Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tugann an tAire Sherlock cuairt ar an Aetóip

Aire Stáit Sean Sherlock, Trádáil, Cúnamh Éireann, Preas Ráiteas, An Afraic, Éireann, 2015

Tugann an tAire Sherlock cuairt ar an Aetóip chun aird a tharraingt ar dheiseanna infheistíochta agus trádála

Tugann an tAire Stáit d’fhorbairt, Trádáil agus Chomhar Thuaidh Theas, Seán Sherlock, TD, aghaidh ar an Aetóip ar chuairt trí la inniu mar chuid de thionscnamh an Rialtais “Éire a Chur Chun Cinn” le Lá Fhéile Pádraig a chomóradh.

 

Beidh coinnithe infheistíochta agus trádála ar siúl le linn cuairt an Aire Sherlock i dteannta cuairteanna ar roinnt tionscnamh maoinithe ag Cúnamh Éireann a bhfuil fócas earnála tráchtála nó príobháidí acu.

 

Ag labhairt roimh imeacht dó dúirt an tAire Sherlock:

 

“Meastar go mbeidh an Aetóip ar an 20 geilleagar is tapa fáis ar domhan i mbliana agus tá poitéinseal mór aici do chuideachtaí Éireannacha atá ag lorg deiseanna infheistíochta tairbhiúil don dá thaobh. Is fiú thart ar €20 milliún in aghaidh na bliana cheana ár dtrádáil déthaobhach leis an Aetóip.

 

“I rith na cuairte deiridh a thug mé ar an Aetóip i mí na Samhna in éineacht leis an Uachtarán Higgins, shínigh mé Comhaontú um Chánachas Dúbailte idir Éire agus an Aetóip, mar aon le Comhaontú Iompair Aeir déthaobhach a réiteoidh an bealach d’aerbhealach de chuid Airlínte na hAetóipe. 

 

“Agus eitiltí díreacha idir Baile Átha Cliath agus Addis Ababa ar tí tosaithe ó Mheitheamh na bliana seo tá poitéinseal ollmhór chun trádáil, infheistíocht agus turasóireacht a threisiú idir Éire agus an Aetóip.”

 

Ar an Domhnach, an 15ú lá, beidh an tAire Sherlock i láthair agus an chéad sheirbhís aistrithe airgid mhóibíleach san Aetóip i mbun feidhme, ar a dtugtar an tseirbhís M-BIRR. Ba thairbhí de scéim Tosaithe Ardacmhainne Fiontraíocht Éireann an tionscnamh seo. Tabharfaidh an tAire cuairt freisin ar an gcuibhreannas maoinithe ag Cúnamh Éireann a chuireann páiseoga, mangónna, mandairíní agus torthaí eile ar fáil don chuideachta Éireannach-Ollannach Africa Juice, don onnmhairiú. 

 

 

Is sárshamplaí iad seo den chaoi ar féidir leis an earnáil phríobháideach tacú le haistriú eacnamaíoch agus sóisialta san Afraic, ag cur seirbhísí airgeadais ar fáil do cheantair thuaithe a ndéantar tearcfhreastal orthu trí M-BIRR agus trí earnáil onnmhairithe na hAetóipe a threisiú le Africa Juice”, a dúirt an tAire Sherlock.

 

Ar an Luan an 16ú la, tabharfaidh an tAire cuairt ar Mhalartán Tráchtearraí na hAetóipe in Addis Ababa áit a mbuailfidh sé an clog le hidirbheart nua a chomóradh. Chuir Cúnamh Éireann maoiniú gnólachta nuathionscanta tosaigh de €400,000 ar fáil do Mhalartán Tráchtearraí na hAetóipe mar chuid d’iarracht níos leithne slite maireachtála i bpobail tuaithe a fheabhsú.

 

Agus béim á chur ar chúnamh forbartha fadtéarmach na hÉireann don Aetóip trí Chúnamh Éireann, dúirt an tAire Sherlock:

 

Tá an Aetóip ar cheann de Phríomhthíortha Comhpháirtíochta na hÉireann agus anuraidh chuireamar breis agus €25 milliún ar fáil i gcúnamh do na codanna is boichte agus is leochailí de shochaí na hAetóipe.

 

“Léiríonn na tionscadail a dtabharfaidh me cuairt orthu an chaoi a bhfuil Cúnamh Éireann ag dul i ngleic leis an earnáil phríobháideach mar chatalaíoch d’fhorbairt na hAetóipe.”

 

Tabharfaidh an tAire Sherlock cuairt freisin ar thrádstóras de chuid an Chlár Domhanda Bia (WFP) in Adama, as a dtógtar cúnamh bia a iompraítear go Gambella in iardheisceart na hAetóipe sula scaoiltear ón aer isteach in deisceart na Súdáine é. Chuir Éire €750,000 ar fáil don WFP le deireanaí mar chuid de ranníocaíocht níos leithne don iarracht faoisimh dhaonnúil sa tSúdáin Theas, lena n-áirítear cúnamh do theifigh i Stáit chomharsanachta mar Aetóip. 

 

 

Ar an Luan an 16 Márta buailfidh an tAire Sherlock leis an Aire Stáit um Ghnóthaí Eachtracha, an tAmbasadóir Berhane GebreChristos, le himlíne treochláir 20 bliana do chaidreamh Éireannach- Aetópach a phlé, agus na spriocanna forbartha inbhuanaithe iar-2015.

 

Cuirfidh an tAire Sherlock críoch lena chuairt mar aoi onóra ag fáiltiú Lá Fhéile Pádraig in Addis Ababa a meastar go mbeidh thart ar 300 aoi i láthair aige óna pobail taidhleoireachta, forbartha, gnó agus Éireannacha.

 

CRÍOCH

An Phreas-Oifig

13 Feabhra 2015

Nóta d’Eagarthóirí

  • Is clár cúnaimh thar lear de chuid an Rialtais é Cúnamh Éireann. Déanann an Rannóg um Chomhar Forbraíochta den Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála é a bhainistiú. Le tuilleadh eolais a fháil féach www.irishaid.ie

 

  • Tagann an chuairt seo ar an Aetóip tar éis cuairt a thug an tUachtarán Michael D. Higgins agus Sabina Higgins uirthi i Samhain 2014, an tAire Stáit Sherlock á dtionlacan.

 

  • Tá caidreamh fadtéarmach ag Éirinn le Poblacht Dhaonlathach Chónaidhme na hAetóipe, láithreacht ar an talamh aici ansin ó 1994. 

 

  • Tá Aerlínte na hAetóipe ar tí eitiltí díreacha a thosú ó Addis-Ababa go Baile Átha Cliath i Meitheamh 2015 mar chuid dá mbealach trasatlantach go Los Angeles.

 

  • Bhí luach 19.5 milliún ar thrádáil déthaobhach leis an Aetóip in 2014; bhí luach €18.42 milliún ar onnmhairithe agus €1.08 milliún ar allmhairithe.

 

  • Bunaíodh clár déthaobhach na hÉireann san Aetóip in 1994. Déantar an clár a riaradh trí Ambasáid na hÉireann in Addis Ababa. Tiomnaíonn straitéis na hÉireann do chúnamh forbartha déthaobhach don Aetóip acmhainní Chúnamh Éireann do dhíriú ar na codanna is boichte agus is leochailí de shochaí na hAetóipe chun a leasa. Is fiú €25.53 milliún Buiséad an Chláir do 2015.        

 

  • Is áit mhargaidh Malartán Tráchtearraí na hAetóipe (ECX) áit a dtagann ceannaitheoirí agus díoltóirí tráchtearraí le chéile chun trádáil a dhéanamh, iad cinnte den cháilíocht, seachadadh agus íocaíocht. Tosaíodh ar an trádáil ann in Aibreán 2008. Déanann an ECX trádáil i gcúig thráchtearra: caife, grán buí, cruithneacht, seasaman, pis bhó agus pónairí.