Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Labhraíonn an tAire le Seanad Éireann roimh Reifreann Tábhachtach na Ríochta Aontaithe ar an AE

Minister Charles Flanagan, An tAontas Eorpach, Preas Ráiteas, An Eoraip, Éireann, 2016

"Is mian linn go bhfanfadh an Ríocht Aontaithe, cara agus comhpháirtí linn, agus an chomharsa is gaire dúinn, ina ball d'Aontas Eorpach athchóirithe"

Ag labhairt dó le linn díospóireachta sa Seanad inniu (an 22 Meitheamh), leag an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Charles Flanagan TD, amach seasamh an Rialtais ar an oíche roimh lá na vótála i reifreann na Ríochta Aontaithe ar bhallraíocht san Aontas Eorpach.

Dúirt an tAire Flanagan:

"Is mian linn go bhfanfadh an Ríocht Aontaithe, cara agus comhpháirtí linn, agus an chomharsa is gaire dúinn, ina ball d'Aontas Eorpach athchóirithe. Tacaíonn beagnach gach duine sa dá cheann de Thithe an Oireachtais leis an méid sin, cé go n-aithním go bhfuil tuairim éagsúil ag roinnt daoine agus go bhfuil meas agam air sin.

Is maith mar is eol daoibh na cúiseanna is bonn le seasamh an Rialtais – áirítear leo nithe tábhachtacha maidir lenár ngeilleagar, Tuaisceart Éireann, an Comhlimistéar Taistil agus ar ndóigh an tAontas Eorpach féin."

Rinne an tAire Flanagan cur síos ar an obair mhór a rinne an Rialtas agus taidhleoirí agus oifigigh Éireannacha ar an gceist seo ó bheartaigh an Príomh-Aire Cameron in 2013 reifreann a chur ar bun. Ag díriú dó ar chion na hÉireann sa díospóireacht faoi reifreann na Ríochta Aontaithe le roinnt míonna anuas, dúirt an tAire:

"Le linn cuairte a thug mé ar an Ríocht Aontaithe ag tús mhí Aibreáin, thug mé suntas don fhonn a bhí ar an bpobal Éireannach sa cheantar dearcadh na hÉireann a chloisteáil ón Rialtas agus ón Lucht Freasúra. Fágann an taithí atá agam féin ar reifrinn anseo gur thuig mé gur cheist íogair í sin ach go raibh áthas orm ár ndearcadh a thabhairt, dá n-iarrfaí orainn é.

Le trí mhí anuas nó mar sin agus an feachtas foirmiúil ar bun, beidh sé tugtha faoi deara agaibh go bhfuil Rialtas na hÉireann tar éis a pháirt féin a ghlacadh sa díospóireacht ar reifreann na Ríochta Aontaithe – agus an pháirt sin á comhlánú ag rannpháirtíocht ghníomhach na sochaí sibhialta anseo in Éirinn, mhuintir na hÉireann sa Bhreatain agus cheannairí an Lucht Freasúra.

Tuigimid gur le toghthóirí na Ríochta Aontaithe a luíonn an cinneadh ar deireadh thiar, ach rinneamar iarracht dearcadh na hÉireann a chur in iúl, lena n-áirítear trí chlár 14 chuairt ar leibhéal an Rialtais ar an mBreatain Mhór agus ar Thuaisceart Éireann ó thús mhí Aibreáin. I mo cháil mar Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, bhainistigh mé an clár sin ar fud an Rialtais agus mar chuid de thug mé cuairt ar Londain, Béal Feirste, Doire, Learpholl agus Manchain."

Maidir le Tuaisceart Éireann, dúirt an tAire:

"Mar a leag mé béim air le linn mo chuairteanna ar Bhéal Feirste, Doire agus áiteanna eile, toisc gurb í Éire an t-aon Bhallstát amháin de chuid an Aontais Eorpaigh a bhfuil teorainn talún aici leis an Ríocht Aontaithe, bhraith an Rialtas go láidir gur chóir dó ár ndearcadh féin a chur in iúl agus a bheith cinnte go dtuigfí é.

Is Aire mise a dhírigh le fada ar an ngá atá ann tacú leis an gcobhsaíocht pholaitiúil i dTuaisceart Éireann agus í a chothú, agus mar sin is maith mar a thuigim an éifeacht dhiúltach a bheadh ag cinneadh Fágála ar an dul chun cinn atá déanta le fiche bliain anuas."

Mar fhocal scoir ina ráiteas don Seanad, leag an tAire béim air go raibh an Rialtas ullamh don dá thoradh a d'fhéadfadh a bheith ar an reifreann:

"Is é amárach an lá vótála agus, ar ndóigh, is iad toghthóirí na Ríochta Aontaithe a dhéanfaidh an cinneadh deiridh. Tá sé tugtha le fios sna Pobalbhreitheanna go bhféadfadh ceachtar den dá thaobh an lá a thabhairt leo, agus tá an rialtas chomh hullmhaithe agus is féidir é do cheachtar toradh. Cibé cén toradh a bheidh ar an reifreann, déanfaidh an Rialtas a dhícheall leasanna tábhachtacha na hÉireann a chosaint agus a chur chun cinn. Déanfaidh an tOireachtas a chion iomlán, ar ndóigh, san obair thábhachtach sin."

CRÍOCH
An Phreasoifig
An 22 Meitheamh 2016


Nóta d'Eagarthóirí:

Tá an t-eolas is déanaí faoi sheasamh Rialtas na hÉireann ar reifreann na Ríochta Aontaithe ar an Aontas Eorpach ag www.merrionstreet.ie