Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

An tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála ag cur tús lena chuairt ar an Meánoirthear

Minister Charles Flanagan, Preas Ráiteas, An Meánoirthear agus An Afraic Thuaidh, 2016

Inniu (De Luain) cuirfidh an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Charles Flanagan T.D., tús lena chuairt oibre ar an Meánoirthear.

Beidh a chéad choinne in Arda Golan, áit a mbuailfidh sé le trúpaí Éireannacha atá ag fónamh i bhfórsa Breathnóireachta Díscoir na Náisiún Aontaithe (UNDOF). Tabharfaidh sé aitheasc os a gcomhair.
Ag labhairt dó ag tús na cuairte, dúirt an tAire Flanagan:

"Is é seo an dara cuairt a thug mé ar an réigiún ó ghlac mé oifig níos lú ná dhá bhliain ó shin. Léiríonn sé sin an tábhacht a chuireann an Rialtas, an tOireachtas agus muintir na hÉireann le Próiseas Síochána an Mheánoirthir.

"Is cúis bhróid dom inniu bualadh le baill de dhíorma na hÉireann in Arda Golan, díorma ina bhfuil 136 dhuine faoi láthair. Ó chuir Éire trúpaí síochánaíochta i mbun seirbhíse den chéad uair in 1958, tá an tír seo ag gabháil gan staonadh don obair shíochánaíochta leis na Náisiúin Aontaithe. Tá mé bródúil as an misneach, as an tiomantas agus as an ngairmiúlacht atá léirithe ag ár bhFórsaí Cosanta, agus ag ár nGardaí leis, ó bhídís ag fónamh sa Chongó sna 1960í tríd síos go dtí an obair a dhéanann siad in Arda Golan anois.

"Tá ár dtrúpaí ag fónamh anseo in Arda Golan i gcúinsí dúshlánacha ach de bharr iad a bheith anseo tá cion mór á dhéanamh i ndáil leis an gcobhsaíocht a chothú sa réigiún cráite seo, agus tá a gcuid dualgas á gcomhlíonadh anseo acu le scil agus ionracas iontach, mar atá amhlaidh i ngach cearn den domhan ina bhfuil lucht síochánaíochta na hÉireann ag obair.

"Le mo chuairt ar Cheanncheathrú UNDOF i gCampa Ziouani inniu, leagtar béim ar an tiomantas atá ag Rialtas na hÉireann le fada an lá don tsíocháin agus an tslándáil idirnáisiúnta a chur chun cinn trí mheán na síochánaíochta.

"Cé nach bhfuil ionainn ach tír bheag, is cúis bhróid dúinn an teist atá againn sa tsíochánaíocht, agus is gné lárnach í dár mbeartas eachtrach idirnáisiúnta agus dár rannpháirtíocht leis na Náisiúin Aontaithe. Tá meas ar lucht síochánaíochta na hÉireann ar fud an domhain agus fuair lucht síochánaíochta na hÉireann sna Náisiúin Aontaithe moladh ar leith ó Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, Ban Ki-moon, nuair a thug sé cuairt ar Éirinn anuraidh chun a cheiliúradh go raibh Éire ina ball de na Náisiúin Aontaithe le 60 bliain anuas."