Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Ríomhleabhar saor in aisce ‘1916 Portraits and Lives’ á thabhairt ag Éirinn don domhan

Cuimhneacháin, Maoiniú, Cúnamh Éireann, Minister Charles Flanagan, Cultúr, Preas Ráiteas, Éireann, 2016

Inniu d'fhógair an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Charlie Flanagan, bronntanas cuimhneacháin céad bliain atá á thabhairt ag Éirinn don domhan: ríomhchóip den leabhar “1916 Portraits and Lives” de chuid Acadamh Ríoga na hÉireann. Is féidir an leabhar a íoslódáil saor in aisce.

Ag fógairt dó go bhfuil an ríomhleabhar ar fáil mar bhronntanas, dúirt an tAire Flanagan:

"Tá mé thar a bheith sásta an leabhar breá ‘1916 Portraits and Lives’ ó Acadamh Ríoga na hÉireann a chur ar fáil mar ríomhleabhar saor in aisce do mhuintir na hÉireann sa bhaile, do lucht an diaspóra thar lear agus do chairde na hÉireann cibé cén áit a bhfuil siad. Tá an-léargas ar an tréimhse sin le fáil sna beathaisnéisí sa leabhar agus is suaithinseach iad na pictiúir. Dá bhrí sin, is maith mar a oireann sé mar chuimhneachán ar an gcomóradh Éire 2016.”

Bhuaigh an leabhar an gradam "Scoth-Úsáid Léaráidí sa Dearadh" ag Gradaim Dhearaidh na hÉireann 2015, agus cuimsítear ann 42 bheathaisnéis ghearra agus léaráidí bunaidh leis an ealaíontóir David Rooney ag gabháil leo, ina bhfuil cur síos ar na fir agus na mná a raibh tionchar acu ar imeachtaí Éirí Amach na Cásca nó a ndeachaigh an tÉirí Amach i bhfeidhm ar a saol féin. Is féidir é a íoslódáil go dtí an 31 Márta ó www.dfa.ie agus www.ireland.ie/portraits.

Dúirt an tAire Flanagan freisin:

"Beidh Lá Fhéile Pádraig á cheiliúradh ar fud an domhain an tseachtain seo chugainn. Is cúis áthais dom i mbliana, agus comóradh céad bliain Éirí Amach na Cásca á cheiliúradh againn, go bhfuil ar ár gcumas an leabhar seo a chur ar fáil, i gcomhar le hAcadamh Ríoga na hÉireann, mar chuid de Chlár Domhanda agus Diaspóra Éire 2016. Tugaim cuireadh dóibh siúd go léir ar de bhunadh na hÉireann iad nó a bhfuil spéis acu sa tír seo chun taitneamh a bhaint as an leabhar álainn seo, bronntanas ó Éirinn don domhan."

Tá taispeántas atá bunaithe ar an leabhar '1916 Portraits and Lives' ar siúl faoi láthair i Nua-Eabhrac; Buenos Aires; Cape Town; an Róimh agus Canberra le tacaíocht ó líonra Ambasáidí na hÉireann.

CRÍOCH
An Phreasoifig
An 11 Márta 2016

Nótaí d'Eagarthóirí:

• Beidh an leabhar '1916 Portraits and Lives' de chuid Acadamh Ríoga na hÉireann ar fáil mar ríomhleabhar ar féidir é a íoslódáil saor in aisce ón 11 go dtí an 31 Márta le tacaíocht ón Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Éire 2016 agus Oifig na nOibreacha Poiblí.

• Clár bliana is ea Clár Céid Éire 2016, faoi stiúir an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys, TD, faoina bhfuil gníomhaíochtaí ar bun chun comóradh a dhéanamh ar imeachtaí Éirí Amach 1916, chun machnamh a dhéanamh ar an méid atá bainte amach againn le 100 bliain anuas agus chur breathnú amach romhainn ar thodhchaí na hÉireann. Tá sonraí iomlána an chláir ar fáil ag www.ireland.ie. Lean muid ar Facebook agus Twitter @ireland2016 #ireland2016