Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Ráiteas maidir le Tuaisceart Éireann ón Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Charlie Flanagan TD

Minister Charles Flanagan, Preas Ráiteas, Éireann, 2015

"Tá an measúnú ar ghrúpaí éagsúla paraimíleata i dTuaisceart Éireann a rinne an PSNI agus Seirbhísí Slándála na Breataine, agus a d'fhoilsigh Rialtas na Breataine inniu an-tromchúiseach.

"Cé go n-aithnímid nach bhfuil baol sceimhlitheoireachta ag baint leis na heagraíochtaí paraimíleata sin a thuilleadh, mar sin féin léiríonn an measúnú go bhfuil gníomhaíochtaí iarmharacha atá casta agus dúshlánach, nach féidir glacadh leo, ar siúl ag grúpaí éagsúla i dTuaisceart Éireann, gníomhaíochtaí atá ag déanamh dochair do phobail agus nach mór aghaidh a thabhairt orthu.

"Léiríonn an measúnú an tábhacht chriticiúil a bhaineann leis an bpróiseas Cainteanna polaitiúla atá ar siúl faoi láthair i dTuaisceart Éireann. Tá na cainteanna sin, ar cuireadh tús leo chun na hinstitiúidí cumhachtroinnte a chosaint, dírithe ar aghaidh a thabhairt ar thionchar agus oidhreacht an pharlaiminteachais agus ar Chomhaontú Theach Stormont a chur i bhfeidhm go hiomlán. Tá súil agam go gcuirfidh measúnú an lae inniu an PSNI agus ag Seirbhísí Slándála na Breataine dlús in athuair faoi phróiseas na gCainteanna.

"Agus 21 bliain caite ó bhí na chéad sosanna comhraic parlaimíleata ann, ní mór an t-aistriú chuig sochaí atá normalaithe go hiomlán i dTuaisceart Éireann a thabhairt ar aghaidh go cinnte. Tá dualgas cúraim ar gach rannpháirtí i gCainteanna Theach Stormont i leith mhuintir an oileáin seo d'fhonn deireadh a chur le parlaiminteachas sa phobal. Tá sé de dhualgas ar na páirtithe polaitíochta go léir atá páirteach sna Cainteanna teagmháil a dhéanamh lena chéile faoin ábhar criticiúil seo agus, in éineacht le Rialtas na Breataine agus Rialtas na hÉireann, torthaí a chomhaontú a chuireann síocháin agus cobhsaíocht pholaitiúil ar fáil i dTuaisceart Éireann."

CRÍOCH