Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Fáilte á cur ag an Aire Flanagan roimh bhunú an Fheidhmeannais nua i dTuaisceart Éireann inniu

Minister Charles Flanagan, Próiseas Síochána Thuaisceart Éireann, Preas Ráiteas, Tuaisceart Éireann, 2016

Tá fáilte curtha ag an Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Charlie Flanagan TD, roimh bhunú an Fheidhmeannais nua i dTuaisceart Éireann inniu. Ag labhairt dó ó Dhún na nGall, áit ar chuir sé fáilte roimh a Mórgachtaí Ríoga Prionsa na Breataine Bige agus Bandiúc Chorn na Breataine ar chuairt lae, dúirt an tAire Flanagan:

"Cuirim fáilte mhór roimh bhunú an Fheidhmeannais nua i dTuaisceart Éireann inniu agus guím gach rath ar na hAirí nua go léir lena gcuid sainchúraimí nua.

"Is ábhar misnigh é go bhfuil Aire Dlí agus Cirt ceaptha arís i dTuaisceart Éireann leis an vóta trasphobail is gá de chuid an Tionóil. Guím gach rath ar an Aire Sugden sa Roinn Dlí agus Cirt, ar sainchúram é lena mbaineann íogaire ar leith agus freagracht mhór.

"Anois nuair atá an Feidhmeannas nua bunaithe, is tábhachtach an rud é go rachaidh an dá Rialtas agus na páirtithe i dTuaisceart Éireann i gcomhairle le chéile arís gan mhoill chun cur chun feidhme iomlán Chomhaontú Theach Stormont agus an Chomhaontaithe um Thús Nua (Fresh Start) a chur chun cinn.

"I dtaca leis sin, táim ag súil le dul chun cinn mór go luath i leith bhunú na n-institiúidí chun dul i ngleic le hoidhreacht an ama atá caite, i leith aghaidh a thabhairt ar an bparaimíleatachas agus i leith an comhar Thuaidh-Theas a chur chun cinn. Maidir le cur chun cinn an chomhair, fágfaidh an cruinniú Iomlánach atá ag teannadh linn den Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas go mbeidh deis le tapú againn sula i bhfad chun machnamh a dhéanamh faoin obair atá idir lámha agus chun an dul chun cinn a threisiú i réimsí atá chun leasa mhuintir an oileáin seo, idir thuaidh agus theas."

CRÍOCH

An Phreasoifig

An 25 Bealtaine 2016

 

Nótaí d'Eagarthóirí:

Feidhmeannas Thuaisceart Éireann

Oifig an Fheidhmeannais – An Chéad Aire Arlene Foster, an LeasChéad-Aire Martin McGuinness
An tAire Talmhaíochta, Comhshaoil agus Gnóthaí Tuaithe – Michelle McIlveen
Aire na Roinne Pobal – Paul Givan
An tAire um an nGeilleagar – Simon Hamilton
An tAire Oideachais – Peter Weir
An tAire Airgeadais – Máirtín Ó Muilleoir
An tAire Sláinte – Michelle O'Neill
An tAire Bonneagair – Chris Hazzard
An tAire Dlí agus Cirt – Clare Sugden
Airí Sóisearacha in Oifig an Fheidhmeannais – Megan Fearon, Alastair Ross