Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Cáineadh ón Aire ar an ionsaí ar phóilíní de chuid Sheirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann

Minister Charles Flanagan, Preas Ráiteas, Éireann, 2015

Cáineadh ón Aire Flanagan ar an ionsaí ar phóilíní de chuid Sheirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann i mBéal Feirste

Tá cáineadh déanta ag an Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Charles Flanagan T.D., ar an ionsaí ar phóilíní in Iarthar Bhéal Feirste. Dúirt sé:

"Cáinim an t-ionsaí a rinneadh aréir ar Sheirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann in Iarthar Bhéal Feirste.

"Déanann an tSeirbhís sin gach duine sa phobal a chosaint agus freastalaíonn sí ar gach duine. Bíonn an dá sheirbhís póilíneachta ar an oileán seo ag obair as lámha a chéile. Iad siúd a dhéanann ionsaí orthu, is amhlaidh go ndéanann siad ionsaí orainn go léir."

 

CRÍOCH
An Phreasoifig
An 27 Samhain, 2015