Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Seolann an tAire Flanagan an Cárta Pas Éireannach lena Úsáid i 30 Tír Eorpach

Seolann an tAire Flanagan an Cárta Pas Éireannach lena Úsáid i 30 Tír Eorpach

Úsáid cheannródaíoch bainte as Teicneolaíocht agus Dearadh de chuid na hÉireann


Ar Oscailt Anois d'Iarratais Ar Líne


Inniu d'fhógair an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, an tUasal Charlie Flanagan TD, go bhfuiltear ag glacadh le hiarratais ar líne ar an gcárta pas nua anois ó shaoránaigh Éireannacha.


Cur chuige nuálach is ea an cárta nua a chuirfidh ar a gcumas do shaoránaigh na hÉireann taisteal laistigh de gach ceann den tríocha tír de chuid an Aontais Eorpaigh agus an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (LEE). Saoránaigh ar daoine fásta iad agus a bhfuil leabhar pas bailí Éireannach acu cheana féin, tá siad i dteideal cur isteach ar an gcárta, atá deartha ionas go rachaidh sé go héasca isteach i sparán ar bith.


Ag labhairt dó ag an bhfógra faoin tseirbhís nua, dúirt an tAire Flanagan:


"Tá mé thar a bheith sásta a fhógairt gur féidir iarratais ar an gcárta pas nua a chur isteach ar líne ó inniu ar aghaidh, trí shuíomh gréasáin mo Roinne agus freisin trí aip mhóibíleach nua atá deartha go sonrach chun na críche sin.


"Tá nuálaíocht shuntasach i gceist le tabhairt isteach an chárta pas, a chuirfidh feabhas ar chúrsaí taistil do mhuintir na hÉireann agus iad ag dul ar laethanta saoire nó ar thurais ghnó go dtí tríocha tír ar fud na hEorpa. Na saoránaigh a chuirfidh iarratas isteach, ní mór leabhar pas bailí a bheith acu cheana féin, ach beidh siad in ann leas a bhaint as an gcárta pas as féin chun taisteal chuig cinn scríbe ardéilimh ar nós na Spáinne, na Fraince agus na hIodáile.


"Seo tionscadal a ndearnadh é a threorú agus a dhearadh in Éirinn, agus ina mbaintear leas as gnéithe teicneolaíochta agus slándála ceannródaíocha chun cárta a sholáthar atá níos éasca le húsáid agus níos solúbtha ná táirge ar bith a tháinig roimhe."


Dúirt an tAire freisin:


"Cúis bhróid ar leith dom is ea go bhfuilimid ar cheann de na chéad tíortha ar fud an domhain inar tugadh isteach cárta pas den sórt seo. Tugann sé léargas an-dearfach ar smaointeoireacht chruthaitheach agus nuálaíocht Éireannach agus léiríonn sé gur deimhin go bhfuilimid inár gceannródaithe sa réimse seo.


Leagtar béim leis freisin ar thiomantas an Rialtais maidir le cur le seirbhísí poiblí ar líne."


Tá sonraí iomlána faoi conas cur isteach ar an gcárta pas ar fáil ag www.dfa.ie/ie/phascharta/