Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Aitheasc ón Aire ag searmanas i gcuimhne an Ambasadóra Christopher Ewart-Biggs agus Judith

Minister Charles Flanagan, Preas Ráiteas, An Bhreatain Mhór, Éireann, 2016

Crann á chur ag Glencairn chun comóradh a dhéanamh ar a saol 40 bliain tar éis ionsaí buama a rinne an IRA

Bhí an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Charlie Flanagan TD, i gcuideachta a Shoilse Dominick Chilcott, Ambasadóir na Breataine chun na hÉireann agus daoine de mhuintir Ewart-Biggs, i measc eile, ag searmanas simplí ag ar cuireadh crann chun a chomóradh go bhfuil 40 bliain imithe tharainn ó dúnmharaíodh an tAmbasadóir Christopher Ewart-Biggs agus a chomhghleacaí Judith Cooke nuair a phléasc buama de chuid an IRA in 1976. Gortaíodh beirt eile san ionsaí céanna.

Sa ráiteas uaidh ag an searmanas, dúirt an tAire Flanagan:

"Léiríonn cás na beirte nach maireann a bhfuilimid ag cuimhneamh orthu inniu na híobairtí móra a éilíodh ar an iomarca daoine le linn na tréimhse dorcha d'fhonn an tsíocháin a thabhairt i réim in Éirinn agus an t-athmhuintearas agus an cairdeas a chothú i gcroílár an chaidrimh idir Éire agus an Bhreatain. Agus ba chóir dúinn cuimhneamh freisin ar na daoine go léir a tháinig slán, iad siúd a chomhlíon a gcuid dualgas i rith na drochré sin ionas gur féidir linne saol níos fearr a bheith againn – go háirithe Sir Brian Cubbon, nach maireann, agus Brian O'Driscoll, a gortaíodh an lá uafásach sin."

Bhí an tAire Flanagan ag machnamh ar an uafás a bhí ar mhuintir na hÉireann nuair a rinneadh an t-ainghníomh sin agus luaigh sé na focail a dúirt fear a tháinig roimhe sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, an Dr Garret Fitzgerald, a thug an t-aitheasc ag an searmanas cuimhneacháin in Ardeaglais Naomh Pádraig. Dúirt an tAire Flanagan go raibh an Dr Fitzgerald tar éis tuairisc bheacht a thabhairt ar an méid a mhothaigh a lán daoine nuair a dúirt sé:

"Níl amhras ar bith ann ach gur chinn lucht déanta na coire, leis an easpa tuisceana agus an easpa léirstine is dual dóibh, go ndéanfaí dochar mór don chaidreamh Angla-Éireannach de bharr an dúnmharaithe, agus b'fhéidir dochar buan. Is léir do chách anois gur a mhalairt a bhí amhlaidh. Tá ár dá phobal, a bhfuil a stair fite fuaite go dlúth le chéile le hocht gcéad bliain anuas, bíodh sé sin chun a leasa nó a n-aimhleasa, tar éis mearbhall a chur ar ár namhaid trí dhul i ngleic leis an tragóid seo le tuiscint níos doimhne ar an dlúthspleáchas atá eadrainn, agus ar na sochair atá ann dúinn araon ach cur i gcoinne an fhoréigin agus an ainriail a sheachaint."

Mhol an tAire Flanagan muintir Ewart-Biggs, go háirithe an Banbharún Jane Ewart-Biggs (nach maireann), a bhí meáite, tar éis gur dúnmharaíodh a féar chéile, ar fheabhas a chur ar an gcaidreamh déthaobhach idir Éire agus an Bhreatain agus a bhunaigh Duais Chuimhneacháin Christopher Ewart-Biggs. Dúirt an tAire:

"Mhair Jane le meon na caoinfhulaingthe agus léirigh sé sin agus a cuid oibre mar theachta dea-thola chun na hÉireann na prionsabail atá mar bhunús leis an bpróiseas síochána – an t-athmhuintearas, meas ar a chéile agus flaithiúlacht i leith a chéile.

"Trí Dhuais Chuimhneacháin Christopher Ewart-Biggs a bhunú agus trína gcairdeas seasta d'Éirinn, tá muintir Ewart-Biggs tar éis oidhreacht dhearfach don tír seo a chothú ar bhonn eachtra a ghoill go huafásach orthu féin. Leis na saothair litríochta agus léinn atá curtha chun cinn de bharr na Duaise, léirítear an fhís a bhí ag Christopher féin don chaidreamh idir an Bhreatain agus Éire."

Léirigh an tAire Flanagan ómós freisin dá Shoilse Dominick Chilcott atá ag teannadh anois le deireadh a thréimhse mar Ambasadóir na Breataine go hÉirinn tar éis téarma gníomhach gnóthach ceithre bliana anseo.

CRÍOCH
An Phreasoifig
An 25 Iúil 2016

Nóta d'Eagarthóirí:

CUIR I gCOMPARÁID LEIS AN RÁITEAS MAR A TUGADH É

Ráiteas a thug an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Charlie Flanagan TD ag searmanas cuimhneacháin inar cuireadh crann ag áit chónaithe Ambasadóir na Breataine 40 bliain tar éis bhás Christopher Ewart-Biggs agus Judith Cooke.

A Ambasadóir, a chairde agus a dhaoine uaisle,

Ambassador, friends, ladies and gentleman,

Is mór an onóir dom a bheith in bhur gcuideachta inniu don chomóradh tábhachtach tochtmhar seo.

Is minic agus is rí-mhinic le linn na dTrioblóidí a tharla eachtraí uafásacha a chuir fearg agus brón ollmhór ar mhuintir na hÉireann ach seasann eachtra na bliana 1976 amach go háirithe. Ba bhliain í ina raibh an foréigean i réim agus ghoill dúnmharú Christopher Ewart-Biggs agus Judith Cooke, gar don láthair seo, go han-mhór ar mhuintir na tíre seo agus bhain sé siar uafásach astu.
Ní raibh an tAmbasadóir Ewart-Biggs in Éirinn ach le dhá sheachtain – taidhleoir arbh ea é a raibh taithí na gairme sin aige agus a raibh gealladh an dóchais faoina mhisean – agus státseirbhíseach óg arbh ea Judith Cooke a bhí ag tosú amach ar bhóthar a gairme.

Is é an Dr Garret FitzGerald, a bhí ina Aire Gnóthaí Eachtracha an tráth sin, a thug an t-aitheasc ag an searmanas cuimhneacháin in Ardeaglais Naomh Pádraig, agus thug sé tuairisc bheacht ar an méid a mhothaigh a lán daoine nuair a dúirt sé:

"Níl amhras ar bith ann ach gur chinn lucht déanta na coire, leis an easpa tuisceana agus an easpa léirstine is dual dóibh, go ndéanfaí dochar mór don chaidreamh Angla-Éireannach de bharr an dúnmharaithe, agus b'fhéidir dochar buan. Is léir do chách anois gur a mhalairt a bhí amhlaidh. Tá ár dá phobal, a bhfuil a stair fite fuaite go dlúth le chéile le hocht gcéad bliain anuas, bíodh sé sin chun a leasa nó a n-aimhleasa, tar éis mearbhall a chur ar ár namhaid trí dhul i ngleic leis an tragóid seo le tuiscint níos doimhne ar an dlúthspleáchas atá eadrainn, agus ar na sochair atá ann dúinn araon ach cur i gcoinne an fhoréigin agus an ainriail a sheachaint."

Thabharfadh sé sásamh mór do Christopher agus do Garret gur tháinig borradh faoin dlúthspleáchas agus an leas coiteann sin ionas gur músclaíodh cairdeas daingean idir an dá thír seo.
Tháinig Christopher go hÉirinn agus é ag iarraidh a chion féin a dhéanamh ar son na síochána agus an athmhuintearais idir muintir na hÉireann agus muintir na Breataine. Tar éis a bháis, lean a bhean chéile Jane ar aghaidh go fial flaithiúil leis an meon uasal céanna. San aitheasc céanna, d'iarr Garret "trua agus taise" ar Jane agus a teaghlach agus mhol sé a misneach agus a croí mór maith i dtaobh cloí le díograis iomlán an tiomantais a bhí ag Christopher don tsíocháin. Mhair Jane le meon na caoinfhulaingthe agus léirigh sé sin agus a cuid oibre mar theachta dea-thola chun na hÉireann na prionsabail atá mar bhunús leis an bpróiseas síochána – an t-athmhuintearas, meas ar a chéile agus flaithiúlacht i leith a chéile.

Feicimid Kate agus Mairlie anseo inniu agus is léiriú eile é sin ar mheon sin an mhaithiúnais, na trua agus na gnaíúlachta. Is mór an onóir dom a bheith ina gcuideachta.

Trí Dhuais Chuimhneacháin Christopher Ewart-Biggs a bhunú agus trína gcairdeas seasta d'Éirinn, tá muintir Ewart-Biggs tar éis oidhreacht dhearfach don tír seo a chothú ar bhonn eachtra a ghoill go huafásach orthu féin. Leis na saothair litríochta agus léinn atá curtha chun cinn de bharr na Duaise, léirítear an fhís a bhí ag Christopher féin don chaidreamh idir an Bhreatain agus Éire.

Is mar seo a chuir Jane síos ar an bhfís sin:

"fís dhíreach agus fís fhírinneach, nach ndearna neamhaird de na ceachtanna atá le foghlaim ón am atá caite i dtaobh na bhfadhbanna atá againn anois, ach trínar díríodh ar dheiseanna amach anseo chun ár bhfadhbanna a réiteach agus ár gcomhspriocanna a bhaint amach inár gcáil mar chomhpháirtithe san Eoraip. Tá a fhios agam gurbh amhlaidh, fiú tar éis dhá sheachtain féin a chaitheamh anseo, go raibh sé sásta go raibh an caidreamh sin á chothú aige. Bhí súil aige go bhfágfadh a chuid iarrachtaí go mbeadh an réasúnaíocht agus an tsíocháin ní ba threise ná an mhíthuiscint agus an foréigean."

Léiríonn cás na beirte nach maireann a bhfuilimid ag cuimhneamh orthu inniu na híobairtí móra a éilíodh ar an iomarca daoine le linn na laethanta dorcha d'fhonn an tsíocháin a thabhairt i réim in Éirinn agus an t-athmhuintearas agus an cairdeas a chothú i gcroílár an chaidrimh idir Éire agus an Bhreatain. Agus ba chóir dúinn cuimhneamh freisin ar na daoine go léir a tháinig slán, iad siúd a chomhlíon a gcuid dualgas i rith na drochré sin ionas gur féidir linne saol níos fearr a bheith againn – go háirithe Sir Brian Cubbon, nach maireann, agus Brian O'Driscoll, a gortaíodh an lá uafásach sin.

Ó shin i leith, rinne polaiteoirí, taidhleoirí, státseirbhísigh agus daoine eile dianiarracht chun fírinne a dhéanamh den fhís a bhí ag Christopher Ewart-Biggs, ag Judith Cooke agus a muintir, go mbeadh síocháin agus rathúnas ag saoránaigh na hÉireann agus na Breataine, agus ceangal an chairdis agus na comharsanachta eatarthu.

Tá ár n-óstach, an tAmbasadóir Dominick Chilcott, agus a bhean chéile Jane tar éis a gcion sainiúil féin a dhéanamh i leith na hoibre sin atá fós ar bun. Go raibh maith agaibh beirt as an ócáid seo a reáchtáil, ócáid thochtmhar agus deis mhachnaimh a thugann onóir do chuimhne Christopher agus Judith agus ina n-iarrtar orainn cloí leis an oidhreacht spreagúil a d'fhág siad ina ndiaidh.

CRÍOCH