Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

An-imní curtha in iúl ag an Aire Flanagan faoin ionsaí buama a rinneadh in Oirthear Bhéal Feirste

Aire Charles Flanagan, Éire, Slándáil, Próiseas Síochána Thuaisceart Éireann, Preas Ráiteas, Tuaisceart Éireann, 2016

"Tá an-imní orm a chloisteáil faoin ionsaí buama a rinneadh maidin inniu in Oirthear Bhéal Feirste inar gortaíodh oifigeach de chuid Sheirbhís Phríosúin Thuaisceart Éireann. Tá sláinte agus leas an oifigigh a gortaíodh ar m'intinn inniu agus is mian liom gach dea-ghuí a chur in iúl dó féin, dá theaghlach agus dá chomhghleacaithe.

Ní mór cáineadh láidir a dhéanamh ar an ngníomh éadrócaireach cladhartha seo. Ní amháin go raibh sé dírithe ar sheirbhíseach poiblí aonair, ionsaí fánach a bhí ann ar an bpobal go léir atá meáite go daingean ar shochaí shíochánta agus athmhuintearas a bhaint amach i dTuaisceart Éireann."

 

CRÍOCH
An Phreasoifig
An 4 Márta, 2016