Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

An tAire Murphy ag freastal ar Chomhdháil Airí an Aontais don Réigiún Meánmhuirí

Aire Stáit Dara Murphy, Preas Ráiteas, Éireann, 2015

An tAire Murphy ag freastal ar Chomhdháil Airí an Aontais don Réigiún Meánmhuirí atá dírithe ar an imirce agus an sceimhlitheoireacht

Rinne Dara Murphy TD, an tAire Gnóthaí Eorpacha, ionadaíocht ar son na hÉireann inniu ag Comhdháil Airí an Aontais don Réigiún Meánmhuirí i mBarcelona, an chéad chruinniú Airí Gnóthaí Eachtracha dá leithéid ó 2008 i leith. Cuireann an tAontas sin fóram ar leith ar fáil le haghaidh comhar réigiúnach agus idirphlé i réigiún na hEorpa agus na Meánmhara. Bhí an ghéarchéim imirce agus an sceimhlitheoireacht idirnáisiúnta ar dhá cheann de na príomhcheisteanna ar tugadh aghaidh orthu ag an gcomhdháil.

Ag labhairt dó i mBarcelona, dúirt an tAire Murphy:

"Áitím ar Bhallstáit an Aontais don Réigiún Meánmhuirí a gcuid acmhainní nach beag a chur le chéile chun dul i ngleic i gceart leis an dá dhúshlán ar leith atá le sárú againn anois, an imirce agus an sceimhlitheoireacht idirnáisiúnta, lena n-áirítear na cúiseanna is bonn leo: an chogaíocht, an bhochtaineacht agus sáruithe ar chearta an duine.

"Is é an tAontas don Réigiún Meánmhuirí an t-aon eagraíocht amháin a thugann le chéile na 28 mBallstát den Aontas Eorpach agus 15 thír ó bhruacha theas agus thoir na Meánmhara in aon eagraíocht idir-rialtasach amháin. Mar sin, tá ról tábhachtach ag an Aontas mar chuid den fhreagairt chomhordaithe ar na dúshláin choiteanna sin."

Chomh maith le gníomhú mar fhóram le haghaidh idirphlé réigiúnach, déanann an tAontas don Réigiún Meánmhuirí cistiú ar thionscadail thar raon leathan gníomhaíochtaí lena n-áirítear forbairt gnó, uisce agus comhshaol, agus fuinneamh agus gníomhaíocht i leith na haeráide.

 


CRÍOCH
An Phreasoifig
An 26 Samhain, 2015