Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tugann an tAire Flanagan cuireadh don phobal chuig seastán Chúnamh Éireann

Minister Charles Flanagan, Trádáil, Cultúr, Cúnamh Éireann, Preas Ráiteas, Éireann, 2015

Cuirfidh Seastán Chúnamh Éireann béim ar Bhia & Feirmeoireacht, Ról Chúnaimh Dhaonnúla agus Gníomhaíochtaí Teaghlaigh

Agus tús á chur le Comórtas Náisiúnta Treabhdóireachta 2015 ina dháilcheantar féin i gContae Laoise d’fhógair an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Charlie Flanagan T.D., mionsonraí rannpháirtíochta Chúnamh Éireann in imeacht na bliana seo.

Dúirt an tAire Flanagan:

“Tá mé ag súil le freastal ar an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta ar an Máirt. Tá suim mhór ag pobal na hÉireann in obair dhaonnúil an Rialtais, agus is mar sin is ceart a bheith, go háirithe i gcomhthéacs na gcoinbhleachtaí uafásacha ag teorainneacha na hEorpa sa lá atá inniu ann. Tugaim cuireadh do chuairteoirí an deis a thapú ag an gComórtas Treabhdóireachta chun níos mó eolais a fháil faoi obair Chúnamh Éireann, clár cúnaimh an Rialtais thar lear thar ceann mhuintir na hÉireann.

“Áirítear ar obair Chúnamh Éireann, a sheachadann mo Roinn féin agus ár nAmbasáidí thar lear, cabhair dhaonnúil do na NA agus d’eagraíochtaí eile atá ag cuidiú le daoine leochaileacha atá easáitithe ag an gcoinbhleacht. Faoi dheireadh 2015, beidh breis agus €41 milliún curtha ar fáil d’eagraíochtaí a chuidíonn leo siúd a ndeachaigh an choinbhleacht sa tSiria i bhfeidhm orthu ó thosaigh an ghéarchéim ansin in 2011. Cuireadh breis agus €100 milliún ar fáil chun cuidiú le pobail leochaileacha i dtíortha mar an Iaráic, an Libia, an Afganastáin, an tSúdáin Theas, an tSomáil agus Poblacht na hAfraice Láir.

“Díríonn Cúnamh Éireann freisin ar riachtanais fhorbartha fhadtéarmacha a thíortha is comhpháirtithe, go príomha san Afraic fho-Shahárach. Thacaigh cláir Chúnamh Éireann leis na milliúin i bpobail bhochta agus chuidigh leo a rochtain ar oideachas, sláinte, uisce, ceartas agus dea-rialachas a fheabhsú. Léiríonn na gníomhaíochtaí seo an dlúthpháirtíocht láidir atá ann idir Éireannaigh agus daoine eile mórthimpeall an domhain a bhfuil na riachtanais is mó acu.

“Ag teacht le téama foriomlán an Chomórtais Treabhdóireachta, áireofar taispeántas ar sheastán eolais Chúnamh Éireann i mbliana ar an obair atá ar siúl againn i réimse an bhia agus na feirmeoireachta. Tugann Cúnamh Éireann tacaíocht do na milliúin feirmeoir bheaga i dtíortha atá i mbéal forbartha lena dtáirgeacht, a n-ioncaim agus a gcothú a fheabhsú.

“I dteannta na ndeiseanna chun foghlaim faoi na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe domhanda a bheidh á nglacadh ag Cruinniú Mullaigh de chuid na NA i Nua Eabhrac as seo go ceann roinnt laethanta, beidh cuid mhór gníomhaíochtaí a thacaíonn le teaghlaigh ar sheastán eolais Chúnamh Éireann chomh maith. Tá mé ag súil bualadh le cuairteoirí ansin tráthnóna.”

"Féadfaidh cuairteoirí sinn a leanúint ón gComórtas Treabhdóireachta freisin via Twitter (@Irish_Aid) agus Facebook.”

Nótaí d’Eagarthóirí:

1. Tabharfaidh an tAire Flanagan cuairt ar sheastán eolais Chúnamh Éireann ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta i rith tráthnóna Dé Máirt an 22 Meán Fómhair.

2. Bhí taispeántas ag Cúnamh Éireann ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta ó 2008 agus meallann roinnt míle cuairteoir thar an trí lá de ghnáth. I mbliana tá seastán eolais Chúnamh Éireann / na Ranna Gnóthaí Eachtracha agus Trádála ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta lonnaithe ag Bloc 3, Sraith 26, Seastán 448.

3. Is éard is Cúnamh Éireann ann ná clár cúnaimh an Rialtais thar lear. Déanann an Rannán um Comhoibriú Forbartha de chuid na Ranna Gnóthaí Eachtracha agus Trádála bainistiú air. Le tuilleadh eolais a fháil féach www.irishaid.ie