Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

TravelWise – aip thaistil nua d'fhóin chliste – á sheoladh ag an Aire Flanagan

Éireannaigh Thar Lear, Taisteal, Consalachta, Aire Charles Flanagan, Slándáil, Preas Ráiteas, Éireann, 2016

– Is féidir leo siúd go léir atá ag triall ar Euro 2016 sa Fhrainc an aip a íoslódáil

– Duine ar bith óna dteastóidh cúnamh consalachta thar lear, beidh rochtain láithreach aige nó aici ar an bhfón cliste ar líonra domhanda na Roinne ina bhfuil 80 Ambasáid agus Consalacht

Sheol an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, an tUasal Charlie Flanagan, TravelWise maidin inniu. Aip thaistil shaor in aisce d'fhóin chliste atá i gceist, ar féidir í a íoslódáil ar iOS agus Android.

Ag labhairt dó ag an seoladh, dúirt an tAire Flanagan:

"Tá mé thar a bheith sásta a bheith ag seoladh TravelWise, an aip thaistil shaor in aisce nua d'fhóin chliste atá forbartha ag mo Roinn. Cuideoidh TravelWise le muintir na hÉireann a bheith sábháilte agus an scéala is nuaí a bheith acu agus iad ag taisteal, ina gcónaí nó ag obair thar lear.

"Molaim do gach Éireannach atá ag taisteal thar lear an aip a íoslódáil agus a úsáid. Tá comhairle taistil áisiúil agus eolas consalachta san aip i leith 200 tír ar fud an domhain.

"Is féidir leo siúd go léir atá ag triall ar Euro 2016 sa Fhrainc an aip a íoslódáil agus an Fhrainc a mharcáil mar rogha tíre, ionas go bhfaighidh siad nuashonruithe slándála a bhaineann leis an Fhrainc ó mo Roinnse díreach chuig an bhfón. Is féidir le máithreacha agus aithreacha sa bhaile in Éirinn an rud céanna a dhéanamh.

Do mhuintir na hÉireann atá ag taisteal thar lear – níos mó daoine ná riamh, agus níos mó ná 7 milliún aistear i mbliana – agus go háirithe ina gcás siúd atá ag dul go dtí ceann scríbe ardbhaoil, tá córas rátála slándála ceithre leibhéal san aip i ndáil le gach tír."

Mhínigh an tAire:

"Ba chóir d'úsáideoirí foláirimh shaincheaptha a shocrú chun na nuashonruithe slándála is déanaí a fháil ó mo Roinn i leith na háite a bhfuil a dtriall.

"Duine ar bith óna dteastóidh cúnamh consalachta thar lear, beidh rochtain láithreach aige nó aici ar an bhfón cliste ar líonra domhanda na Roinne ina bhfuil 80 Ambasáid agus Consalacht, agus breis is 90 Consalacht Oinigh.

"Beidh na teagmhálacha éigeandála tábhachtacha sin, chomh maith le hinneachar uile na haipe, fós i do phóca agat agus tú as líne, agus mar sin ní gá go mbeadh táillí fánaíochta ar bith i gceist."

Dúirt an tAire:

"Leis an aip nua fóin chliste seo, leagtar béim ar thiomantas an Rialtais maidir le cur leis na seirbhísí poiblí ar líne. Seo tionscadal a ndearnadh é a threorú agus a dhearadh in Éirinn, agus ina mbaintear leas as gnéithe teicneolaíochta agus slándála ceannródaíocha i dtáirge atá thar a bheith áisiúil agus thar a bheith solúbtha."

Íoslódáil an aip anois ó Shiopa Apple agus ón Siopa Android.

An Phreasoifig
An 10 Meitheamh 2016

 

Nóta d'Eagarthóirí:

  • Tá comhairle taistil agus eolas consalachta i dtaobh 200 tír ar fáil in TravelWise, an aip nua fóin phóca shaor in aisce ón Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála. Cuimsíonn an t-eolas cúrsaí slándála, dlíthe áitiúla, riachtanais iontrála, sláinte agus teagmhálacha éigeandála.
  • Seoltar foláirimh shlándála chuig úsáideoirí na haipe a bhfuil glactha acu le brúfhógraí agus a roghnaigh fógraí a fháil maidir le tír nó tíortha ar leith. Ní sheolfar foláirimh ach amháin má dhéantar athruithe móra ar an stádas slándála foriomlán nó i gcás eachtra ghéarchéime nó éigeandála ar leith.
  • Slí shlán áisiúil is ea an aip chun clárú le hAmbasáid nó Consalacht na hÉireann sa tír ina bhfuil tú. Is seirbhís dheonach ar líne atá i gceist lena spreagtar saoránaigh Éireannacha atá ag taisteal nó ina gcónaí thar lear, go háirithe iad siúd in áiteanna ina bhfuil baol i gceist, chun a gcuid sonraí teagmhála a chlárú leis an Roinn. Má tharlaíonn géarchéim gan choinne, ar nós tubaiste nádúrtha nó corraíl shibhialta, beidh an Roinn in ann dul i dteagmháil as a stuaim féin leis na saoránaigh, a chinntiú go bhfuil siad sábháilte, iad a choinneáil ar an eolas faoi aon athrú ar chúrsaí agus cúnamh a thabhairt nuair is gá.
  • Is í an Roinn a fhaigheann agus a stórálann na sonraí a chuirtear isteach tríd an bhfoirm chlárúcháin agus tá na sonraí sin faoi réir bearta iomlána cosanta sonraí.
  • Forbraíodh an aip i gcomhar le cuideachtaí Éireannacha cuí éagsúla, lena n-áirítear cuideachtaí ardteicneolaíochta agus gnólacht a bhíonn i mbun suirbhéanna ar mhaithe le taighde. Is é Púca a rinne an phríomhobair fhorbartha ar an Aip.
  • Bíonn eolas ar fáil as líne tar éis an aip a íoslódáil ar dtús agus féadfar an t-eolas atá stóráilte a nuashonrú am ar bith. Cinntítear ar an gcaoi sin go mbeidh fáil ag saoránaigh ar eolas tábhachtach faoina gcuid teagmhálaithe gan a bheith ag brath ar nasc sonraí. Méid 4MB atá sa chéad íoslódáil agus tá 11MB sonraí breise stóráilte ar féidir iad a íoslódáil.
  • I measc na n-alt tráthúil tá eolas praiticiúil faoi imeachtaí móra thar lear, Euro 2016 nó na Cluichí Oilimpeacha in Rio, mar shampla.
  • Tá rannóg "Eolas roimh thaisteal" ann ina bhfuil eolas a bhaineann le cineálacha éagsúla taistil agus le cinn scríbe éagsúla. Áirítear leis an méid sin eolas faoi phasanna, eolas faoi árachas taistil agus ról consalachta ár líonra ambasáidí.
  • Uirlis áisiúil is ea an seicliosta "Mo Thuras" chun cabhrú le taistealaithe a chinntiú go bhfuil siad réitithe i gceart le haghaidh an turais atá rompu.