Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

An tAire Murphy i Lucsamburg chun Imirce, an tSiria agus Caidreamh an AE le tíortha

Aire Stáit Dara Murphy, An tAontas Eorpach, Preas Ráiteas, Éireann, 2015

An tAire Murphy i Lucsamburg chun Imirce, an tSiria agus Caidreamh an AE le tíortha na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin a phlé.

Tá an tAire Stáit maidir le Gnóthaí Eorpacha, Dara Murphy TD, i Lucsamburg inniu (Dé Luain) chun freastal ar chruinniú le hAirí Gnóthaí Eachtracha an AE.

Ar an gclár beidh na hullmhúcháin do chruinniú mullaigh Vaileite maidir le himirce, cúrsaí i Libia, an choimhlint leanúnach sa tSiria agus caidreamh an AE le tíortha na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin.

Ag labhairt dó roimh an chruinniú, dúirt an tAire Murphy:

"Tá an dúshlán a chuireann an ghéarchéim imirce roimh an Eoraip gan fasach le blianta beaga anuas. Ní mór don AE oibriú le chéile ar bhealach dlúth agus comhoibríoch má táimid chun an dúshlán a shárú. Tá iarracht déanta ag Éire a bheith atruach agus praiticiúil araon, ag iarraidh an fhulaingt a mhaolú agus dul i ngleic le cúis na himirce chomh maith."

Tabharfaidh an cruinniú aghaidh chomh maith ar chúrsaí mar atá siad sa Libia agus sa tSiria, agus ar na hiarrachtaí atáthar á ndéanamh faoin AE chun réiteach polaitiúil a fháil ar an ngéarchéim. Dúirt an tAire Murphy:

"Fáiltím roimh na forbairtí is déanaí sna cainteanna síochána sa Libia agus tacaím leis an AE agus é ag iarraidh ar gach páirtí an comhaontú arna mholadh ag an NA a fhormhuiniú.

"Déanfaidh na hairí plé ar chúrsaí mar atá siad ar an talamh sa tSiria agus breithneoidh siad conas is féidir leis an AE tacú leis an bpróiseas faoi stiúir na Náisiún Aontaithe chun réiteach fadtréimhseach agus inbhuanaithe a fháil ar an gcoimhlint. Tá sé mar thosaíocht ag Éire agus ag an AE idirbheartaíochtaí síochána bríocha a atosú chomh luath agus is féidir. Tá tionchar ag an ngéarchéim sa tSiria orainn go léir, mar a léirigh an ghéarchéim imirce is déanaí. Ní mór dúinn tacú le freagairt chuimsitheach, a thugann aghaidh ar iarmhairtí daonnúla agus slándála na coimhlinte agus gluaiseacht i dtreo réitigh pholaitiúil chomh maith. Iarraim ar na Stáit go léir a bhfuil tionchar acu ar na páirtithe sa choimhlint a dtacaíocht ar fad a thabhairt d'iarrachtaí an AE."

Pléifidh cruinniú na Comhairle caidreamh an AE le tíortha na Afraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin (tíortha ACP).

Mar gheall ar fhócas ár gclár cúnaimh, cuirim fáilte mhór roimh an deis seo béim a leagan ar chomh tábhachtach agus atá ár gcaidreamh leis na tíortha ACP dúinn. Tá athrú tagtha ar an domhan ó Cotonou in 2000. Táim ag súil le plé a dhéanamh lenár gcomhpháirtithe san AE ar conas is féidir an caidreamh a thabhairt ar aghaidh agus a fhorbairt le go mbeidh sé níos oiriúnaí don domhan ina bhfuilimid inár gcónaí faoi láthair agus do dhúshláin nua de réir mar a eascraíonn siad", a dúirt an tAire Murphy.

CRÍOCH
PREASOIFIG
12 DEIREADH FÓMHAIR 2015