Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Fáiltíonn an tAire Joe McHugh roimh Ócáid Shaor in Aisce Lá na hAfraice 2016 ag Farmleigh

Cultúr, Preas Ráiteas, An Afraic, 2016

Tá súil leis na mílte daoine ag an gceiliúradh ar an gceangal idir Éire agus an Afraic

Tá fáilte curtha ag an Aire Stáit don Diaspóra agus don Chúnamh Forbartha Thar Lear, Joe McHugh T.D., roimh na himeachtaí a bheidh ar siúl amárach (29.05.16) ag Eastát Farmleigh i bPáirc an Fhionnuisce, Baile Átha Cliath chun Lá na hAfraice 2016 a cheiliúradh.

Táthar ag súil le breis is 20,000 duine ag an imeacht teaghlaigh seo, ag a mbeidh saorchead isteach. Le tacaíocht ó Chúnamh Éireann, beidh sceideal gnóthach ceoil bheo á chur i láthair, chomh maith le siamsaíocht do pháistí, bia, damhsa, drumadóireacht agus spóirt.

Ag labhairt dó roimh an ócáid, dúirt an tAire McHugh:

"Tá súil agam go mbeidh an oiread daoine agus is féidir inár gcuideachta chun Lá na hAfraice a cheiliúradh ag Farmleigh i mbliana.

Is spleodrach an borradh atá tagtha faoin gceangal idir Éire agus an Afraic le blianta beaga anuas. Ar Lá na hAfraice, bíonn an deis againn aird a dhíriú ar na naisc eadrainn, ar dhiaspóra beoga na hAfraice anseo in Éirinn agus ar an gcion a dhéanann siad ar mhaithe le sochaí na hÉireann.

Tá an gealladh faoin ócáid go mbeidh an-lá ag gach duine."

Beidh trí ardán ceoil ann ar a mbeidh grúpaí idirnáisiúnta agus grúpaí Éireannacha, agus ina measc beidh na príomhaíonna, an grúpa Éireannach Kíla, dream a bhfuil cáil orthu ar fud an domhain as ucht a gcuid ceoil tíre/dhomhanda; grúpa ilchultúrtha todhchaíoch na hAfraice Ájo Arkestra; an banna ceoil Feather ón Afraic, ochtar a bhíonn ag gabháil don cheol soul; NC Grey, amhránaí agus cumadóir ceoil soul; agus an Sidiki Dembélé Sextet, comhar idir Sidiki Dembélé, Máistirdhrumadóir Griot ó Côte d'Ivoire agus roinnt de na hionstraimithe Afracacha agus snagcheoil is fearr in Éirinn. Beidh ardán ar leith ann freisin don cheol rap agus hip hap mar aon leis an tríú hardán ceoil, ar a mbeidh ceoltóirí iontacha atá ag teacht chun cinn.

I measc imeachtaí lárnacha Lá na hAfraice i mBaile Átha Cliath beidh basár i stíl na hAfraice amuigh faoin spéir, darb ainm 'Marrakech'. Beidh stallaí ann ó thíortha éagsúla san Afraic ag a mbeidh bia, drumadóireacht, damhsa, déanamh trilseán, péinteáil lámh le hine agus dearaí traidisiúnta faisin ó thíortha éagsúla san Afraic, mar aon lena lán gníomhaíochtaí eile. Chomh maith le grúpaí pobail Afracacha, beidh eagraíochtaí neamhrialtasacha éagsúla a bhíonn ag obair i réimse na forbartha i láthair ag an mbasár agus gníomhaíochtaí spraoi á dtairiscint acu, agus déanfar ionadaíocht ar ambasáidí na hAfraice in Éirinn ag an ócáid freisin.

Beidh limistéar speisialta ann do pháistí, 'Mount Kiddimanjaro', ina mbeidh marcaíocht siamsaíochta, ceardlanna drumadóireachta, sórbáil agus péinteáil aghaidhe. Tá an limistéar sin urraithe ag Ethiopian Airlines.

I measc na ngníomhaíochtaí nua a bheidh ar chlár na bliana seo beidh ceardlanna ina múinfear conas turban agus ceannbheart na hAfraice a chaitheamh; ceardlanna scríbhneoireachta cruthaithí do pháistí; scéalaithe ó Éirinn agus ón Afraic agus léirithe labhartha; agus roinnt preabléirithe speisialta a bheidh ar siúl i rith an lae.

Beidh an fhéile ar siúl idir 11am agus 6pm agus tá fáilte roimh chách. Cuirfidh Bus Átha Cliath seirbhís tointeála bus shaor in aisce ar bun ó stad bus Dhroichead Heuston/Sráid Gheata na Páirce chomh fada le Páirc an Fhionnuisce.

Faigheann imeachtaí Lá na hAfraice in Éirinn tacaíocht ó Chúnamh Éireann sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála. Le haghaidh tuilleadh eolais ar Lá na hAfraice, tabhair cuairt ar: www.africaday.ie.

CRÍOCH
An Phreasoifig
An 28 Bealtaine 2016

Nótaí d'Eagarthóirí: