Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Ráiteas ón Aire Flanagan faoin Tragóid i mBerkeley

Minister Charles Flanagan, Consalachta, Preas Ráiteas, Meiriceá Thuaidh, 2015

"Tá mo Roinn agus ár gConsalacht i San Francisco fós ag tabhairt tacaíocht phraiticiúil agus cúnaimh inniu don lucht méala, do na daoine a gortaíodh agus do na mic léinn ar ghoill an tragóid i mBerkeley orthu.

"Tá daoine muinteartha leo siúd a fuair bás agus a gortaíodh ag triail ar San Francisco inniu, áit a mbuailfidh foireann ónár gConsalacht i San Francisco leo ar shroicheadh na cathrach dóibh. Thug foireann chonsalachta ó mo Roinn tacaíocht dóibh ag Aerfort Bhaile Átha Cliath sular thaisteal siad.

"Tá ár gConsalacht i San Francisco i mbun oibre leis na húdaráis áitiúla agus le heagraíochtaí an phobail Éireannaigh chun iompar agus lóistín a chur ar fáil dóibh siúd a bhfuil siad de dhíth orthu. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an bpobal Éireannach i San Francisco, le muintir na háite agus leis na húdaráis áitiúla. Chuir gach duine acu cúnamh agus tacaíocht ar fáil go fial dóibh siúd ar ghoill an timpiste choscrach seo orthu.

"Tuigimid go bhfuil a lán mac léinn Éireannach ann nár baineadh gortú coirp dóibh, ach ar baineadh suaitheadh mór astu agus a bhfuil dobrón orthu tar éis bás cairde agus comhscoláirí leo sa timpiste uafásach seo. D'oibrigh an Chonsalacht leis na húdaráis áitiúla i mBerkeley chun ionad teagmhais a chur ar bun i mBerkeley, áit a mbeidh comhairleoirí méala ar an láthair agus a mbeidh áiseanna ag daoine chun glaonna teileafóin a chur abhaile.

"Ba mhaith liom spreagadh a thabhairt d'aon teaghlaigh a bhfuil imní orthu faoi ghaolta ar bith leo i San Francisco agus a d'fhéadfadh na seirbhísí seo a bheith uathu dul i dteagmháil le Foireann Freagartha Consalachta na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála ar +353 1 418 0200.

"Tá beirt oifigeach ó Ambasáid Washington tagtha chuig San Francisco chun tuilleadh tacaíochta a chur ar fáil don fhoireann Chonsalachta inniu, agus tá ár gConsalachtaí i Nua-Eabhrac agus i mBostún réidh chun cabhrú le teaghlaigh a bheidh ag taisteal trí na cathracha sin.

"Go dtí seo, láimhseáil Ionad Práinnfhreagartha Consalachta na Roinne níos mó ná 500 glao ó dhaoine muinteartha agus ó chairde a raibh imní orthu, agus táimid fós réidh chun freagra a thabhairt."


17 Meitheamh 2015