Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Cúpla focal ón Aire Flanagan ag an Ócáid Chuimhneacháin ar Chur Chun Báis Ruairí Mhic Easmainn

Cuimhneacháin, Minister Charles Flanagan, Preas Ráiteas, Éireann, 2016

Reilig Ghlas Naíon, Baile Átha Cliath – an 3 Lúnasa 2016

Nuair a cuireadh Ruairí Mac Easmainn chun báis i bPríosún Pentonville, Londain, céad bliain ó shin inniu, cuireadh deireadh le saothar saoil a d'fhág lorg buan ar an tír seo agus tíortha eile.

Ag breathnú siar dúinn ar shaol Mhic Easmainn agus an deis againn machnamh a dhéanamh air i gcomhthéacs na staire, b'fhéidir gurb é an rud is mó a sheasann amach ná flaithiúlacht a mheoin agus a laghad a smaoinigh sé ar a leas féin, tréithe a spreag é chun ról lárnach a ghlacadh i ngluaiseacht neamhspleáchais na hÉireann agus chun cuid mhaith dá shaol a chaitheamh san Afraic agus i Meiriceá Theas i mbun feachtais i gcoinne sárú uafásach ar chearta an duine sna háiteanna sin an tráth sin. I gcás Mhic Easmainn, ní fhéadfar an dá chuid sin dá shaol a dheighilt óna chéile. Nuair a bhuail ráig den fhiabhras dubh Conamara sa bhliain 1913, scríobh sé chuig na nuachtáin ag cur síos ar Leitir Mealláin mar "an Irish Putomayo", agus ceangal á dhéanamh aige idir na dálaí maireachtála ansin agus an fhulaingt a bhí feicthe aige sa Amasóin. Go deimhin, bhí Mac Easmainn ag obair gan staonadh chun na droch-dhálaí maireachtála in iarthar na hÉireann céad bliain ó shin a mhaolú agus aird a dhíriú orthu, agus é chomh diongbháilte dúthrachtach céanna ina leith sin is a bhí sé in Putomayo agus sa Chongó.

Is mór an tionchar a bhí ag saol Mhic Easmainn, agus go háirithe a ról ceannais i dtaobh Éirí Amach na Cásca a eagrú, ar stair an oileáin seo le céad bliain anuas. Tá sé an-tábhachtach, dá bhrí sin, go bhfuil muid tagtha le chéile inniu chun cuimhneamh ar Mhac Easmainn, chun onóir a thabhairt dó agus chun machnamh a dhéanamh ar a shaol céad bliain ó cuireadh chun báis é, agus an méid sin a dhéanamh i gcuideachta a mhuintire.

Rugadh Ruairí Mac Easmainn i mBaile Átha Cliath in 1864. Tar éis gur cailleadh a bheirt tuismitheoirí, thóg uncail leis é i nGleannta Aontroma. Chuaigh sé isteach i gConradh na Gaeilge in 1904 agus é seal sa bhaile ar bhriseadh óna chúraimí consalachta thar lear, agus in imeacht roinnt blianta d'éirigh sé ní ba thiomanta do náisiúnachas na hÉireann. Sna blianta roimh Éirí Amach na Cásca bhíodh sé ag taisteal chuig na Stáit Aontaithe agus chuig an nGearmáin, ag déanamh teagmhála le náisiúnaithe Éireannacha agus le húdaráis na Gearmáine chun tacaíocht a spreagadh d'éirí amach in Éirinn.

Tar éis blianta fada ag taisteal na cruinne, thug Mac Easmainn faoina aistear deiridh go hÉirinn ar fhomhuireán Gearmánach i mí Aibreáin 1916 chun bualadh i gContae Chiarraí leis an Aud, long a raibh airm á n-iompar aici ón nGearmáin i gcomhair an Éirí Amach. Bhí mearbhall ann faoi na socruithe i leith airm a thabhairt i dtír, chuaigh an plean as riocht agus níor shroich siad an mórthír in aon chor. Gabhadh Mac Easmainn ag Trá na Beannaí. Cuireadh i bpríosún i Londain é agus cuireadh faoi thriail é agus ardtréas curtha ina leith i gcás a tharraing an-chonspóid go deo. Crochadh é i bPríosún Pentonville agus fágadh a chuid taisí ansin ar feadh beagnach 50 bliain. Tugadh ar ais go hÉirinn iad in 1965 le haghaidh sochraide Stáit agus cuireadh faoin bhfód anseo iad.

Ag druidim le deireadh a thrialach, thug Mac Easmainn a óráid cháiliúil ón ngabhann inar leag sé amach an réasúnaíocht ba bhonn lena chuid gníomhaíochtaí roimh Éirí Amach na Cásca. Dúirt sé nach ag labhairt leis an gcúirt a bhí sé, ach le muintir a thíre féin, agus d'fhógair sé nach raibh sé de cheart ag duine ar bith seachas muintir na hÉireann breithiúnas a thabhairt ar a dhílseacht. Ag croílár a chuid cainte bhí an dearbhú uaidh go raibh an ceart ag muintir na hÉireann a chinneadh céard a bhí i ndán dá dtír féin, ceart a dúirt sé a bhí inchurtha le "the right to life itself… the right to feel the sun or smell the flowers, or to love our kind."

Is rí-shoiléir go raibh Mac Easmainn, ina cháil mar náisiúnaí Éireannach, á spreagadh go mór ag an éagóir a bhraith sé a bhain leis an bhfulaingt a bhí ag goilleadh ar a lán daoine i sochaí na hÉireann, agus á spreagadh freisin ag creideamh chomh láidir céanna go raibh sé de cheart ag muintir na hÉireann a chinneadh céard a bhí i ndán dóibh féin. Ba é sin an dearcadh céanna a bhí ag an gcúig cheannaire dhéag eile a cuireadh chun báis, agus, go deimhin, ag na fir agus na mná go léir a ghlac páirt san Éirí Amach agus san iarracht ina dhiaidh sin Éire a bheith ina stát neamhspleách.

Anois, agus céad bliain imithe tharainn, táimid tiomanta do bheith dílis do na hidéil agus na mianta a spreag Mac Easmainn agus na fir agus na mná sin, agus go háirithe a n-uaillmhian i leith na tíre seo: “The Republic ... declares its resolve to pursue the happiness and prosperity of the whole nation”.

Bhí Séiplíneach Éireannach ag Príosún Pentonville i gcuideachta Mhic Easmainn ag deireadh a shaoil agus measaim gur cuí go bhfuil an tAthair Gerry McFlynn, ball den Ionad Teagmhála le Príosúnaigh i Seirbhís Séiplíneachta na hÉireann i Londain, in éineacht linn anseo inniu. Déarfaidh an tAthair McFlynn paidir linn anois i gcuimhne ar Ruairí Mac Easmainn.

CRÍOCH
An Phreasoifig
An 3 Lúnasa 2016