Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Ráiteas ón Aire Flanagan faoi thoradh na Comhairle Eorpaí

Aire Charles Flanagan, An tAontas Eorpach, Preas Ráiteas, Éireann, 2016

Tá fáilte curtha ag an Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, an tUasal Charlie Flanagan, roimh thoradh an phlé ag an gComhairle Eorpach sa Bhruiséil anocht (Dé hAoine) ar bhallraíocht na Ríochta Aontaithe san Aontas Eorpach san am atá le teacht.

Ag trácht dó ar an toradh, dúirt an tAire Flanagan

"Cuirim fáilte roimh an toradh dearfach a bhí ar an gComhairle Eorpach sa Bhruiséil inniu, toradh a léiríonn arís eile go bhfuil sé ar chumas bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus na n-institiúidí a bheith ag obair as lámha a chéile, in imthosca dúshlánacha, le teann dlúthpháirtíochta agus tuisceana, chun comhaontú a chur i gcrích lena dtugtar aghaidh ar na hábhair cúraim atá ag gach uile pháirtí.

"Dul chun cinn tábhachtach is ea an comhaontú ar ar thángthas inniu agus tá sé ina thoradh ar roinnt míonna de chaibidlíocht chasta, caibidlíocht a bhí deacair uaireanta, a ndearna gach duine a ghlac páirt inti méid ollmhór oibre ina leith. Tá Éire, mar aon leis na 27 mballstát eile, tar éis a cuid féin a dhéanamh ar mhaithe leis an méid atá bainte amach inniu.

"Beidh an díospóireacht sa Ríocht Aontaithe maidir lena todhchaí ag dul i dtreise anois, agus creidim gur féidir le hÉirinn leanúint ar aghaidh sa ról dearfach, cuiditheach dá cuid, nuair a bheidh deiseanna cuí le tapú.

"Creideann Rialtas na hÉireann go láidir gur chóir don Ríocht Aontaithe fanacht san Aontas, agus bhí baint amach an toraidh sin ina chuspóir foriomlán ag an Rialtas sa chaibidlíocht as ar eascair comhaontú an lae inniu. Is é sin an cuspóir céanna a bheidh againn sna míonna atá romhainn.

"Is faoi mhuintir na Ríochta Aontaithe atá sé anois, ar ndóigh, cinneadh a dhéanamh faoina bhfuil i ndán don chaidreamh idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach. Cé go bhfuil a fhios againn ónár dtaithí féin gur féidir le reifrinn a bheith dúshlánach, creidim go bhfuil deis thábhachtach le tapú ag muintir na Ríochta Aontaithe anois chun dul i mbun díospóireachta faoi na gnéithe dearfacha iomadúla a bhaineann le ballraíocht san AE."

CRÍOCH
An Phreasoifig
An 19 Feabhra 2016