Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Fógra déanta ag na hAirí i dtaobh tacaíocht mhéadaithe do stoc-charnadh soláthairtí daonnúla na UN

Inniu, d'fhógair an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Charles Flanagan, TD, agus an tAire um Fhorbairt, Cur Chun Cinn na Trádála agus Comhar Thuaidh-Theas, Seán Sherlock, TD, go bhfuil Éire ag cur lena stoc-chairn de sholáthairtí faoisimh dhaonnúil agus ag cur cistiú breise USD $1 mhilliún ar fáil chun tacú le líonra Iostaí na Náisiún Aontaithe um Fhreagairt Dhaonnúil.

Tá Iostaí na Náisiún Aontaithe um Fhreagairt Dhaonnúil, atá á mbainistiú ag an gClár Domhanda Bia, lonnaithe go straitéiseach ar fud an domhain, le haghaidh soláthairtí faoisimh éigeandála a sholáthar, a stóráil agus a iompar. Faoi Thionscnamh Mearfhreagartha na hÉireann, cuireann Cúnamh Éireann soláthairtí daonnúla riachtanacha ar nós puball, pluideanna agus coimeádáin uisce chuig moil in Accra, Brindisi, Dubai, Kuala Lumpur agus Panama, sula dteastaíonn siad. Tá na moil sin in aice le limistéir atá i mbaol tubaiste nó géarchéime, rud a chinntíonn go mbeidh costais iompair níos ísle i gceist agus gur féidir soláthairtí daonnúla Éireannacha a chur chun bealaigh go tapa go dtí suas le 55,000 duine san aon am amháin le linn géarchéime.

Agus an tacaíocht bhreise sin á fógairt aige, dúirt an tAire Flanagan:

"Tá Éire ag tacú le fada an lá le líonra Iostaí na Náisiún Aontaithe um Fhreagairt Dhaonnúil. Uirlis ríthábhachtach, sár-éifeachtach is ea an líonra sin mar chuid d'fhreagairt dhaonnúil na hÉireann, agus anuraidh bhí áthas orm athnuachan a dhéanamh ar ár gcomhpháirtíocht leis na Náisiúin Aontaithe go dtí 2018.

"Tá géarchéim dhaonnúil ar leibhéal nach bhfacthas roimhe seo le sárú ag an domhan, agus ní mór dúinn a bheith feistithe chun freagra a thabhairt tráth a bheidh na cistí teoranta agus na riachtanais ag dul i méid. Táim á fhógairt inniu go gcuirfidh Éire USD $1 mhilliún breise ar fáil chun cur le cumas na Náisiún Aontaithe i dtaobh freagra a thabhairt ar ghéarchéimeanna de bharr tubaistí nádúrtha agus coinbhleachtaí.

"Cheana féin i mbliana, tá beagnach 300 tonna de sholáthairtí faoisimh réamh-shuite na hÉireann, dar luach €2.7 milliún, curtha chun bealaigh mar fhreagra ar ghéarchéimeanna ar nós an chreatha talún i Neipeal. Chuireamar soláthairtí chun bealaigh freisin le haghaidh dídeanaithe ó choinbhleachtaí, lena n-áirítear dídeanaithe ón Nigéir i gCamarún agus iad ar teitheadh ó Boko Haram".

Dúirt an tAire Seán Sherlock freisin:

"Mar gheall ar scála mór an riachtanais dhaonnúil ar fud an domhain anois, ní mór dúinn a chinntiú go mbeidh soláthairtí faoisimh suite roimh ré san áit cheart. Tá dhá thrian den domhan laistigh de seacht n-uaire an chloig ón mol daonnúil i Dubai, agus tá líon na soláthairtí daonnúla atá á stóráil againn ansin á ndúbailt againn anois. Ina theannta sin, táimid ag feabhsú na gcóras sa mhol in Accra ionas gur féidir linn freagra níos tapa agus níos éifeachtaí a thabhairt ar na géarchéimeanna daonnúla iomadúla ar fud na hAfraice.

"Ní mór dúinn a chinntiú go bhfuil ár soláthairtí faoisimh ag freastal ar riachtanais láithreacha na ndaoine is leochailí, go háirithe mná agus leanaí. Táimid ag feabhsú ár stoc-charn chun a chinntiú go n-áirítear leo soláthairtí atá riachtanach do dhínit agus sábháilteacht na dteaghlach dídeanaithe."

 

CRÍOCH
An Phreasoifig
An 26 Samhain, 2015