Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Fógra ón Aire Flanagan agus an Aire McHugh go bhfuil cistiú forbartha €3.92m á scaoileadh do GOAL

Minister Charles Flanagan, Minister Joe McHugh, Cúnamh Éireann, Preas Ráiteas, An Meánoirthear agus An Afraic Thuaidh, 2016

Inniu (Dé Máirt) d'fhógair an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Charlie Flanagan TD, agus an tAire Stáit don Diaspóra agus don Chúnamh Forbartha Thar Lear, Joe McHugh TD, go bhfuil luach €3.92 milliún de chistiú daonnúil á scaoileadh chuig GOAL dá chuid oibre fadtéarmaí i ndáil le forbairt.

Dúirt an tAire Flanagan:

"Choinníomar siar an cistiú a bhí ceaptha do GOAL mar gheall ar na saincheisteanna a bhí i gceist in imscrúdú a rinne na Stáit Aontaithe ar roinnt eagraíochtaí neamhrialtasacha maidir le soláthairtí daonnúla a fháil d'íospartaigh na géarchéime sa tSiria.

"I ndiaidh dianphróiseas rannpháirtíochta le GOAL táimid ag scaoileadh suim €3.92 milliún anois chun íoc as cláir forbartha a cuireadh i bhfeidhm ar an láthair le roinnt míonna anuas. Cuireadh na cláir sin i bhfeidhm i gcomhréir leis an gcomhaontú bunaidh idir GOAL agus Cúnamh Éireann."

Dúirt an tAire Stáit McHugh:

"Táimid spreagtha ag an obair leanúnach a dhéanann GOAL chun athchóiriú institiúideach nach beag a bhaint amach.

"Coinneoimid lenár ndlúthchaidreamh le GOAL agus táimid fós i dteagmháil le húdaráis na Stát Aontaithe agus le deontóirí idirnáisiúnta eile.

"Tá cistiú breise do GOAL le haghaidh obair a rinneadh in 2016 á mheas go fóill."

An Phreasoifig
13 Nollaig 2016