Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

An tAire Flanagan ag labhairt sa Dáil faoin imirce

Minister Charles Flanagan, An tAontas Eorpach, Caidreamh Idirnáisiúnta, Preas Ráiteas, An Eoraip, An Meánoirthear agus An Afraic Thuaidh, 2016

Ag labhairt dó sa Dáil faoin Imirce, deir an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, an tUasal Charlie Flanagan, TD, nach mór don Aontas Eorpach dlús a chur faoina chuid iarrachtaí chun deireadh a chur le coinbhleachtaí sa tSiria, sa tSúdáin agus sa Libia.

• Ní leor ann féin an comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Tuirc chun an ghéarchéim a réiteach, ach ba chóir go stopfadh sé daoine ó dhul isteach i mbáid neamhshábháilte agus iad féin a chur i mbaol an bháis.
• Beidh Éire ina comh-éascaitheoir ag cruinniú mullaigh mór de chuid na Náisiún Aontaithe ar an imirce agus dídeanaithe i Nua-Eabhrac i mí Mheán Fómhair

Ag labhairt dó sa Dáil tráthnóna, dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, an tUasal Charlie Flanagan, TD, nach bhfuil deireadh tagtha leis an ngéarchéim imirce san Eoraip. Agus gnéithe seachtracha na himirce a bplé aige, dúirt sé nach mór don Aontas Eorpach dlús a chur faoi na hiarrachtaí chun deireadh a chur le coinbhleachtaí sa tSiria, sa tSúdáin agus sa Libia atá ag cur ar dhaoine teitheadh óna dtithe le teann éadóchais.

Dúirt an tAire Flanagan:

"Agus muid ag déileáil leis an ngéarchéim seo, creidim go láidir nach mór na himircigh iad féin a bheith i gcroílár ár smaointeoireachta. Bhraith na himircigh sin gurbh éigean dóibh teitheadh óna dtíortha mar gheall ar choinbhleacht agus foréigean. Dá bhrí sin, ní mór dúinne, an pobal idirnáisiúnta, dlús a chur faoinár gcuid iarrachtaí chun deireadh a chur leis na coinbhleachtaí sin, go háirithe na coinbhleachtaí sa tSiria, sa tSúdáin agus sa Libia."

Ag labhairt dó faoi thionchar chomhaontú polaitiúil na míosa seo caite idir Cheannairí Stáit agus Rialtais an Aontais Eorpaigh agus an Tuirc, dúirt an tAire Flanagan:

"Níl trácht ar an ngéarchéim imirce sna ceannlínte nuachta faoi láthair. Ach níl an ghéarchéim thart, ná baol air. Ní dócha in aon chor go mbeidh an comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Tuirc, as féin, ina réiteach ar an ngéarchéim. Ní stopfaidh sé daoine ón tSiria a fhágáil, agus ní stopfaidh sé daoine ó bheith ag iarraidh triall ar an Eoraip. Ach ba chóir go mbeadh sé ina chabhair i dtaobh bainistiú a dhéanamh ar ghluaiseacht na n-iarrthóirí tearmainn ar shlí níos éifeachtaí, níos daonnachtúla agus níos cothroime. Rud is tábhachtaí, ba chóir go stopfadh sé daoine ó dhul isteach i mbáid neamhshábháilte agus iad féin a chur i mbaol an bháis."

Ag trácht dó ar thionchar na géarchéime ar an Aontas Eorpach, dúirt an tAire Flanagan:

"Ní áibhéil ar bith é a rá go raibh an tAontas Eorpach trína chéile ar fad ag an ngéarchéim imirce an bhliain seo atá imithe tharainn, agus go raibh amanna ann ina chuir sí bagairt faoin dlúthpháirtíocht is bonn leis an Aontas."

Dúirt an tAire Flanagan, áfach, gur dúshlán domhanda is ea an imirce neamhrialta, seachas fadhb Eorpach amháin nó fiú fadhb Eorpach go príomha.

"Dá bhrí sin, táthar ag dul i ngleic leis an ngéarchéim imirce ar domhan ag na Náisiúin Aontaithe mar ábhar ardtosaíochta. Tugadh cuireadh d'Éirinn a bheith ina comh-éascaitheoir, in éineacht leis an Iordáin, ag mórchruinniú mullaigh de chuid na Náisiún Aontaithe ina dtiocfaidh ceannairí domhanda le chéile agus iad ag plé ceist na himirce agus na ndídeanaithe i Nua-Eabhrac i mí Mheán Fómhair. Ag an gcruinniú mullaigh sin, a bheidh á reáchtáil ar leibhéal Ceannairí Rialtais, déanfar iarracht prionsabail nua a chomhaontú i dtaobh beartas domhanda. Beidh sé ar an gcéad chruinniú den chineál sin ar cheist na himirce agus na ndídeanaithe."

D'fháiltigh an tAire Flanagan roimh an gCruinniú Mullaigh mar dheis thábhachtach do thíortha tionscnaimh, tíortha idirthurais agus tíortha cinn scríbe chun teacht ar chomhaontú faoi bhealach chun cinn.

 

CRÍOCH
An Phreasoifig
An 28 Aibreán, 2016