Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

An tAire Deenihan le mórthaispeántas ealaíne agus dearaidh a oscailt i Chicago

Cúnamh Éireann, Cultúr, Caidreamh Taidhleoireachta, Maoiniú, Aire Stáit Jimmy Deenihan, Trádáil, Preas Ráiteas, Éireann, Meiriceá Thuaidh, 2015

An tAire Deenihan le mórthaispeántas ealaíne agus dearaidh a oscailt i Chicago
Tugann an tAire cuairt ar Chicago agus Milwaukee do Lá Fhéile Pádraig


 
Cuireann Aire an Diaspóra, Jimmy Deenihan TD, tús inniu lena chuairt Lá Fhéile Pádraig ar Chicago agus Milwaukee, áit a mbuailfidh sé le hionadaithe polaitiúla ardleibhéil, ceannairí gnó agus daoine den phobal Éireannach.
 
Sheol an tAire Deenihan céadbheartas diaspóra na hÉireann le deireanaí: Éireannaigh an Domhain, agus é ar a chuairt buailfidh sé le hionadaithe ó ghrúpaí tacaíochta imirceach Éireannacha Chicago, lena n-áirítear Éireannaigh gan cáipéisí inimirce, chun saincheisteanna a bhaineann leis an bpobal Éireannach a phlé, lena n-áirítear na hÉireannaigh gan cáipéisí agus na hionchais d’athchóiriú cuimsitheach ar an inimirce. 
 
Ar cheann de bhuaicphointí chuairt an Aire beidh a rannpháirtíocht in oscailt oifigiúil mhórthaispeántas ealaíne Éireannaí de chuid Institiúid Ealaíne Chicago Ireland: Crossroads of Art & design, 1690-1840.
 
Beidh an taispeántas seo ar an gcéad mhórthaispeántas le léiriú a dhéanamh ar mhínealaíona agus ar ealaíona maisiúla Éire na 18ú haois, breis agus 300 earra tugtha le chéile – cuid mhór acu nach bhfacthas cheana go poiblí. Fuarthas na hearraí ar iasacht ó bhailitheoirí poiblí agus príobháideacha ar fud Mheiriceá Thuaidh.
 
Ag labhairt dó go gairid tar éis dó Chicago a bhaint amach dúirt an tAire:
 
“Sa bhliain seo an Dearaidh Éireannaigh, is mór an onóir dom a bheith rannpháirteach in oscailt Ireland: Crossroads of Art & Design.  Níor tugadh faoi thaispeántas den chineál seo riamh cheana ar cheachtar taobh den Atlantach. Déanfaidh sé na hÉireannaigh a cheiliúradh mar ealaíontóirí, bailitheoirí agus patrúin. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine lena mbaineann as ucht a ngnaíúlacht faoi na saothair ealaíne seo a thabhairt ar iasacht, saothair a thugann forléargas saibhir ar oidhreacht chruthaitheach na hÉireann.” 
 
I Chicago buailfidh an tAire Deenihan le Gobharnóir nua Illinois, Bruce Rauner. Áirítear ar sceideal gnóthach an Aire cuairt ar Gaelic Park; dealbhóireacht chuimhneacháin an Ghorta Mhóir sa chathair; agus dinnéar ceiliúrtha na hInstitiúide Ealaíne. Glacfaidh an tAire Deenihan páirt in dhá pharáid Lá Fhéile Pádraig: Paráid Lá Fhéile Pádraig Chicago agus Paráid Dheisceart na Cathrach.
 
Ag labhairt dó ó Chicago dúirt an tAire Deenihan:
 
“Tá pobal ollmhór Éireannach anseo i Chicago agus, do chuid mhór acu, is lá bródúil ceiliúrtha a gcultúir, a n-oidhreacht agus a ngnóthachtalacha féin é Lá Fhéile Pádraig. Tá an-áthas orm an ócáid seo a roinnt leo i mbliana agus spreagadh a thabhairt dóibh go léir coinneáil i dteagmháil le hÉirinn i rith na bliana– trí thacú lena n-eagraíochtaí pobail Éireannacha áitiúla i Chicago nó trí fhanacht i dteagmháil le cairde agus le daoine muinteartha sa mbaile in Éirinn.”
 
Déanfaidh sé Bricfeasta Gnó Lá Fhéile Pádraig de chuid Connect Ireland a óstáil i Chicago freisin. Oibríonn Connect Ireland chun poist a chruthú in Éirinn trí oibriú leis an diaspóra Éireannach chun cuideachtaí iasachta atá ag leathnú go hidirnáisiúnta a mhealladh chun infheistíocht a dhéanamh in Éirinn.
 
Ar deireadh tabharfaidh an tAire cuairt ar an “nGairdín Éireannach” ag Seó Gairdín agus Bláthanna Chicago, mórimeacht bliantúil atá á eagrú ó 1847.  I mbliana beidh gairdín deartha ag Éireannach agus téama Éireannach ann ina ghné den Seó, é tógtha ag an dearthóir gairdín Pádraig Conway ó Ghairdíní Cotswold a rugadh in Éirinn agus atá lonnaithe sna SA. Tabharfar “Gairdín Oidhreachta Éireannach” air, cloch Éireannach ann, cúlraí agus gnéithe eile chun eispéireas gairdín tuaithe de chuid na hÉireann a chruthú.
 
Rachaidh an tAire Deenihan ar aghaidh go Milwaukee áit a dtabharfaidh sé cuairt ar Ionad Oidhreachta agus Cultúir Éireannach Milwaukee agus beidh an deis aige an taispeántas Labour & Dignity: James Connolly in America a fheiceáil, taispeántas taistil atá maoinithe i bpáirt ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála.
 
Buailfidh an tAire freisin le Méara Milwaukee Tom Barrett agus bronnfaidh sé Teastas um Oidhreacht Éireannach air. Buailfidh an tAire Deenihan le hionadaithe ó eagraíochtaí pobail Éireannacha Milwaukee agus féachfaidh sé ar na Ward Irish Music Archives, ceann de na bailiúcháin phoiblí de cheol na hÉireann is mó i Meiriceá.
 
 
CRÍOCH
An Phreas-Oifig
13Márta 2015

Nótaí d’eagarthóirí

Nótaí d’eagarthóirí: 
 

  • Sheol an tAire Deenihan céadbheartas diaspóra na hÉireann le deireanaí: Éireannaigh an Domhain. Léigh tuilleadh faoin mbeartas anseo.