Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Buaileann an tAire Sherlock le honnmhaireoirí Éireannacha ag Seachtain IMW

Aire Stáit Sean Sherlock, Trádáil, Preas Ráiteas, Éireann, 2015

Buaileann an tAire Sherlock le honnmhaireoirí Éireannacha ag Seachtain Margaí Idirnáisiúnta Fhiontraíocht Éireann

Thug an tAire Stáit um Thrádáil ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Seán Sherlock, TD, cuairt inniu ar Sheachtain Margaí Idirnáisiúnta Fhiontraíocht Éireann atá ar siúl san RDS. Bhuail an tAire Sherlock le honnmhaireoirí Éireannacha agus le hionadaithe ó líonra oifigí idirnáisiúnta Fhiontraíocht Éireann agus phléigh an chaoi is fearr le tacú le deiseanna margaidh thar lear do chuideachtaí Éireannacha agus conas is fearr a thacódh an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála leis na hiarrachtaí seo.

Is í Seachtain na Margaí Idirnáisiúnta (IMW) an t-imeacht cliant is mó a eagraíonn Fiontraíocht Éireann agus tá sé ar cheann de na himeachtaí gnó is mó in Éirinn. An tseachtain seo buailfidh breis agus 400 cliant de chuid Fhiontraíocht Éireann le hionadaithe ó oifigí Fhiontraíocht Éireann thar lear, mar aon leis an bhfoireann atá bunaithe in Éirinn i réimsí amhail margaíocht idirlín, soláthar poiblí, acmhainn agus meantóireacht, baincéireacht, taighde agus nuálaíocht, Horizon 2020 agus foinsiú domhanda.

Ag labhairt dó le linn a thurais ar IMW, dúirt an tAire Sherlock:

“Mar Aire Stáit um Thrádáil tá an-áthas orm freastal ar Sheachtain Margaí Idirnáisiúnta Fhiontraíocht Éireann arís agus bualadh agus tacú le pobal onnmhairithe rathúil na hÉireann. Tá suim ar leith agam i réimsí a aithint is fearr a d’fhéadfadh an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, go háirithe trína líonra Ambasáide agus trí oibriú go dlúth le Fiontraíocht Éireann agus le gníomhaireachtaí Stáit eile, tacú le honnmhaireoirí na hÉireann a n-oibríochtaí thar lear a fhorbairt tuilleadh.”

“I mbliana amháin ghlac mé páirt i gceithre mhisean trádála de chuid Fhiontraíocht Éireann, dhá cheann á threorú go dtí an RA ag díriú ar na hearnálacha aeraspáis, eitlíochta agus teicneolaíocht uisce, ceann go dtí an Fhrainc a dhírigh freisin ar an earnáil aeraspáis agus eitlíochta, agus ag glacadh páirte i gcuairt staidéir margaidh de chuid Fhiontraíocht Éireann go dtí an Eastóin, ceannaire domhanda sa gheilleagar digiteach.”

Tabharfaidh an tAire Sherlock an t-aitheasc oscailte ag Comhdháil Chógacheimiceach Éireann i gCorcaigh ar an gCéadaoin (23 Meán Fómhair) agus tabharfaidh sé an t-aitheasc oscailte freisin ag an sraith de Cheardlanna Braislithe Idirghníomhacha, eagraithe ag Institiúid Teicneolaíochta Chorcaí ar an Luan seo chugainn ( 28 Meán Fómhair).