Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Plé ag an Aire Flanagan le hAirí Gnóthaí Eachtracha an Aontais faoin mBreatimeacht

Minister Charles Flanagan, Preas Ráiteas, An Meánoirthear agus An Afraic Thuaidh, An Eoraip, 2016

Ag labhairt dó tar éis Chomhairle Gnóthaí Eachtracha an lae inniu, dúirt an tAire Flanagan:

"Bhí plé fairsing ag Airí Gnóthaí Eachtracha an Aontais Eorpaigh inniu faoin ngéarchéim sa tSiria agus faoin staid uafásach in Aleppo go háirithe. Ba léir go raibh comhdhearcadh ann nach mór don Aontas brú a chur ar an Rúis agus an Iaráin chun leas a bhaint as an tionchar atá acu ar réimeas Assad lena chinntiú go dtiocfaidh deireadh leis an léigear neamhdhleathach ar an bpobal sibhialtach in oirthear Aleppo, agus go ligfear gníomhaireachtaí daonnúla isteach in Aleppo. Ní fhéadfar a chur suas leis an diúltú leanúnach bia riachtanach, fothain agus soláthairtí liachta a ligean chomh fada le pobal sibhialtach atá faoi ionsaí míleata.

"Tá Éire ag obair chun cúnamh daonnúil a thabhairt do mhuintir na Siria agus chuir mé in iúl do mo chomhghleacaithe inniu go bhfuilimid ag cur arís eile leis an tacaíocht dhaonnúil uainn d'íospartaigh na coinbhleachta sa tSiria le héifeacht láithreach. Tá €5m breise á tabhairt againn ionas gur fiú €25m an tacaíocht uainn in 2016. Táimid tar éis cúnamh daonnúil ar fiú níos mó ná €67 milliún é a thabhairt don tSiria ó 2012 i leith.

"Léiríonn leibhéal an ghátair dhaonnúil, atá níos measa anois ná mar a bhí riamh, an sárú córasach atá á dhéanamh ar chearta phobal sibhialtach na Siria ag gach taobh le linn na coinbhleachta uafásaí seo. Is é réimeas Assad, go háirithe, atá freagrach as na coireanna sin. Rinne mé athdhearbhú ar ár gcuid tosaíochtaí: go gcuirfí deireadh láithreach leis an bhforéigean ar fud na Siria agus in Aleppo go háirithe; deireadh a chur leis na léigir uile agus le séanadh córasach na rochtana daonnúla; athnuachan ar phróiseas polaitiúil faoi threoir na Náisiún Aontaithe chun deireadh a chur leis an gcoinbhleacht ar bhonn caibidlíochta agus chun trasdul polaitiúil a bhaint amach; agus cuntasacht i leith na gcoireanna a rinneadh i gcoinne na milliúin sibhialtach sa tSiria.

"Phléamar freisin na coinníollacha faoina dtabharfadh an tAontas Eorpach tacaíocht don tSiria tar éis na coinbhleachta. Is léir nach dtacóidh an tAontas le hatógáil na Siria mura mbeidh réiteach polaitiúil ar an gcoinbhleacht."

Roimh an gComhairle Gnóthaí Eachtracha, thug an tAire Flanagan cúirt ar Aireacht Gnóthaí Eachtracha na Beilge i gcomhair cainteanna déthaobhacha le Leas-Phríomhaire na Beilge, an tAire Gnóthaí Eachtracha Didier Reynders. I ndiaidh an chruinnithe eatarthu, dúirt an tAire Flanagan:

"D'éirigh go geal leis an bplé idir mé féin agus an tAire Reynders ar maidin ina raibh réimse leathan saincheisteanna beartais eachtraigh faoi chaibidil againn. Bhí ceist an Bhreatimeachta gar do bharr an chláir oibre againn. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an Aire Reynders as an tsuim mhór a chuireann sé in ábhar cúraim na hÉireann, go háirithe i ndáil leis an méid a baineadh amach i bPróiseas Síochána Thuaisceart Éireann a chosaint i gcomhthéacs an Bhreatimeachta.

"Tá dlúthcheangal idir Éire agus an Bheilg le fada an lá agus is iad na luachanna céanna atá againn. Tá dlúthchaidreamh trádála eadrainn.

"Phléigh an tAire Reynders agus mé féin géarchéim na himirce, an tSiria, an caidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Afraic agus na hócáidí cuimhneacháin a bhfuil spéis againn iontu.

"Rinneamar dearbhú arís ar ár dtiomantas do rath a bheith ar an Aontas Eorpach agus é a bheith dinimiciúil agus sábháilte, ag feidhmiú chun leasa ár gcuid saoránach go léir."

CRÍOCH

An Phreasoifig

12 Nollaig 2016