Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Thrí Aerbhealach Nua de chuid Aer Lingus idir Éire agus na Stáit Aontaithe

Minister Charles Flanagan, Preas Ráiteas, Éireann, Meiriceá Thuaidh, 2015

Chuir an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Cathal Ó Flannagáin, TD, fáilte chroíúil inniu roimh fhógra ó Aer Lingus maidir le mórleathnú ar a ghréasán bealaí tras-Atlantacha.

Agus é ag caint faoi na heitiltí díreacha breise atá á gcur le sceideal Aer Lingus, is é sin, eitiltí ó Bhaile Átha Cliath go Los Angeles, go Newark agus go Hartford (Connecticut), ar eitiltí iad a mhéadaíonn an líon ceann scríbe atá ag Aer Lingus sna Stáit Aontaithe faoi dhó, dúirt an tAire Ó Flannagáin an méid seo a leanas:

I gcomhthéacs eacnamaíochta, is forbairt an-suntasach é seo, sa mhéid go bhfuil méadú ar aer-rochtain dhíreach i measc na nithe is tábhachtaí a spreagann sreabhadh trádála, infheistíochta agus turasóireachta idir an dá thír.

“Ní fada go mbeidh aon bhealach déag á n-oibriú ag Aer Lingus idir Éire agus na Stáit Aontaithe arb é an margadh is mó dár gcuid i dtaca le hearraí onnmhairiúcháin de; sa bhliain 2014, ghlac na Stáit Aontaithe le 22% dár n-earraí onnmhairiúcháin, sin méadú níos mó na 7% i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin.

“Chomh maith leis sin, is é na Stáit Aontaithe an comhpháirtí is mó atá ag Éirinn i dtaca le seirbhísí de. Leanann na Stáit Aontaithe dá ionad mar an príomhinfheisteoir aonair is mó in Éirinn, is é sin le rá, is ó na Stáit Aontaithe a fuarthas os cionn 70% de na hinfheistíochtaí a gnóthaíodh ó bhí an bhliain 2010 ann.

“Tá mo Roinnse ag obair go crua ar bhonn praiticiúil chun forbairt a dhéanamh ar na ceangail trádála agus infheistíochta sin, ar obair í sin a bhfuil ár nAmbasáid in Washington DC i gceannas uirthi agus tacaíocht á fáil ó shé oifig chonsalachta ar fud na Stát Aontaithe.”

Agus é ag machnamh ar thábhacht na Stát Aontaithe mar fhoinse turasóireachta, dúirt an tAire Ó Flannagáin an méid seo a leanas freisin:

Mar fhoinse turasóireachta, tá na Stáit Aontaithe ar cheann de na ceithre mhargadh is suntasaí dá bhfuil againn anois. Is ó mhargadh na Stát Aontaithe a thagann 15% de na cuairteoirí coigríche ar Éirinn ach faightear 25% den ioncam iomlán ón margadh sin. Tacóidh na bealaí nua seo le leathnú leantach ar líon na gcuairteoirí ó na Stát Aontaithe san am atá romhainn.”

Maidir leis na bealaí ar leithligh, dúirt an tAire Ó Flannagáin an méid seo a leanas:

Mar thoradh ar Aer Lingus a bheith ar ais ar bhealach Los Angeles, tar éis tréimhse cúig bliana gan a bheith ann, cuirfidh an tseirbhís seo le seirbhís Aerlínte na hAetóipe ar an mbealach tábhachtach seo chuig Cósta Thiar na Stát Aontaithe agus beidh minicíocht agus acmhainn bhreise ar fáil don mhol an-tábhachtach seo.

“Soláthróidh seirbhís nua Aer Lingus go Newark nasc díreach leis an gcathair is mó de chuid New Jersey agus, chomh maith leis sin, soláthróidh sí tuilleadh nascachta le Nua-Eabhrac ós rud é nach bhfuil Newark ach 8 míle ó Manhattan.

“Den chéad uair, soláthróidh seirbhís úrnua Aer Lingus go Hartford rochtain dhíreach ó Éirinn ar Stát Connecticut sna Stáit Aontaithe. Tá pobal mór Éireannach-Meiriceánach ann in Connecticut agus, go dtí seo, bhí ar na daoine sin taisteal chuig Nua-Eabhrac nó chuig Bostún chun eitilt a fháil go hÉirinn”.

CRÍOCH

An Phreas-Oifig

21 Deireadh Fómhair 2015