Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Fáilte curtha ag an Aire Flanagan roimh an scéala go mbeidh Aire Gnóthaí Eachtracha na Seapáine

Caidreamh Taidhleoireachta, Minister Charles Flanagan, Preas Ráiteas, An Áise agus an Aigéine, Éireann, 2016

Fáilte curtha ag an Aire Flanagan roimh an scéala go mbeidh Aire Gnóthaí Eachtracha na Seapáine ag tabhairt cuairte ar Éirinn

"Tá áthas orm go mbeidh Aire Gnóthaí Eachtracha na Seapáine, an tUasal Fumio Kishida, ag tabhairt cuairt ar Éirinn go luath i mí Eanáir, an chéad chuairt ó Aire Gnóthaí Eachtracha de chuid na Seapáine le breis is 25 bliana anuas. Is mór an onóir é d'Éirinn, agus domsa féin, fáilte a chur roimh an Aire Kishida chun na tíre seo.

In 2017 beidh 60 bliain imithe tharainn ó bunaíodh an caidreamh taidhleoireachta idir Éire agus an tSeapáin, agus is cuí an chuairt í seo ó Aire Gnóthaí Eachtracha na Seapáine chun tús a chur le ceiliúradh na bliana comóraidh.

Tá dlúthchairdeas idir Éire agus an tSeapáin le 60 bliain anuas, cairdeas atá bunaithe ar luachanna comhroinnte. Is mór againn an tSeapáin a bheith ina comhpháirtí trádála againn – is í an margadh easpórtála is mó de chuid na hÉireann í i réigiún an Aigéin Chiúin agus na hÁise. B'fhiú €9.8 billiún an trádáil dhéthaobhach idir Éire agus an tSeapáin in 2015. Tá 79 gcuideachta Sheapánach in Éirinn, agus 50 cuideachta Éireannach sa tSeapáin. Táim ag tnúth le bualadh leis an Aire Kishida chun plé a bheith againn faoi conas is féidir linn an ceangal eadrainn a neartú agus a threisiú a thuilleadh sna blianta atá romhainn."

CRÍOCH
An Phreasoifig
22 Nollaig 2016

Nótaí d'Eagarthóirí:

An chéad Chuairt ó Aire Gnóthaí Eachtracha de chuid na Seapáine le breis is 25 bliana anuas

Beidh cuairt an Aire Kishida ar an gcéad chuairt ó Aire Gnóthaí Eachtracha de chuid na Seapáine ó thug an tUasal Taro Nakayama, Aire Gnóthaí Eachtracha na linne sin, cuairt ar Éirinn in 1991.

Bunú an Chaidrimh Taidhleoireachta idir an tSeapáin agus Éire

Ar an 2 Márta 1957, chuir Ambasadóir na Seapáine chun na Ríochta Aontaithe nóta chuig Ambasadóir na hÉireann chun na Ríochta Aontaithe inar beartaíodh misin taidhleoireachta ar leibhéal aire a bhunú, agus, ar an 5 Márta 1957, sheol Ambasadóir na hÉireann chun na Ríochta Aontaithe freagra chuig Ambasadóir na Seapáine chun na Ríochta Aontaithe ag glacadh leis an togra sin.

Trádáil Dhéthaobhach agus Infheistíocht

B'fhiú €9.8 billiún an trádáil dhéthaobhach idir Éire agus an tSeapáin in 2015, agus is í an tSeapáin an margadh easpórtála is mó de chuid na hÉireann i réigiún an Aigéin Chiúin agus na hÁise. Tá 79 gcuideachta Sheapánach in Éirinn, agus 50 cuideachta Éireannach sa tSeapáin.