Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Fáilte curtha ag an Aire Flanagan Roimh Chomhaontú na NA faoi stiúir na hÉireann

Minister Charles Flanagan, Na Náisiúin Aontaithe, Preas Ráiteas, Éireann, 2016

Fáilte curtha ag an Aire Flanagan Roimh Chomhaontú na NA faoi stiúir na hÉireann ar Chur Chuige Domhanda i leith Cuidiú le Dídeanaithe agus Imircigh

Tá fáilte curtha ag an Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, an tUasal Charlie Flanagan T.D., roimh chur i gcrích na caibidlíochta faoi stiúir na hÉireann ag na Náisiúin Aontaithe chun cur chuige nua domhanda a aontú i dtaobh dul i ngleic leis na deacrachtaí a bhíonn ag dídeanaithe agus imircigh.

Bhí an chaibidlíocht chasta sin i measc 193 ballstát na Náisiún Aontaithe faoi chomhchathaoirleacht Ambasadóir na hÉireann chun na Náisiún Aontaithe i Nua-Eabhrac le cúig mhí anuas. Dírítear go tréan sa chomhaontú ar chearta an duine, rud atá ag teacht leis na tosaíochtaí atá ag Éirinn le fada an lá. Tá gealltanais shoiléire tugtha ann ag ballstáit na Náisiún Aontaithe cosaint a thabhairt do chearta daonna na ndídeanaithe agus na n-imirceach go léir, beag beann ar a stádas.

Agus é ag cur fáilte roimh an gcomhaontú, dúirt an tAire Flanagan:

"Is ríthábhachtach agus is tráthúil an comhaontú é seo. Den chéad uair riamh, tá 193 ballstát na Náisiún Aontaithe tagtha le chéile chun aghaidh a thabhairt ar bhonn cuimsitheach ar an ngéarchéim dhomhanda seo, a bhfuil réitigh domhanda de dhíth ina leith. Beidh sé i gceist leis go mbeidh freagracht chomhroinnte orainn as gníomhaíochtaí atá dírithe ar bheatha daoine a thabhairt slán agus as tacaíocht ríthábhachtach beartais agus cúnamh daonnúil agus cúnamh forbartha a thabhairt do na daoine atá i gceist."

Dúirt an tAire freisin:

"Is suntasach an t-éacht é seo freisin i dtaobh na taidhleoireachta Éireannaí, agus tagann sé sna sála ar an ról a bhí againn anuraidh san idirbheartaíocht faoi Spriocanna na Náisiún Aontaithe um Fhorbairt Inbhuanaithe. Le ról na hÉireann i gcur i gcrích an chomhaontaithe seo, léirítear arís eile ár dtiomantas ollmhór do na Náisiúin Aontaithe agus an cion is féidir linn a dhéanamh chun freagairt do na dúshláin is mó atá le sárú ag an domhan.

Tréaslaím leis an Ambasadóir David Donoghue, Buanionadaí na hÉireann chuig na Náisiúin Aontaithe, agus lena fhoireann i Nua-Eabhrac as an éacht iontach seo.

Tréaslaím freisin le Peter Sutherland, Ionadaí Speisialta Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe um Imirce Idirnáisiúnta, as a chuid oibre gan staonadh ar son na n-imirceach le blianta fada anuas. Beidh ról tábhachtach ag Peter ag tacú leis an gcaibidlíocht chun Comhaontú Domhanda a chur i gcrích faoin imirce in 2018, agus tá a fhios agam go mbeidh an taithí agus an scil atá aige riachtanach agus tráthúil."

CRÍOCH

 

Nótaí d'Eagarthóirí