Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Ráiteas ón Aire Charlie Flanagan faoin troid atá tosaithe arís sa tSúdáin Theas

Minister Charles Flanagan, Preas Ráiteas, An Afraic, 2016

"Is cúis imní dom an troid agus an marú atá tosaithe arís in Juba, príomhchathair na Súdáine Theas, agus in áiteanna eile sa tír. Tar éis an oiread a bheith fulaingthe ag na daoine agus tar éis dua millteanach a bheith ag gabháil leis an gcomhaontú síochána, is mór an náire é an foréigean sin, agus, mar a dúirt Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, tá feall á dhéanamh ar mhuintir na tíre dá bharr.

"Iarraim ar gach páirtí deireadh a chur leis an bhforéigean anois láithreach, smaoineamh lasmuigh dá gcuid leasanna cúnga féin agus díriú ina ionad sin ar a bhfuil i ndán don tír. Is ró-mhinic a ligeadh síos muintir na Súdáine Theas agus tá i bhfad an iomarca fulaingthe acu cheana féin. Tá freagracht ar leith ar cheannairí na Súdáine Theas an chobhsaíocht a chur i réim arís mar ábhar práinne agus tiomantas a thabhairt arís don Chomhaontú maidir le Réiteach na Coinbhleachta sa tSúdáin Theas a chur chun feidhme.

"Déanaim cáineadh amach is amach ar na hionsaithe ar bhaill foirne agus áitribh na Náisiún Aontaithe, agus ar oibríochtaí daonnúla. Ní mór do ghníomhaithe daonnúla rochtain gan bhaol a bheith acu ar na pobail leochaileacha a dteastaíonn cúnamh go géar uathu. Ina theannta sin, áitím ar gach páirtí lán-urraim a léiriú don Dlí Daonnúil Idirnáisiúnta.

"Tá an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála ag faire go géar ar chúrsaí sa tSúdáin Theas agus tá ár nAmbasáid in Addis Ababa i dteagmháil le saoránaigh Éireannacha sa cheantar atá cláraithe leis an Roinn. Táimid ag obair i ndlúthpháirt le tíortha comhpháirtíochta freisin.

"Tá Éire tar éis breis is €8 milliún i gcúnamh daonnúil a ghealladh don tSúdáin Theas, agus do dhídeanaithe na Súdáine Theas sa réigiún, go dtí seo i mbliana. Thug an tAire Stáit don Diaspóra agus don Fhorbairt Idirnáisiúnta, Joe McHugh TD, cuairt ar lonnaíocht do dhídeanaithe ón tSúdáin Theas trasna na teorann in Uganda inné, áit ar gheall sé go leanfaidh Éire ar aghaidh ag tabhairt tacaíochta do na daoine a bhfuil a saol ina gcíor thuathail de bharr na coinbhleachta fuiltí seo."