Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

An tAire Flanagan ag freastal ar Chruinniú Mullaigh Chomhairle na Breataine agus na hÉireann

Minister Charles Flanagan, Próiseas Síochána Thuaisceart Éireann, An tAontas Eorpach, Preas Ráiteas, An Eoraip, An Bhreatain Mhór, Tuaisceart Éireann, Éireann, 2016

Beidh an tAire Flanagan ag bualadh ar bhonn déthaobhach le James Brokenshire, an Státrúnaí nua do Thuaisceart Éireann

Beidh an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Charlie Flanagan TD, i gcuideachta an Taoisigh Enda Kenny ag an gCruinniú Mullaigh urghnách de chuid Chomhairle na Breataine agus na hÉireann in Caerdydd inniu (Dé hAoine). Ina theannta sin, beidh an tAire Flanagan ag bualadh ar bhonn déthaobhach le James Brokenshire, an Státrúnaí nua do Thuaisceart Éireann.

Ag labhairt dó roimh an gCruinniú Mullaigh, dúirt an tAire Flanagan:

"Is luachmhar an fóram í Comhairle na Breataine agus na hÉireann do na hocht roinn riaracháin atá i gceist i dtaobh ábhair is imní dúinn go léir a phlé, agus ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le Rialtas na Breataine Bige as ucht an Cruinniú Mullaigh urghnách seo a thionól chun plé a dhéanamh faoi na himpleachtaí atá ag cinneadh na Breataine dul amach as an AE. Is iad na príomhábhair chúraim atá ag gach ball den Chomhairle cúrsaí geilleagracha agus trádála, an Comhlimistéar Taistil, stádas ár saoránach agus caidreamh na Ríochta Aontaithe leis an AE amach anseo, agus tá mé ag súil go mór leis an deis seo chun na ceisteanna sin a phlé lenár gcairde agus ár gcomhghleacaithe ó gach cearn de na hoileáin seo.

"Táim ag tnúth chomh maith le bualadh den chéad uair le James Brokenshire, an Státrúnaí nua do Thuaisceart Éireann. Tá sé ráite go soiléir ag an mbeirt againn cheana féin go bhfuilimid beirt tiomanta do Chomhaontú Aoine an Chéasta agus dá chuid institiúidí. Is eol dom go bhfuil sé ina chuspóir ag Rialtas na Breataine, Rialtas na hÉireann agus Feidhmeannas Thuaisceart Éireann an comhaontú bunaidh sin a chosaint agus coinneáil leis an dul chun cinn a rinneadh ina dhiaidh sin i dtaobh síocháin, athmhuintearas agus rathúnas a chothú i dTuaisceart Éireann.

"Beidh plé idir mé féin agus an Státrúnaí freisin maidir le conas is féidir linn dul chun cinn a chothú sa raon saincheisteanna tosaíochta eile a bhaineann le Tuaisceart Éireann, lena n-áirítear cur chun feidhme Chomhaontú Theach Stormont agus an Chomhaontaithe um Thús Nua, agus, go háirithe, dul i ngleic le hoidhreacht an ama atá caite."

CRÍOCH
An Phreasoifig
An 22 Iúil 2016