithe forálacha an Chomhaontaithe le dul i ngleic le hoidhreacht an ama atá caite.

"Creidim gur féidir na dúshláin atá ann faoi láthair a shárú ach an toil pholaitiúil a bheith ann.  Ní mór do gach rannpháirtí a bheith diongbháilte agus ceannaireacht eisceachtúil a léiriú má táthar chun réiteach a fháil."

Dúirt an tAire do chomhoibriú Thuaidh/Theas, an tUasal Seán Sherlock, TD:

"Thug an cruinniú comhchéime inniu a raibh na páirtithe go léir páirteach ann deis dúinn na saincheisteanna atá os ár gcomhair faoi láthair a shoiléiriú.  Bhí cruinnithe déthaobhacha maithe agam féin agus ag an Aire Flanagan leis na páirtithe go léir.

"Tabharfaidh Cruinniú Iomlánach na Comhairle Aireachta Thuaidh-Theas a bheidh ar siúl i mBaile Átha Cliath níos déanaí an tseachtain seo deis eile dul i mbun idirphlé chomh maith lenár gcuid oibre maidir le tosaíochtaí Thuaidh-Theas mar a shamhlaítear faoi Chomhaontú Teach Stormont a thabhairt ar aghaidh."

 

CRÍOCH

Preasoifig

2 Meitheamh 2015