Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Cruinniú den Chomhairle Trádála Easpórtála á thionól ag an Aire Flanagan tar éis an Reifrinn

An tAontas Eorpach, Aire Charles Flanagan, Trádáil, Preas Ráiteas, An Eoraip, An Bhreatain Mhór, Éireann, Tuaisceart Éireann, 2016

 

  • Cruinniú den Chomhairle Trádála Easpórtála á thionól ag an Aire Flanagan chun na chéad chéimeanna eile a phlé tar éis Reifreann na Ríochta Aontaithe
  • Tús áite á thabhairt d'Éagsúlú an Mhargaidh
  • Dlús le cur faoin obair i leith an bheartais nua trádála, turasóireachta agus infheistíochta, “Trading Better”, 2017-2021
  • Beidh an chéad chruinniú eile den Chomhairle Trádála Easpórtála ag díriú ar réigiún an Aigéin Chiúin agus na hÁise

Inniu (Dé Céadaoin) thionóil Charlie Flanagan, an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, cruinniú speisialta den Chomhairle Trádála Easpórtála, a bhí dírithe ar na céimeanna is gá a ghlacadh chun tacú le gnó na hÉireann thar lear agus borradh a chur faoi i ndiaidh an chinnidh atá déanta ag an mBreatain an tAontas Eorpach a fhágáil.

Tar éis an chruinnithe, ar ar fhreastail ceannairí sé roinn rialtais agus cúig ghníomhaireacht stáit chomh maith le deichniúr a bhí ag déanamh ionadaíochta ar onnmhaireoirí na hearnála príobháidí, dúirt an tAire Flanagan:

"Thug an Chomhairle dearbhú láidir inniu go mbeidh Éire ag fanacht i gcroílár an Aontais Eorpaigh. Is é sin an phríomhtheachtaireacht nach mór dúinn a sheoladh amach chuig ár gcomhpháirtithe gnó agus chuig infheisteoirí ionchasacha.

"Bhaineamar an-tairbhe as an bplé, a bhí dírithe ar an gcaoi a dtabharfaidh Éire freagra ar na dúshláin atá le sárú aici faoi láthair agus na deiseanna atá le tapú aici. Tá roinnt príomh-mhargaí ina bhfuil láithreacht láidir bunaithe ag Éirinn, amhail an Ríocht Aontaithe, na Stáit Aontaithe, an Fhrainc agus an Ghearmáin – beidh deiseanna le tapú iontu siúd agus i margaí eile de chuid an AE i dtaobh dul i bhfód ar an margadh.

"I seisiúin phlé roimhe seo ag an gComhairle, d'aithníomar gur toisc thábhachtach é éagsúlú an mhargaidh maidir le maolú rioscaí don gheilleagar. Go deimhin, rinneadh é sin a athdhearbhú i bplé an lae inniu, le tagairt ar leith don Bhreatimeacht (Brexit). Ag teacht leis an dlús atá á chur faoi bheartas sin an rialtais, le déanaí chruthaigh mé poist nua do attaché tráchtála san Airgintín, sa Bhrasaíl, i Meicsiceo, san Indinéis agus sa Rómáin, chun feabhas a chur ar an rochtain atá ag cuideachtaí Éireannacha ar an margadh, mar chuid de straitéis nua taidhleoireachta geilleagraí mo Roinne.

"Ag teacht le Clár an Rialtais, tá muid ag déanamh éagsúlú agus forbairt freisin ar ár láithreacht i margaí atá ag teacht chun cinn i Meiriceá Laidineach agus san Áise. Tá deiseanna nua le tapú san Afraic, mar a léiríodh go soiléir ag an gcruinniú a tionóladh le déanaí d'fhóram Gnó na hAfraice agus na hÉireann, cruinniú ar éirigh go geal leis.

"Bhí mé in Ulaanbaatar ag an deireadh seachtaine, ag Cruinniú Mullaigh na hÁise agus na hEorpa (ASEM). Thug mé cuairt ar Bhéising freisin. I ndiaidh dom dul i gcomhairle le roinnt tíortha comhpháirtíochta san Áise, mhol mé inniu go mbeadh an chéad chruinniú eile den Chomhairle Trádála Easpórtála ag díriú ar réigiún an Aigéin Chiúin agus na hÁise. Tá sé i gceist agam na comhaltaí a chur ar an eolas faoi phlean an Rialtais i dtaobh straitéis tras-earnála don réigiún ag teacht leis na gealltanais atá tugtha againn faoin Chlár an Rialtais.

"Tugadh faisnéis do na comhaltaí inniu faoin dlús atá curtha faoi cheapadh beartais nua a thiocfaidh i gcomharbas ar an Straitéis Trádála, Turasóireachta agus Infheistíochta. Sa bheartas “Trading Better”, leagfar amach plean comhleanúnach meántéarmach don tréimhse 2017-2021 chun feabhas a chur ar an gcaoi a dtacaímid le honnmhairí agus infheistíocht na hÉireann. D'aontaíomar go gcuirfimid dlús faoin obair sin.

"Tá sé curtha de chúram agam ar na hOifigigh Trádála i mo Roinn Grúpa Comhordaithe Trádála a bhunú, ina mbeidh ról ag na Ranna agus na Gníomhaireachtaí go léir a ndéantar ionadaíocht orthu ar an gComhairle Trádála Easpórtála. Tiocfaidh an Grúpa le chéile gach mí agus is é an príomhdhualgas a bheidh air leibhéal feabhsaithe comhordaithe agus comhoibrithe a áirithiú ar fud gach ceann de na Ranna agus na Gníomhaireachtaí a bhíonn ag tabhairt tacaíochta do ghnó na hÉireann thar lear, faoi choimirce na Comhairle. Mar aon le líonra mo Roinne d'Ambasáidí, Consalachtaí agus Consail Oinigh, is iad na Gníomhaireachtaí Stáit geilleagracha atá sa túslíne i dtaobh gnó agus infheistíocht a fháil d'Éirinn thar lear."

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire:

"Ba shubstainteach é plé an lae inniu agus an t-ionchur ó chomhaltaí na Comhairle. D'aithin siad na dúshláin atá os comhair gnólachtaí Éireannacha sa Ríocht Aontaithe i bhfianaise thoradh an reifrinn.

"D'aontaíomar go mbeidh an caidreamh geilleagrach laistigh d'oileán na hÉireann agus idir Éire agus an Bhreatain fós thar a bheith tábhachtach dúinne agus do rath an gheilleagair amach anseo.
"Is léir go n-imreofar tionchar orainn de bharr na socruithe trádála nua a thiocfaidh chun cinn ar deireadh thiar ó chur chun feidhme chinneadh na Breataine an tAontas Eorpach a fhágáil. Ach ní dhéanfaidh siad athrú bunúsach ar an tábhacht a bhaineann le margadh na Ríochta Aontaithe dúinne, ná ar an tábhacht a bhaineann le margadh na hÉireann don Ríocht Aontaithe.

"Léirigh an plé eadrainn freisin go bhfuilimid meáite arís eile ar a theacht le chéile agus muid ag obair as lámha a chéile chun rath na hÉireann sa todhchaí a dhaingniú agus a fheabhsú.

"Tá féinsmacht mór agus solúbthacht mhór léirithe ag Éirinn mar fhreagra ar an ngéarchéim a thosaigh in 2008 agus is maith mar a sheasann ár dtéarnamh linn. Ní mór dúinn an diongbháilteacht agus an tsolúbthacht chéanna sin a léiriú arís anois. Beidh ról tábhachtach ag an gComhairle Trádála Easpórtála maidir leis an gcomhordú ar ár gcomhiarrachtaí i dtaobh a chinntiú gur láidre a bheidh Éire ina cáil mar náisiún trádála de bharr na ndúshlán atá romhainn. Faoi mo chathaoirleacht, táim meáite ar an toradh sin a áirithiú."

CRÍOCH
An Phreasoifig
An 20 Iúil 2016

Nóta d'Eagarthóirí:

Is é an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Charlie Flanagan, TD, atá ina chathaoirleach ar an gComhairle Trádála Easpórtála. Tá an Chomhairle sin ag teacht le chéile go rialta ó 2011, lena n-áirítear le haghaidh comhairliúchán speisialta roimh an reifreann sa Ríocht Aontaithe. Cuimsítear sa Chomhairle Airí sinsearacha atá dírithe ar chúrsaí geilleagracha, ceannairí na ngníomhaireachtaí Stáit a bhíonn ag cur chun cinn na trádála, na turasóireachta, na hinfheistíochta agus an oideachais thar lear le tacaíocht ó líonra na nAmbasáidí, agus comhaltaí ón earnáil phríobháideach.

Tá siad seo a leanas i measc chomhaltaí na Comhairle faoi láthair: an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Charlie Flanagan TD, an tAire Oideachais agus Scileanna, Richard Bruton, TD, an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed, TD, an tAire Post, Fiontar agus Nuálaíochta, Mary Mitchell O'Connor, TD, an tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, Shane Ross TD.

Déantar ionadaíocht ar an gComhairle freisin ar cheannairí na ngníomhaireachtaí Stáit a oibríonn i ndlúthpháirt leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála agus le líonra na nAmbasáidí i dtaobh an trádáil, an turasóireacht, an infheistíocht agus an t-oideachas a chur chun cinn: Fiontraíocht Éireann, GFT Éireann, an Bord Bia, Turasóireacht Éireann agus Fondúireacht Eolaíochta Éireann.

Tá ionadaíocht ag an earnáil phríobháideach ar an gComhairle freisin. I measc na gcomhaltaí tá IBEC agus Cumann Onnmhaireoirí na hÉireann, chomh maith le roinnt daoine gnó a bhfuil cuntas teiste acu sna hearnálacha ábhartha.