Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

An tAire Sherlock ina óstach ar an gCeathrú Fóram Comhpháirtíochta

Aire Stáit Sean Sherlock, Preas Ráiteas, Éireann, 2015

An tAire Sherlock ina óstach ar an gCeathrú Fóram Comhpháirtíochta de chuid na hAfraice Theas agus na hÉireann

Bhí an tAire Stáit um Fhorbairt, Cur Chun Cinn na Trádála agus Comhar Thuaidh-Theas, Seán Sherlock, TD, ina chomh-chathaoirleach inniu ar an gCeathrú Fóram Comhpháirtíochta de chuid na hAfraice Theas agus na hÉireann i dTeach Uíbh Eachach, Baile Átha Cliath, in éineacht le Leas-Aire Phoblacht na hAfraice Theas um Chaidreamh Idirnáisiúnta agus Comhoibriú, an tUasal Luwellyn Landers.

Bhí cainteanna ag na hairí faoi chuid mhór ábhar a bhain le cúrsaí polaitiúla, geilleagracha agus sóisialta sa dá thír, agus rinneadar athdhearbhú ar an dlúthchairdeas agus an dlúthcheangal is bonn leis an gcaidreamh idir Éire agus an Afraic Theas.

Ag leanúint ar aghaidh ón gcuairt oifigiúil oibre a thug an tUachtarán Micheál D. Ó hUiginn ar an Afraic Theas i mí na Samhna 2014, cuairt ar éirigh go geal léi, agus ag tógáil ar an Misean Trádála chun na hAfraice Theas i mí Bealtaine 2015 faoi stiúir an Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Charles Flanagan TD, bhí an deis ann ag an gcruinniú plé ardleibhéil a dhéanamh faoin gcaidreamh trádála agus infheistíochta a neartú agus a fhorbairt a thuilleadh.

Díríodh aird ar an gcomhar i roinnt réimsí tábhachtacha, lena n-áirítear san earnáil fuinnimh áit a bhfuil ESB International agus ESKON i mbun comhoibrithe le roinnt blianta, mar shampla. Rinneadh plé freisin faoi réimsí eile a d'fhéadfaí a leathnú tuilleadh amach anseo, lena n-áirítear an earnáil turasóireachta agus an earnáil oideachais.

Labhair an tAire Sherlock faoin luach atá ag an bhFóram:

"An ceangal atá idir Éire agus an Afraic Theas le fada an lá, tá sé bunaithe ar dhea-chaidreamh idir an dá thír san am atá caite. Tá sé beartaithe againn an cairdeas sin a iniúchadh a thuilleadh mar chuid de na himeachtaí comórtha atá beartaithe i ndáil le ceiliúradh céad bliain Éirí Amach 1916.

"Tá an caidreamh geilleagrach idir Éire agus an Afraic Theas ag dul ó neart go neart agus tá an Afraic Theas ar cheann de na 27 margadh tosaíochta domhanda a sainaithníodh i Straitéis Trádála an Rialtais. Tá clár comhair ag Éirinn leis an Afraic Theas le fada trí Chúnamh Éireann, lena n-áirítear trí Chlár Comhaltachta Kader Asmal, faoina gcuirtear cláir iarchéime aon bhliana amháin ar fáil in Éirinn do mhic léinn ón Afraic Theas i roinnt réimsí sainithe."

CRÍOCH
An Phreasoifig
An 26 Samhain, 2015

Notes to Editor

Established in 2004, the Partnership Forum is the structured bilateral mechanism between South Africa and Ireland. Previous Partnership Forums took place in 2006 (Pretoria), 2009 (Dublin) and 2012 (Cape Town).

The Kader Asmal Fellowship Programme aims is to help in addressing the continuing educational needs in South Africa through the provision of one year post-graduate programmes in Ireland to deserving candidates in a number of defined areas. It is named in honour of the late Professor Kader Asmal, Former Minister for Water Affairs in the first democratically elected South African Government and former Minister of Higher Education. Professor Asmal was also the founder of the Irish Anti Apartheid Movement and the Irish Council of Civil Liberties, as well as former Professor of Law at Trinity College Dublin (TCD) and at the University of the Western Cape (UWC).

Download the Joint Communiqué issued following the Partnership Forum (PDF)